Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

4

leis a ṗósaḋ ar ċor ar ḃiṫ agus maraċ (mara mbeaḋ) an ġeallaṁaint tugaḋ d’Inġin Flainn, ċaiṫfeaḋ sé gnóṫaí an tsaoġail i n-áirde, ṫógfaḋ sé an t-órd beannuiġṫe agus ṁairfeaḋ sé ’n-a aonaraċt go bráṫ.

Is iomḋa lá mór fada ḃí Gormḟlaiṫ ag maċtnaṁ léi féin go brónaċ agus go dólásaċ mar ġeall ar na scéalta seo—an ċogarnaoil ḃí ag teaċt go dtí í ó Ċúige Muṁan.

“Ó,” ar sise go brónaċ, “dá mbeaḋ seisean agus mise ’n-ár gclann daoine boċta, ní ḃeaḋ giota do’n obair seo ag cur eadrainn. Ní cuirfiḋe faoi ndeara sinn a ṗósaḋ le ċéile. D’ḟéadfaḋ Cormac ḃeiṫ ’n-a ṡagart ⁊ a ṡaoġal ⁊ a aimsir a ċaiṫeaṁ ins an Mainistir mar ḃaḋ ṁian leis; agus ṫógfaiḋe mise, ní mar ġeall ar ḋiainġliocas na cúirte, aċt ar mo ṡon féin—ar mo ṡon féin aṁáin—mar ġeall ar go raiḃ gean agus gráḋ orm ag an gcroiḋe ṫug práḋainn agus taiṫneaṁ dom.”

Agus leig sí osna óċón aiste, mar ċuiṁniġ sí ar ḃrionglóid a ḃí aici agus an