Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

7

óg glas le teas an Earraiġ; nó b’éidir gur ar Loċ Súiliġ ḃíodar ag bádóireaċt, ⁊ gan eagla ná scáṫ ná faiṫċíos orṫa ó’n ngaoiṫ ná ó’n ḃfairrge mar go raiḃ seisean ann le n-a cuṁdaċ.

Ḃí a daoine muintire a baint cainnte ḋi agus ag déanaṁ caismirt eatorṫa féin mar ġeall air ḃáineaċt a héadain agus an buaireaṁ ḃí i n-a súile.

“I n-aġaiḋ a tola tá sí ag dul ċoṁ fada le Cormac,” adeir a mná freastal i gcogar le n-a ċéile. “Ní ḋeaċaiḋ fós ariaṁ cailín toileaṁail sásta faoi ḋéin a fir pósta lé brón ⁊ briseaḋ croiḋe ċoṁ mór.”

“Ní ḟaca sí fós é agus cé an ċaoi a mbeaḋ sí bródaṁail,” adeir duine aca ḃí níḋ ba fad-ḃreaṫnuiġṫe ’ná an ċuid eile.

“B’éidir go ndearnaiḋ a croiḋe roġa ċeana,” ag déanaṁ dearmad air go gcaiṫfiḋ Inġean Ríog pósaḋ a réir gliocas na dúiṫċe. “Tá Cormac ó Ċaiseal cuṁaċtaċ, ’n-a ċaraid nó ’n-a náṁaid, ⁊ tá an tÁrd-rí ag iarraiḋ muinntireas a ḋéanaṁ leis ṫríd an gcleaṁnas so.”