Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/109

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

go mbuaileann an fuath ina súile siúd é.

“Ní dada é... thosaigh... sé ag gol... níor fhéadas... ní dhearnas dada... Céard?”

Níor thug sí aird dá laghad air, ach thosaigh ag siúl anonn is anall sa tseomra agus greim docht aici ar an pháiste ina bhaclainn, ag rá ós íseal di: “A fhir bhig, a stóir! A fhirín mo chroí. An raibh eagla ort, a thaisce?... Seo anois, a thaisce! Ná bíodh imní ort!... Lambabaun![1] A uain bhig an tsaoil, a chuid!... seo anois!”

Airíonn Little Chandler lasadh náire ina ghrua agus chúlaigh sé ó sholas an lampa. D’éist le racht ghol an pháiste agus é ag maolú de réir a chéile; agus cruinníonn deora aiféala ina shúile.

  1. is cosúil gur ‘uan bán’ atá i gceist aici – is meascán de Ghaeilic agus de Anglais atá san fhocal muirneach mar sin.