Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

21

ar a ḟallaing; aċt monuar! ní ar Niall do rug sí aċt ar ṗosta na leabṫan, agus ċuaiḋ sé tré n-a croiḋe.

Ó’n ngortuġaḋ agus ó’n mbrúġaḋ so ṫáiniġ tinneas fada uirri, agus is minic minic ar feaḋ na haimsire sin ḃlais sí do’n ḃfuaċt, do’n ḃoċtaineaċt, agus do ṗianta cruaiḋe géara an ocrais, mar ṫugann sí cunntas air seo i gceann d’á cuid aṁrán caointe.

Agus seo é scéal Ġormḟlaiṫ, inġean Flainn Sionna, an ḃean ḃí geallta do ṫrí riġṫiḃ agus ḃí mar ċéile ag beirt aca. Duine do na mná ba ṁánla agus b’oirḋeirce de ṁná na hÉireann ins an aimsir sin í.

Ḃí sí léiġeanta foġlumṫa banaṁail maiseaṁail.

Bean ar fiú árd-ṁolaḋ agus meas a ṫaḃairt di seaċas éin-ḃean ḃí i nÉirinn le n-a linn, agus ba ċóir do Ċlannaiḃ Gaeḋeal idir ḟearaiḃ agus ṁnáiḃ, ar fuid an doṁain, í ċongḃáil i gcuiṁne ċoṁ fada is ḃeiḋeas uisce ag riṫ agus féar ag fás.

TOMÁS O COINĊEANAINN.