Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/102

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

go tuisceanach. “An bhliain seo chugainn, b’fhéidir go dtabharfad sciuird anonn anseo anois ó briseadh leac an doichill. Níl ann ach pléisiúr a cuireadh ar atráth.”

“Tá go maith,’ ar Little Chandler, ‘an chéad-uair eile a thiocfair, caithfimid caitheamh oíche le chéile. Tá sé ina mhargadh anois, nach bhfuil?”

“Tá, cinnte,” ar Ignatius Gallaher. “An bhliain seo chugainn, má thagaim, parole d’honneur.”

“Agus mar dhaingniú ar an mhargadh,” ar Little Chandler, “beidh ceann amháin eile againn anois.”

Thóg Ignatius Gallaher uaireadóir mór óir amach a amhairc air.

“An é an ceann deireanach a bheas againn?” ar sé. “Mar, tá coinne agam, ‘bhfuil ‘fhios agat.”

“Ó, cinnte sea,” ar Little Chandler.

“Ceart go leor, mar sin,” ar Ignatius Gallaher, “bíodh ceann eile againn mar deoc an dorais [sic] – sin Gaelic mhaith ar fhuisce beag, creidim.”[1]

D’ordaigh Little Chandler na deochanna. An luisne a las ina ghrua scaitheamh roimhe sin, bhí sí ag fáil an ceann is fearr air. Chuir an rud is lú an luisne ina ghrua ag nóiméad ar bith: agus anois bhí a fhuil lasta tógtha. D’éirigh trí fhuisce beag sa cheann air agus chur todóg láidir Gallaher as dá intinn, óir ba dhuine íogair é a staonadh ón ól agus ón tobac de ghnáth. Ba eachtra í bualadh le Gallaher tar éis achair ocht mbliana, bheith i gcomhluadar Gallaher i dtigh Corless i measc soilse agus fothraim, éisteacht le scéalta Gallaher agus saol seachránach buacach Gallaher a bhlaiseadh ar feadh tamaill big, ba eachtra í a chuir a nádúr íogair as compás. Ba rí-léir dó an chodarsnacht idir a shaolsa agus saol a charad,

  1. That’s good vernacular for a...” atá sa bhunleagan. Usáidtear an litriú ‘Gaelic’ anseo in ionaid ‘Gaeilg’/’Gaedhilg’ nó ‘Gaeilge’ nó ‘Gaelinn’/‘Gaedhealaing’. An t-aon chúis le seo, gurb é seo an litriú is giorra don fhocal Breatnaise ar theanga na ‘Gwyddelod’ (nGael).