Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

3

mór le déanaṁ do na hÉireannaiġ an t-am soin ċoṁ maiṫ, agus dob’ éigin do ṗrionnsaí (flaṫa) na tíre coinġeallaċa ⁊ dlúṫ-ċeangal a ḋéanaṁ eatorṫa féin le cosc a ċur ar na Loċlannaiġ.

Agus i dtaoḃ go raiḃ Cúige Muṁan ana-ċúṁaċtaċ ⁊ go raiḃ an oiread dúin ⁊ liosanna agus longṗuirt ann ba ṁaiṫ le Flann—mar ḃí fios aige cé an taoḃ ḋá ċuid aráin a raiḃ an t-im air—é féin a ḋaingniuġaḋ níos láidire agus muinntireas níos fearr a ḋéanam leis an gcoróin.

Ṫagaḋ scéilíní beaga anois agus arís i dtaoḃ an Ríoġ óig go dtí cluasa Ġormḟlaiṫ, scéalta ċuir imniḋe ṁór uirṫi. Ḃí sé i gceist (ḃí daoine a’ ráḋ) go mb’ḟearr leis ḃeiṫ ’n-a ṡagart, ag caiṫeaṁ a ṡaoġail go ciúin réiḋ i Mainistir ag paidreóireaċt, ’ná ḃeiṫ ’n-a Ríġ ċuṁaċtaċ ag déanaṁ dliġe agus ag riaġluġaḋ na tíre, go mbaḋ ṡásta ċaiṫfeaḋ sé a ċuid aimsire i measc a ċuid leaḃra, nó ag cainnt leis na fearaiḃ deáḃóideaċa léiġeanta ḃí ’n-a ḟoċair—na fir a ċuir clú na Muṁan i ḃfad agus i ngearr le na gcuid éirim agus eagnaḋaċt. Níor ṫaiṫin