Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

6

faire ar na cuaċa óir ⁊ airgid; na muigíní daraċ faoi n-a gcuid fonnsaí agus an méid éadaċ lín ⁊ olna ḃí sí agá ṫaḃairt go dtí teaċ a céile. Ḃíodar go léir go meiḋreaċ ag giorruġaḋ an ḃealaiġ le n-a gcuid aṁráin agus ceóil agus suilt agus gáire. Iad ar fad, idir ḃeag ⁊ ṁór, ísiol ⁊ uasal ar an nós so aċt aonḋuine aṁáin, an ḃean ba ḋeise agus b’áille ḃí san tsluaġ ar fad.

Ní raiḃ sí ag míogaireaċt ná ag gáire mar baḋ ċóir do ċailín óg a ḃeaḋ ag dul faoi ḋéin an ḟir óig ḃí le n-a pósaḋ. I n-ionad a súile ḃeiṫ ag preabaḋ agus ag lonnraḋ mar ṡolus na réaltan, ḃí na deóra tirime—deóra nár ṫuit agus nár ṡil—i n-a súile agus a croiḋe mar ḃeaḋ bró muilinn ’n-a cliaḃ.

Ní ar Ċormac ḃí Gormḟlaiṫ ag smaoineaṁ an lá so. Ḃí sí ag smaoineaṁ agus ag maċtnaṁ ar Niall ar imioll-ḃórdaiḃ Aḃann Doire, ag féaċaint ar na halaíḃ bána ag amusuġaḋ ṫar tí na bplód mór sneaċtaċ; nó ḃíodar ag siuḃal le ċéile tré na coillte, i n-áit a raiḃ na géaga fada leaṫna ag cur díoḃ a nduilleaḃar