Gormfhlaith

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Gormfhlaith  (1905) 
by Tomás Bán Ua Concheanainn
[page]

Sgéalta Nua-Ḋéanta—VIII.



GORMḞLAIṪ:

INĠEAN ÁRD-RÍOĠ ÉIREANN.


TOMÁS UA CONCEANAINN

DO SGRÍOḂ.



Ar n-a ċur amaċ

do

ĊONNRAḊ NA GAEḊILGE,

I mBaile Áṫa Cliaṫ.


1905


[ 1 ]

GORMḞLAIṪ


INĠEAN ÁRD-RÍOĠ ÉIREANN.

I.

Naoi gcéad agus trí bliaḋna déag tar éis teaċt ár Slánuiġṫeóra ar an talaṁ ḃí Rí annso i nÉirinn darab ainm Flann.

Ḃí sé mar Árd-Ríġ os cionn na hÉireann go léir agus is i bPálás Tlaċtġa i gCondae na Miḋe do coṁnuiḋ sé.

Ins an am soin ṫuiteaḋ an ċóṁarbaċt i ndiaiḋ a ċéile idir Árd-ṫiġ Ríoġaṁail Leaṫ-Ċuinn agus Leaṫ-Ṁoġa, sé sin, nuair ġeoḃaḋ Rí ó’n taoḃ ó ṫuaiḋ bás ṫuiteaḋ an brat, nó an ċoróin ríoġaṁail ar ḋuine do na huaisliḃ ó ḋeas agus sin é fáṫ ar ṫuit an ċoróin i ndiaiḋ Flainn air Niall Ġlúnduḃ—an Rí óg ḃí ar Aileaċ i gCúige Ulaḋ.

Nuair fuair Aṫair Néill (Aoḋ Finnliaṫ) bás ṗós a ṁáṫair Flann. B’í an dara bean a ḃí aige í, agus mar ġeall ar an gcleaṁnas so ḃí báḋ agus muinntireas mór idir an dá Ríġ agus gaċ duine ḃain leób.

[ 2 ]Ní raiḃ ag Flann aċt éin-inġean aṁáin, an ḃan-ḟlaiṫ Gormḟlaiṫ, a ḃí aige le n-a ċéad ṁnaoi.

Cailín áluinn buḋ eaḋ í agus ḃí a cáil ⁊ a clú i ḃfad agus i ngearr le breaġṫaċt ⁊ agus le n-a cuid foġluma.

Ḃí na céadta flaiṫ i dtír na hÉireann a ḃéarfaḋ saiḋḃreas an doṁain go léir as uċt í ḟaġáil le pósaḋ. Nuair ḃí sí ana-óg, ní raiḃ sí ṫar ḃeiṫ ’n-a páiste, ceapaḋ í ṗósaḋ le Ríġ óg na Muṁan, Cormac Mac Cuillionáin. Déanaḋ leaḃar is láṁ eatorṫa. Ċeap Flann go gcaiṫfiḋe an cleaṁnas so ḋéanaṁ pé scéal é, mar ḃí Rí na Muṁan láidir cúṁaċtaċ, agus dá dtiocfaḋ air aon lá go dtaḃarfaḋ sé caḃair agus congnaṁ ḋó ins na caṫaiḃ móra ḃí aige leis na Loċlannaiġ, ḃíoḋ, coṫrom na haimsire sin, ag déanaṁ mórán díoġḃáil ar fuid na tíre agus ag cur criṫeagla ar na daoine ḃí ’n-a gcoṁnuiḋe i n-aice na fairrge, agus go mór-ṁór na cóstaí ó ḋeas ⁊ ar an dtaoḃ ṫiar d’Éirinn agus go deiṁin ṫéidís anois agus arís air fuid na tíre féin.

Ḃí na Loċlannaiġ ag taḃairt a nduḃṡlán [ 3 ]mór le déanaṁ do na hÉireannaiġ an t-am soin ċoṁ maiṫ, agus dob’ éigin do ṗrionnsaí (flaṫa) na tíre coinġeallaċa ⁊ dlúṫ-ċeangal a ḋéanaṁ eatorṫa féin le cosc a ċur ar na Loċlannaiġ.

Agus i dtaoḃ go raiḃ Cúige Muṁan ana-ċúṁaċtaċ ⁊ go raiḃ an oiread dúin ⁊ liosanna agus longṗuirt ann ba ṁaiṫ le Flann—mar ḃí fios aige cé an taoḃ ḋá ċuid aráin a raiḃ an t-im air—é féin a ḋaingniuġaḋ níos láidire agus muinntireas níos fearr a ḋéanam leis an gcoróin.

Ṫagaḋ scéilíní beaga anois agus arís i dtaoḃ an Ríoġ óig go dtí cluasa Ġormḟlaiṫ, scéalta ċuir imniḋe ṁór uirṫi. Ḃí sé i gceist (ḃí daoine a’ ráḋ) go mb’ḟearr leis ḃeiṫ ’n-a ṡagart, ag caiṫeaṁ a ṡaoġail go ciúin réiḋ i Mainistir ag paidreóireaċt, ’ná ḃeiṫ ’n-a Ríġ ċuṁaċtaċ ag déanaṁ dliġe agus ag riaġluġaḋ na tíre, go mbaḋ ṡásta ċaiṫfeaḋ sé a ċuid aimsire i measc a ċuid leaḃra, nó ag cainnt leis na fearaiḃ deáḃóideaċa léiġeanta ḃí ’n-a ḟoċair—na fir a ċuir clú na Muṁan i ḃfad agus i ngearr le na gcuid éirim agus eagnaḋaċt. Níor ṫaiṫin [ 4 ]leis a ṗósaḋ ar ċor ar ḃiṫ agus maraċ (mara mbeaḋ) an ġeallaṁaint tugaḋ d’Inġin Flainn, ċaiṫfeaḋ sé gnóṫaí an tsaoġail i n-áirde, ṫógfaḋ sé an t-órd beannuiġṫe agus ṁairfeaḋ sé ’n-a aonaraċt go bráṫ.

Is iomḋa lá mór fada ḃí Gormḟlaiṫ ag maċtnaṁ léi féin go brónaċ agus go dólásaċ mar ġeall ar na scéalta seo—an ċogarnaoil ḃí ag teaċt go dtí í ó Ċúige Muṁan.

“Ó,” ar sise go brónaċ, “dá mbeaḋ seisean agus mise ’n-ár gclann daoine boċta, ní ḃeaḋ giota do’n obair seo ag cur eadrainn. Ní cuirfiḋe faoi ndeara sinn a ṗósaḋ le ċéile. D’ḟéadfaḋ Cormac ḃeiṫ ’n-a ṡagart ⁊ a ṡaoġal ⁊ a aimsir a ċaiṫeaṁ ins an Mainistir mar ḃaḋ ṁian leis; agus ṫógfaiḋe mise, ní mar ġeall ar ḋiainġliocas na cúirte, aċt ar mo ṡon féin—ar mo ṡon féin aṁáin—mar ġeall ar go raiḃ gean agus gráḋ orm ag an gcroiḋe ṫug práḋainn agus taiṫneaṁ dom.”

Agus leig sí osna óċón aiste, mar ċuiṁniġ sí ar ḃrionglóid a ḃí aici agus an [ 5 ]té ḃí ag siuḃal le n-a taoḃ ins an aisling.

Faoi ḋeireaḋ ċeap an tÁrd-rí go raiḃ sé ag tarraingt ar am pósta ag an Inġin.

Ḃailiġ mórán d’uaisle na hÉireann ċum Tlaċtġa, lé go mbeaḋ féasta mór aca ⁊ go dticfaidís leis an mnaoi óig ar a taisteal ċoṁ fada le Caiseal i gCúige Muṁan, an áit a raiḃ an pósaḋ le déanaṁ. Faoi ċoimriġe agus cuṁdaċ a hAṫar agus sluaġ mór daoine d’imṫiġ leó maidin ḃreaġ Ṡaṁraiḋ go dtí Pálás Ríoġ Ċormac.

Ní facṫas ariaṁ roiṁe plód daoine ċoṁ mór leóḃ, ná fir ⁊ mná ḃí gléasta ċoṁ áluinn leóḃ. Ṡiuḃladar síos tré ṁaċairí breaġṫa na Miḋe, treasna áṫ leaṫan na Life (Áṫ Cliaṫ) síos na bóiṫre ḃí ag lúbaḋ anonn agus anall idir ċnocáin ⁊ móinḟéire míne glasa, agus ṫré ċoillte tiuġa fascaṁla a raiḃ an eilit ṁaol ag siuḃal go líoṁṫa socair orṫa, agus ceól binn na n-éan ag teaċt ċuċa ó ḃarr na ngéag.

Ar ċúl an tsluaġ ḃí na tréaduiḋṫe (maoir) ag taḃairt aire do’n ṗlód ṁór beiṫiḋeaċ ḃí dá dtaḃairt go Caiseal mar ċuid do spré Ġormḟlaiṫ. Ḃí giollaí ag [ 6 ]faire ar na cuaċa óir ⁊ airgid; na muigíní daraċ faoi n-a gcuid fonnsaí agus an méid éadaċ lín ⁊ olna ḃí sí agá ṫaḃairt go dtí teaċ a céile. Ḃíodar go léir go meiḋreaċ ag giorruġaḋ an ḃealaiġ le n-a gcuid aṁráin agus ceóil agus suilt agus gáire. Iad ar fad, idir ḃeag ⁊ ṁór, ísiol ⁊ uasal ar an nós so aċt aonḋuine aṁáin, an ḃean ba ḋeise agus b’áille ḃí san tsluaġ ar fad.

Ní raiḃ sí ag míogaireaċt ná ag gáire mar baḋ ċóir do ċailín óg a ḃeaḋ ag dul faoi ḋéin an ḟir óig ḃí le n-a pósaḋ. I n-ionad a súile ḃeiṫ ag preabaḋ agus ag lonnraḋ mar ṡolus na réaltan, ḃí na deóra tirime—deóra nár ṫuit agus nár ṡil—i n-a súile agus a croiḋe mar ḃeaḋ bró muilinn ’n-a cliaḃ.

Ní ar Ċormac ḃí Gormḟlaiṫ ag smaoineaṁ an lá so. Ḃí sí ag smaoineaṁ agus ag maċtnaṁ ar Niall ar imioll-ḃórdaiḃ Aḃann Doire, ag féaċaint ar na halaíḃ bána ag amusuġaḋ ṫar tí na bplód mór sneaċtaċ; nó ḃíodar ag siuḃal le ċéile tré na coillte, i n-áit a raiḃ na géaga fada leaṫna ag cur díoḃ a nduilleaḃar [ 7 ]óg glas le teas an Earraiġ; nó b’éidir gur ar Loċ Súiliġ ḃíodar ag bádóireaċt, ⁊ gan eagla ná scáṫ ná faiṫċíos orṫa ó’n ngaoiṫ ná ó’n ḃfairrge mar go raiḃ seisean ann le n-a cuṁdaċ.

Ḃí a daoine muintire a baint cainnte ḋi agus ag déanaṁ caismirt eatorṫa féin mar ġeall air ḃáineaċt a héadain agus an buaireaṁ ḃí i n-a súile.

“I n-aġaiḋ a tola tá sí ag dul ċoṁ fada le Cormac,” adeir a mná freastal i gcogar le n-a ċéile. “Ní ḋeaċaiḋ fós ariaṁ cailín toileaṁail sásta faoi ḋéin a fir pósta lé brón ⁊ briseaḋ croiḋe ċoṁ mór.”

“Ní ḟaca sí fós é agus cé an ċaoi a mbeaḋ sí bródaṁail,” adeir duine aca ḃí níḋ ba fad-ḃreaṫnuiġṫe ’ná an ċuid eile.

“B’éidir go ndearnaiḋ a croiḋe roġa ċeana,” ag déanaṁ dearmad air go gcaiṫfiḋ Inġean Ríog pósaḋ a réir gliocas na dúiṫċe. “Tá Cormac ó Ċaiseal cuṁaċtaċ, ’n-a ċaraid nó ’n-a náṁaid, ⁊ tá an tÁrd-rí ag iarraiḋ muinntireas a ḋéanaṁ leis ṫríd an gcleaṁnas so.”

[ 8 ]“Caiṫfiḋ mná toil na Ríoġlan a ḋéanaṁ.”

“Geineaḋ mná, agus mná Ríoġaṁla mar an gcéadna, lé ḃeiṫ uṁal—gaċ níḋ iarrfar orraḃ é ḋéanaṁ gan claṁsán.” Nuair ḃíodar i ḃfoisgeaċt ḋá lá siuḃail do Ċaiseal casaḋ Rí Cormac orraḃ.

Ḃí Flaiṫḃeartaċ, an t-árd-ċoṁairleaċ a ḃí aige, ag marcaiġeaċt ar eaċ le n-a ṫaoḃ ḋeas.

Saiġdiúir agus fear troda mór ḃí i ḃFlaiṫḃeartaċ, ċoṁ maiṫ le ḃeiṫ in’ ḟear stáit.

Nuair ṫángadar i dteannta ċéile, tar éis ḃeannuġaḋ, duḃairt Flaiṫḃeartaċ gur aṫarruiġ Rí Cormac a aigne ⁊ go raiḃ sé socair ’n-a intinn ḃeiṫ ’n-a ṡagart, ⁊ ċuir mar impiḋe agus mar aṫċuinge ar Ġormḟlaiṫ ⁊ ar Flann é scaoileaḋ ó’n ngealltaṁas.

Ṫáinig cúṁaċ feirge ar Flann; ċeap sé gur ṁór an tarcuisne agus an maslaḋ é seo ⁊ ḃeaḋ troid ⁊ marḃaḋ mór ar fad ann ar áit na mbonn, idir an dá ṡluaġ, maraċ gur ṫáinig Gormḟlaiṫ, an ḃean áluinn ṡoineanta ṡuairc anuas de ḋruim [ 9 ]a capaill ⁊ rug sí ar láiṁ ar Ċormac agus duḃairt leis go móḋaṁail maiseaṁail gur ṁaiṫ an roġa rinne sé.

“Rinne sé an roġa a d’órduiġ Dia,” ar sise, “agus tá mise sásta, mar aonduine aṁáin, go ḃfuil sé mar sin. Taḃair ḋom do ḃeannaċt a Ṁacaoiṁ Óig ḋeáġ-ṁóidiġ mar ċoṁarṫa go ḃfuil carṫannas ⁊ síoṫċántaċt eadrainn.” D’iompuiġ sluaġ na Miḋe agus d’imṫiġ leó ó Ċaiseal ar n-ais an bealaċ lúbaċ a ṫángadar go Tlaċtġa ⁊ ḃí iongantas orraḃ ar fad faoi an mbród ⁊ an gáirdeaċas agus an lúṫġáir ḃí ar Ġormḟlaiṫ.

Ḃí brón, diombáḋ ⁊ briseaḋ croiḋe uirṫi ċeana; ḃí a súile ag lonnraḋ mar an ngréin anois, agus iad ag daṁsaḋ mar na réiltíní.


II.

Ní raiḃ sé i ḃfad ’n-a ḋiaiḋ seo nuair ċuir Flann iallaċ (d’ḟiaċaiḃ) ar Ġormḟlaiṫ i n-aġaiḋ a tola Cearḃall mac Muireagáin, Rí Laiġean, a ṗósaḋ.

Fear borb droċ-laḃarṫa ba eaḋ [ 10 ]Cearḃall. Ṫug sé ċúig tiġṫe fiċead mar ḃronntanas pósta ḋo Gormḟlaiṫ. Ḃí an tÁrd-ṗálás i Nás Laiġean agus is ann a ṫug sé Gormḟlaiṫ tar éis í ṗósaḋ.

Ar feaḋ an iomad aimsire roiṁe seo, b’é an Pálás do b’ḟearr ḃí ag Ríġte Laiġean é. Creidim ḋá ḃreaġṫaċt na caisleáin eile, gur ḃain sé seo an barr ḋíoḃ ar fad; ⁊ níor ḃ’éin-iongnaḋ go mb’ḟearr leó an ċuid is mó d’á n-aimsir a ċaiṫeaṁ san bpálás so.

Ḃí goin ag Flann, an t-Árd-Rí do Ċormac, Rí na Muṁan, mar ġeall air nár ṗós sé Gormḟlaiṫ.

Aċt ní raiḃ aon ḟaġáil aige cogaḋ ċur air ⁊ an ġoin seo a ṫaspáint, mar ḃí an tír go léir faoi ṡíoṫċáin, aċt aṁáin boḃtaí beaga troda ḃíoḋ aca leis na Loċlannaiġ i n-aice na fairrge.

Ḃí raṫ ⁊ séan ⁊ biseaċ ⁊ áḋ ar fuid na hÉireann go léir; agus na séipéil agus na mainistreaċa ⁊ na scoileanna a leag na Loċlannaiġ anuas ḃíodar ḋá ndéanaṁ arís agus dá gcur i dtoll a ċéile.

Bí na beanna agus na cloigṫeaċ agá n-árduġaḋ aḃus agus ṫall. Cuireaḋ ar [ 11 ]bun an iomad coláistí árd-léiġinn leis na h-ealaḋnta a ṁúineaḋ.

An talaṁ a dóiġeaḋ agus a loisceaḋ ḃí sé dá ṡaoṫaruġaḋ anois—ḋá ṫreaḃaḋ ⁊ ḋá ḟursaḋ, agus ḃí an toraḋ ċoṁ maiṫ—na séasúir ċoṁ torṫaṁail sin naċ raiḃ an oiread is aonḋuine aṁáin ar ṫalaṁ ġlas na hÉireann a raiḃ ganntan ná easḃaiḋ éin-níḋ air.

Ar feaḋ na haimsire séanṁaire síoṫċánta so rinneaḋ Árd-Easpog do Ċormac; d’éiriġ sé ó ċéim go céim san Eaglais. D’imṫiġ a ċáil amaċ i ḃfad agus i ngearr le filiḋeaċt ⁊ staruiḋeaċt.

Scríoḃ sé leaḃar seanaċais i scríḃinn daṫuiġṫe mar déantaoi ins an aimsir sin, lé go mbeaḋ fios ⁊ eólas ag na macaiḃ-léiġinn a ṫiocfaḋ ’n-a ḋiaiḋ ar ḃríġ focal ⁊ ainmeaċa áiteaċa, agus go ḃféadfaidis a gcuid staidéir a ḋéanaṁ agus a ċur i ḃfeiḋm níḋ b’ḟearr.

Ins an ċaoi seo ċaiṫ Cormac an t-am ḃí aige lé spáráil ó ġnóṫaí na hEaglaise ⁊ ó riaġluġaḋ na Cúige. Mo ḃrón agus mo ċreaċ ċráiḋte, ní fada ṁair an fear deáḃóideaċ foġlumṫa so agus anois inneósaimíd an tsiocair ḃáis ḃí aige.

[ 12 ]Ag Mainistir Eiṁin ḃí sean-ċill a ḃain le Cúige Muṁan i gcoṁnuiḋe.

Is ag Riġte na Cúige ḃí an ċléir a ṫoġaḋ ⁊ a ċeapaḋ le ḃeiṫ ag freastal san séipéal so agus ariaṁ roiṁe níor ceistniġeaḋ a gceart an toġaḋ so ḋéanaṁ go dtí an t-am malluiġṫe so.

Aċt, mo léan! ṫug Flann práinn do'n tséipéal, ċeap sé go raiḃ an oiread do ċeart ⁊ do ṡeilḃ aige féin dó le Cormac ⁊ ċeap Cormac naċ raiḃ ⁊ mar sin ṫosuiġ an t-aiġneas ⁊ ṫáinig an bualaḋ. Ní ḃéarfaḋ aonduine aca suas; buḋ scoirn le ceaċtar aca é ḋéanaḋ agus fuaireadar iad féin i gcóir le dul ag troid.

Ċuaiḋ prionsaí na Muṁan le harm mór síos ó ṫuaiḋ go Bealaċ Ṁuġna[1] agus ċaiṫeadar fúṫa annsoin.

Ṫáinig buaiḋreaḋ mór air an lá roiṁe an ċaṫa ċúns (an ḟaid do) ḃí sé ag fuireaċt le sluaiġte an Árd-Ríoġ ⁊ Ríoġ Laiġean.

Fear ana-ḃeannuiġṫe cráiḃṫeaċ ḃí ann. Fuair sé ḋo ġifte ó Ḋia niḋṫe ḟeiscint roiṁ ré agus nuair ḃí sé ag paidreóireaċt [ 13 ]’n-a ċábán, fuair sé réiṁ-ḟios go ḃfuiġeaḋ sé bás i mbualaḋ an ċaṫa, i láṫair na troda.

Ċuir sé fios ar a ṗríoṁ-ċoṁairleoirí, ⁊ nuair ḃíodar bailiġṫe timċeall air, ċraiṫ sé láiṁ leó agus d’ḟág sé slán aca, ⁊ na deóra ag tuitim ’n-a dtuilte móra le na ġruaḋ. Rinne sé uḋaċt annsoin; ċuaiḋ sé ’un faoisdín agus ġlac sé comaoineaċ ó láṁa an Ab Flaiṫḃeartaċ.

Ḃí an caṫ ag dul i gcoinne na manaċ ó n-a ṫús. Ṫáinig criṫ-eagla ⁊ faitċíos orraḃ agus d’ḟág an iomad aca páirc an ḃuailte ⁊ na taoisiġ ’n-a ndiaiḋ. D’ḟéaċ Cormac agus an Flaiṫḃeartaċ le stad a ċur orraḃ, misneaċ a ċur ionnta aċt ní raiḃ éan-ṁaiṫ ḋóiḃ ann, ḃriseadar ṫríd na línte ’n-a sean-ruiṫ.

“Caṫ ċléire is eaḋ an caṫ so,” ar siad, “cad ċuige ḃfanfaimís ⁊ bás ḟaġáil ar a son?”

Agus go deiṁin ⁊ go dearḃṫa, b’í an ḟírinne ḃí aca, mar b’e Flaiṫḃeartaċ agus na manaiġ ḃí i gcúirt Flann ba ċiontaċ leis an troid seo.

Ḃíodar ag brostuġaḋ ⁊ ag deifriuġaḋ an [ 14 ]ċaṫa ⁊ ag spreagaḋ Flainn le héad ar a ċéile. Agus nuair naċ gcuirfeaḋ Cormac an coṁrac ar an bpointe boise ar Flann, duḃairt Flaiṫḃeartaċ gur ċlaḋaire ḃí ann ⁊ ṫug sé gaċ uile ṁaslaḋ ḋó ní ba ṁeasa ná a ċéile.

Mar ġeall ar ṡaint, ar ċraos, agus ar éad na cléire seo is eaḋ ṫáinig an caṫ brónaċ soin ar maidin Dé Máirt, an seaċtṁaḋ lá déag de Ṁeaḋón Ḟoġṁair san mbliaḋain naoi gcéad agus a hoċt.

Mo ḃrón agus mo ċreaċ! b’é sin lá an áir, b’é an lá dólásaċ fuilteaċ mí-ṫrócaireaċ é. Riġte na hÉireann, uaisle agus tuaṫaiġ na tíre ag troid agus ag marḃaḋ a ċéile mar ġeall ar ċléir éadṁair.

Níor taisbeánaḋ éan-ḟómós do’n ċléir, agus níor spáráileaḋ iad aċt an oiread leis na tuaṫaiġ. Ḃí páirc an ḃuailte líonta suas le daoine gonta ⁊ marḃ, ’na gcárnáin i mullaċ a ċéile, ’n-a sraṫanna mar ḃeaḋ cocaí féir i bpáirc.

Sguab sluaiġte Laiġean Rí Cormac agus a ṡluaġ rompa. Ḃí capall Ċormaic ag léimneaċ ṫar trínse; sciorr sí ar an talaṁ [ 15 ]ḃí reaṁar agus sleaṁain le fuil; ṫuit Cormac agus ṫuit an capall anuas air; briseaḋ a ṁuineál, a láṁ, agus a ḋruim. D’imṫiġ an séideán as, agus ċuaiḋ sé i láṫair an Tiġearna.

Le linn dó tuitim faoi an gcapall ṫáinig saiġdiúirí Flainn agus Ríoġ Laiġean suas leis, agus le teannaḋ uilc agus feirge ṡáṫadar a sleaġċa ṫríd an gcorp, agus ḃaineadar an ceann ó’n dúdán de.

Ṫugadar an ceann go dtí Flann, le go mbeaḋ bród air faoi ḃás a naṁad. Aċt i n-ionad áṫas a ḃeiṫ air is aṁlaiḋ ṫug sé milleán dóiḃ mar ġeall ar ḃeart ċoṁ gránna agus ċoṁ meaṫta ḋéanaṁ. Rug sé ar an gcloigeann naoṁṫa idir a ḋá láiṁ go hurramaċ; ṗóg sé é, ⁊ ṫug sé órduġaḋ do Ṁaonaċ—an tAb cráiḃṫeaċ, deaġṁóideaċ an ceann agus an ċolann do ċur san uaiġ ḃeannuiġṫe. Tugaḋ é le buaiḋreaḋ mór agus briseaḋ croiḋe ċoṁ fada leis an reilig i nDíseart Diarmada.

Goineaḋ Cearḃall, Rí Laiġean, ⁊ tugaḋ ċoṁ fada le n-a ṗálás féin ag Nás é.

Ḃí Gormḟlaiṫ ḋ’á oileaṁaint agus ḋ’á ġiollaiġeaċt, agus ag taḃairt aire ḋó, nó [ 16 ]go raiḃ na luit cneasuiġṫe, agus é beag naċ láidir go leór le siuḃal amaċ.

Aon lá aṁáin ṫosuiġ sé ag cainnt i dtaoḃ an ċaṫa, agus ag déanaṁ gaisce agus áiḋḃéil mar ġeall ar an mí-ċlú ṫaspáin sé do ċorp Ċormaic.

Ġlac Gormḟlaiṫ fearg ’n-a ṫaoḃ so, ⁊ ṫug sí casaoid dó, agus duḃairt leis gur náireaċ scanallaċ an rud dó a leiṫéid do rud a ḋéanaṁ le haon-ċorp, agus go mórṁór le corp an easpuig ḃeannuiġṫe.

Ṫáinig raċt mór feirge ar Ċearḃall ḃorb mar ġeall ar an méid aduḃairt sí leis, agus d’árduiġ sé a ċos, agus ṫug sé builleaḋ ḋi a leag anuas ar an talaṁ í do ṫuairt ós coṁair a ban freastail.

Ní ḟéadfaḋ sí an maslaḋ agus an tarcuisne mór a ṁaiṫeaṁ ḋó, agus d’imṫiġ léi a-ḃaile faoi ċuṁdaċ a haṫar, ag iarraiḋ air sásaṁ ceart iomlán a ḃaint as Cearḃall, an claḋaire fir—mar is dearg-ċlaḋaire agus claḋaire cruṫanta an fear leagfas a láṁ ar a ṁnaoi ṗósta.

D’eitiġ Flann í; níor ṁaiṫ leis Cearḃall a ṫroid, agus d’iarr sé uirri dul a-ḃaile go dtí n-a céile, aċt ní ḋéanfaḋ Gormḟlaiṫ ḃoċt é.

[ 17 ]Ċualaiḋ Niall Glúnduḃ, an rí óg ḃí ar Aileaċ, an maslaḋ tugaḋ di, agus an míċeart rinneaḋ uirri, agus naċ tógfaḋ a haṫair a páirt. Ḃailiġ sé i dteannta a ċéile, gan mórán moille, sluaiġte Ulaḋ, agus aníos le n-a n-arm ċoṁ fada le himioll Ċúige Laiġean le caṫ a ṫaḃairt do Ċearḃall.

Nuair ċualaiḋ Gormḟlaiṫ go raiḃ sé ċum coṁraic a ṫaḃairt do Ċearḃall, ċuir sí teaċtairí ċoṁ fada leis ⁊ ċuir sí mar impiḋe air mar ḟómós di-se gan dul ag troid le Cúige Laiġean, aċt imṫeaċt ar n-ais a-ḃaile. Is ar éigin a ċoinniġ sé seo é gan dul ag troid. Ba ṁian leis í ṫaḃairt faoi ċuṁdaċ ċuṁaċtaċ sluaiġte Ulaḋ. Ní leigfeaḋ sí ḋó an méid seo féin a ḋéanaṁ, agus d’iarr sí arís air é mar aṫċuinge.

Faoi ḋeireaḋ ġéill Niall di ⁊ ċuadar ar n-ais go Cúige Ulaḋ arís.

’N-a ḋiaiḋ seo d’ḟéaċ Gormḟlaiṫ le scaraṁaint dliġeaṁail ḟaġáil ó Ċearḃall ⁊ fuair sí é ó n-a breiṫeaṁain.

D’iarr Niall uirri é ṗósaḋ, aċt ceap sí, siúd is go raiḃ sí scaoilte i n-ainm an [ 18 ]dliġiḋ ó Ċearḃall, nár ṫug sin cead di i láṫair Dé aonduine ṗósaḋ ċoṁ fada is ṁair Cearḃall; ar an aḋḃar sin d’eitiġ sí Niall.

’San mbliaḋain d’ar gcionn marḃaḋ Cearḃall i gcaṫ i n-aġaiḋ na Loċlannaċ i n-aice Ḃaile Áṫa Cliaṫ, agus annsin, nuair naċ raiḃ éan-ċosc ná toirmeasc uirri, ṗós sí Niall

Is gairid, i ndiaiḋ na haimsire seo, go ḃfuair Flann bás, agus ṫuit an ċoróin ar Niall ⁊ ḃí sé mar Árd-ríġ ar Éirinn.

Mara raiḃ Brian Bóroiṁe féin ann, ní raiḃ ariaṁ i nÉirinn rí ba ċuṁaċtaiġe ná b’ḟearr ’ná an flaiṫ tréanṁar so ó Ċúige Ulaḋ.

Is iomḋa caṫ ⁊ troid ġéar ḟuilteaċ ḃí aige leis na Loċlannaiġ, agus is iomḋa am fuair sé buaiḋ ⁊ lonnraċ orra.

Ṫiomáin sé Loċlannaiġ Ḃaile Áṫa Cliaṫ, na Miḋe, ⁊ Ċúige Laiġean ar fad isteaċ mar ṫiomáinfeaḋ maor scata caoraċ isteaċ i gcúinne, i gcaoi naċ ḃféadfaidís imṫeaċt ó Ḃaile Áṫa Cliaṫ ⁊ an límistéar beag taoḃ amuiġ ḋe.

Nuair ḃí sin déanta aige, fuair sé é [ 19 ]féin i gcóir le bruġaḋ eile ṫaḃairt dóiḃ i n-a longṗort láidir féin. Ṫáinig na Loċlannaiġ amaċ i gcoinne Néill ⁊ casaḋ an dá arm, nó sluaġ, ar a ċéile taoḃ amuiġ do’n ċaṫair, agus ṫosnuiġeadar ar ṫroid ⁊ ar ṫroid leó ċoṁ tréan is ṫroid éan-airm ċuaiḋ ar ṗáirc an ḃuailte roiṁe nó ’n-a ḋiaiḋ ariaṁ.

Aċt, fairíor ⁊ fairíor ġéar! ⁊ mo léan ⁊ mo ḃrón ⁊ mo ċreaċ ċráiḋte! fuair na Loċlannaiġ an buaḋ ar ṡluaiġte na hÉireann an lá soin, ⁊ marḃaḋ Niall féin ċoṁ maiṫ leis an ċuid is mó d’á laoċraiḋ.

Tar éis ḃáis Néill[2] ṫuit an brat, a réir dliġe, ar Ḋonnċaḋ, dearḃráṫair Ġormḟlaiṫ, agus is aige ċoṁnuiḋ sí go ḃfuair sí bás, ċúig bliaḋna i ndiaiḋ na haimsire seo.

Aċt ḃí mío-ḟortún eile ag Dia faoi ċoṁair na bainríoġna so.

Ḃí uaigneas agus diombáḋ ⁊ briseaḋ ċroiḋe uirri nuair cailleaḋ a gaolta go léir beagnaċ, ⁊ ins na dánta scríoḃ sí—mar bíoḋ ḟios agaiḃ go raiḃ sí ar an gceann is fearr de ḃan-ḟiliḋiḃ na [ 20 ]hÉireann—mar ḃí mé a’ ráḋ, innseann sí ins na dánta so an buaiḋreaḋ agus an briseaḋ croiḋe ḃí uirri i ndiaiḋ a mic agus i ndiaiḋ Néill. Báṫaḋ an mac i gConndae na Gailliṁe ċúns (an ḟaid do) ḃí sé ann dá oileaṁaint.

I gcuid de na dánta tugann sí ḋúinn cur síos ar an mbeaṫa agus an saoġal sóġṁail ḃí aici le Niall, agus déineann sí comórtas brónaċ idir é féin agus an t-aṫruġaḋ saoġail ḃí aici i ndeireaḋ a laeṫeanta.

Scríoḃ sí an ċuid is mó de na haṁráin seo ċúns ḃí sí ’n-a luiġe ar a leabaiḋ le tinneas. Agus is aisteaċ mar ṫáinig an tinneas sin uirri.

Rinne sí brionglóid aon oiḋċe aṁáin gur ṡeas Niall calma tréanṁar i n-aice ċolḃa na leabṫan, agus ḃí an oiread sin do ríṁéad agus lúṫġáir uirri é d’ḟeicsint gur ṡeas sí suas ins an leabaiḋ; scar sí amaċ a láṁa le breiṫ air, agus é ḟáscaḋ le n-a croiḋe. Agus nuair rinne sí sin, ċorruiġ sé mar ḃeaḋ sé le himṫeaċt as an seomra, agus i sliġe go gcoinneoġaḋ sí aici féin é, ṡín sí amaċ a láṁa le breiṫ [ 21 ]ar a ḟallaing; aċt monuar! ní ar Niall do rug sí aċt ar ṗosta na leabṫan, agus ċuaiḋ sé tré n-a croiḋe.

Ó’n ngortuġaḋ agus ó’n mbrúġaḋ so ṫáiniġ tinneas fada uirri, agus is minic minic ar feaḋ na haimsire sin ḃlais sí do’n ḃfuaċt, do’n ḃoċtaineaċt, agus do ṗianta cruaiḋe géara an ocrais, mar ṫugann sí cunntas air seo i gceann d’á cuid aṁrán caointe.

Agus seo é scéal Ġormḟlaiṫ, inġean Flainn Sionna, an ḃean ḃí geallta do ṫrí riġṫiḃ agus ḃí mar ċéile ag beirt aca. Duine do na mná ba ṁánla agus b’oirḋeirce de ṁná na hÉireann ins an aimsir sin í.

Ḃí sí léiġeanta foġlumṫa banaṁail maiseaṁail.

Bean ar fiú árd-ṁolaḋ agus meas a ṫaḃairt di seaċas éin-ḃean ḃí i nÉirinn le n-a linn, agus ba ċóir do Ċlannaiḃ Gaeḋeal idir ḟearaiḃ agus ṁnáiḃ, ar fuid an doṁain, í ċongḃáil i gcuiṁne ċoṁ fada is ḃeiḋeas uisce ag riṫ agus féar ag fás.

TOMÁS O COINĊEANAINN.

  1. Seo é an áit a dtugtar anois Ballymoon i mBéarla air, i gConndae Cill Dara agus ḋá ṁíle ó Ḃaile mór Ċeaṫarlaċ.
  2. Dia Céadaoin, an seaċtṁaḋ lá déag de ṁí ḋeiriḋ an Ḟoġṁair, 917.