Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

12

Ag Mainistir Eiṁin ḃí sean-ċill a ḃain le Cúige Muṁan i gcoṁnuiḋe.

Is ag Riġte na Cúige ḃí an ċléir a ṫoġaḋ ⁊ a ċeapaḋ le ḃeiṫ ag freastal san séipéal so agus ariaṁ roiṁe níor ceistniġeaḋ a gceart an toġaḋ so ḋéanaṁ go dtí an t-am malluiġṫe so.

Aċt, mo léan! ṫug Flann práinn do'n tséipéal, ċeap sé go raiḃ an oiread do ċeart ⁊ do ṡeilḃ aige féin dó le Cormac ⁊ ċeap Cormac naċ raiḃ ⁊ mar sin ṫosuiġ an t-aiġneas ⁊ ṫáinig an bualaḋ. Ní ḃéarfaḋ aonduine aca suas; buḋ scoirn le ceaċtar aca é ḋéanaḋ agus fuaireadar iad féin i gcóir le dul ag troid.

Ċuaiḋ prionsaí na Muṁan le harm mór síos ó ṫuaiḋ go Bealaċ Ṁuġna[1] agus ċaiṫeadar fúṫa annsoin.

Ṫáinig buaiḋreaḋ mór air an lá roiṁe an ċaṫa ċúns (an ḟaid do) ḃí sé ag fuireaċt le sluaiġte an Árd-Ríoġ ⁊ Ríoġ Laiġean.

Fear ana-ḃeannuiġṫe cráiḃṫeaċ ḃí ann. Fuair sé ḋo ġifte ó Ḋia niḋṫe ḟeiscint roiṁ ré agus nuair ḃí sé ag paidreóireaċt

  1. Seo é an áit a dtugtar anois Ballymoon i mBéarla air, i gConndae Cill Dara agus ḋá ṁíle ó Ḃaile mór Ċeaṫarlaċ.