Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

13

’n-a ċábán, fuair sé réiṁ-ḟios go ḃfuiġeaḋ sé bás i mbualaḋ an ċaṫa, i láṫair na troda.

Ċuir sé fios ar a ṗríoṁ-ċoṁairleoirí, ⁊ nuair ḃíodar bailiġṫe timċeall air, ċraiṫ sé láiṁ leó agus d’ḟág sé slán aca, ⁊ na deóra ag tuitim ’n-a dtuilte móra le na ġruaḋ. Rinne sé uḋaċt annsoin; ċuaiḋ sé ’un faoisdín agus ġlac sé comaoineaċ ó láṁa an Ab Flaiṫḃeartaċ.

Ḃí an caṫ ag dul i gcoinne na manaċ ó n-a ṫús. Ṫáinig criṫ-eagla ⁊ faitċíos orraḃ agus d’ḟág an iomad aca páirc an ḃuailte ⁊ na taoisiġ ’n-a ndiaiḋ. D’ḟéaċ Cormac agus an Flaiṫḃeartaċ le stad a ċur orraḃ, misneaċ a ċur ionnta aċt ní raiḃ éan-ṁaiṫ ḋóiḃ ann, ḃriseadar ṫríd na línte ’n-a sean-ruiṫ.

“Caṫ ċléire is eaḋ an caṫ so,” ar siad, “cad ċuige ḃfanfaimís ⁊ bás ḟaġáil ar a son?”

Agus go deiṁin ⁊ go dearḃṫa, b’í an ḟírinne ḃí aca, mar b’e Flaiṫḃeartaċ agus na manaiġ ḃí i gcúirt Flann ba ċiontaċ leis an troid seo.

Ḃíodar ag brostuġaḋ ⁊ ag deifriuġaḋ an