Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

10

Cearḃall. Ṫug sé ċúig tiġṫe fiċead mar ḃronntanas pósta ḋo Gormḟlaiṫ. Ḃí an tÁrd-ṗálás i Nás Laiġean agus is ann a ṫug sé Gormḟlaiṫ tar éis í ṗósaḋ.

Ar feaḋ an iomad aimsire roiṁe seo, b’é an Pálás do b’ḟearr ḃí ag Ríġte Laiġean é. Creidim ḋá ḃreaġṫaċt na caisleáin eile, gur ḃain sé seo an barr ḋíoḃ ar fad; ⁊ níor ḃ’éin-iongnaḋ go mb’ḟearr leó an ċuid is mó d’á n-aimsir a ċaiṫeaṁ san bpálás so.

Ḃí goin ag Flann, an t-Árd-Rí do Ċormac, Rí na Muṁan, mar ġeall air nár ṗós sé Gormḟlaiṫ.

Aċt ní raiḃ aon ḟaġáil aige cogaḋ ċur air ⁊ an ġoin seo a ṫaspáint, mar ḃí an tír go léir faoi ṡíoṫċáin, aċt aṁáin boḃtaí beaga troda ḃíoḋ aca leis na Loċlannaiġ i n-aice na fairrge.

Ḃí raṫ ⁊ séan ⁊ biseaċ ⁊ áḋ ar fuid na hÉireann go léir; agus na séipéil agus na mainistreaċa ⁊ na scoileanna a leag na Loċlannaiġ anuas ḃíodar ḋá ndéanaṁ arís agus dá gcur i dtoll a ċéile.

Bí na beanna agus na cloigṫeaċ agá n-árduġaḋ aḃus agus ṫall. Cuireaḋ ar