Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

16

go raiḃ na luit cneasuiġṫe, agus é beag naċ láidir go leór le siuḃal amaċ.

Aon lá aṁáin ṫosuiġ sé ag cainnt i dtaoḃ an ċaṫa, agus ag déanaṁ gaisce agus áiḋḃéil mar ġeall ar an mí-ċlú ṫaspáin sé do ċorp Ċormaic.

Ġlac Gormḟlaiṫ fearg ’n-a ṫaoḃ so, ⁊ ṫug sí casaoid dó, agus duḃairt leis gur náireaċ scanallaċ an rud dó a leiṫéid do rud a ḋéanaṁ le haon-ċorp, agus go mórṁór le corp an easpuig ḃeannuiġṫe.

Ṫáinig raċt mór feirge ar Ċearḃall ḃorb mar ġeall ar an méid aduḃairt sí leis, agus d’árduiġ sé a ċos, agus ṫug sé builleaḋ ḋi a leag anuas ar an talaṁ í do ṫuairt ós coṁair a ban freastail.

Ní ḟéadfaḋ sí an maslaḋ agus an tarcuisne mór a ṁaiṫeaṁ ḋó, agus d’imṫiġ léi a-ḃaile faoi ċuṁdaċ a haṫar, ag iarraiḋ air sásaṁ ceart iomlán a ḃaint as Cearḃall, an claḋaire fir—mar is dearg-ċlaḋaire agus claḋaire cruṫanta an fear leagfas a láṁ ar a ṁnaoi ṗósta.

D’eitiġ Flann í; níor ṁaiṫ leis Cearḃall a ṫroid, agus d’iarr sé uirri dul a-ḃaile go dtí n-a céile, aċt ní ḋéanfaḋ Gormḟlaiṫ ḃoċt é.