Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

18

dliġiḋ ó Ċearḃall, nár ṫug sin cead di i láṫair Dé aonduine ṗósaḋ ċoṁ fada is ṁair Cearḃall; ar an aḋḃar sin d’eitiġ sí Niall.

’San mbliaḋain d’ar gcionn marḃaḋ Cearḃall i gcaṫ i n-aġaiḋ na Loċlannaċ i n-aice Ḃaile Áṫa Cliaṫ, agus annsin, nuair naċ raiḃ éan-ċosc ná toirmeasc uirri, ṗós sí Niall

Is gairid, i ndiaiḋ na haimsire seo, go ḃfuair Flann bás, agus ṫuit an ċoróin ar Niall ⁊ ḃí sé mar Árd-ríġ ar Éirinn.

Mara raiḃ Brian Bóroiṁe féin ann, ní raiḃ ariaṁ i nÉirinn rí ba ċuṁaċtaiġe ná b’ḟearr ’ná an flaiṫ tréanṁar so ó Ċúige Ulaḋ.

Is iomḋa caṫ ⁊ troid ġéar ḟuilteaċ ḃí aige leis na Loċlannaiġ, agus is iomḋa am fuair sé buaiḋ ⁊ lonnraċ orra.

Ṫiomáin sé Loċlannaiġ Ḃaile Áṫa Cliaṫ, na Miḋe, ⁊ Ċúige Laiġean ar fad isteaċ mar ṫiomáinfeaḋ maor scata caoraċ isteaċ i gcúinne, i gcaoi naċ ḃféadfaidís imṫeaċt ó Ḃaile Áṫa Cliaṫ ⁊ an límistéar beag taoḃ amuiġ ḋe.

Nuair ḃí sin déanta aige, fuair sé é