Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

5

té ḃí ag siuḃal le n-a taoḃ ins an aisling.

Faoi ḋeireaḋ ċeap an tÁrd-rí go raiḃ sé ag tarraingt ar am pósta ag an Inġin.

Ḃailiġ mórán d’uaisle na hÉireann ċum Tlaċtġa, lé go mbeaḋ féasta mór aca ⁊ go dticfaidís leis an mnaoi óig ar a taisteal ċoṁ fada le Caiseal i gCúige Muṁan, an áit a raiḃ an pósaḋ le déanaṁ. Faoi ċoimriġe agus cuṁdaċ a hAṫar agus sluaġ mór daoine d’imṫiġ leó maidin ḃreaġ Ṡaṁraiḋ go dtí Pálás Ríoġ Ċormac.

Ní facṫas ariaṁ roiṁe plód daoine ċoṁ mór leóḃ, ná fir ⁊ mná ḃí gléasta ċoṁ áluinn leóḃ. Ṡiuḃladar síos tré ṁaċairí breaġṫa na Miḋe, treasna áṫ leaṫan na Life (Áṫ Cliaṫ) síos na bóiṫre ḃí ag lúbaḋ anonn agus anall idir ċnocáin ⁊ móinḟéire míne glasa, agus ṫré ċoillte tiuġa fascaṁla a raiḃ an eilit ṁaol ag siuḃal go líoṁṫa socair orṫa, agus ceól binn na n-éan ag teaċt ċuċa ó ḃarr na ngéag.

Ar ċúl an tsluaġ ḃí na tréaduiḋṫe (maoir) ag taḃairt aire do’n ṗlód ṁór beiṫiḋeaċ ḃí dá dtaḃairt go Caiseal mar ċuid do spré Ġormḟlaiṫ. Ḃí giollaí ag