Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

15

ḃí reaṁar agus sleaṁain le fuil; ṫuit Cormac agus ṫuit an capall anuas air; briseaḋ a ṁuineál, a láṁ, agus a ḋruim. D’imṫiġ an séideán as, agus ċuaiḋ sé i láṫair an Tiġearna.

Le linn dó tuitim faoi an gcapall ṫáinig saiġdiúirí Flainn agus Ríoġ Laiġean suas leis, agus le teannaḋ uilc agus feirge ṡáṫadar a sleaġċa ṫríd an gcorp, agus ḃaineadar an ceann ó’n dúdán de.

Ṫugadar an ceann go dtí Flann, le go mbeaḋ bród air faoi ḃás a naṁad. Aċt i n-ionad áṫas a ḃeiṫ air is aṁlaiḋ ṫug sé milleán dóiḃ mar ġeall ar ḃeart ċoṁ gránna agus ċoṁ meaṫta ḋéanaṁ. Rug sé ar an gcloigeann naoṁṫa idir a ḋá láiṁ go hurramaċ; ṗóg sé é, ⁊ ṫug sé órduġaḋ do Ṁaonaċ—an tAb cráiḃṫeaċ, deaġṁóideaċ an ceann agus an ċolann do ċur san uaiġ ḃeannuiġṫe. Tugaḋ é le buaiḋreaḋ mór agus briseaḋ croiḋe ċoṁ fada leis an reilig i nDíseart Diarmada.

Goineaḋ Cearḃall, Rí Laiġean, ⁊ tugaḋ ċoṁ fada le n-a ṗálás féin ag Nás é.

Ḃí Gormḟlaiṫ ḋ’á oileaṁaint agus ḋ’á ġiollaiġeaċt, agus ag taḃairt aire ḋó, nó