Page:Gormfhlaith - Ua Concheanainn.djvu/8

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

2

Ní raiḃ ag Flann aċt éin-inġean aṁáin, an ḃan-ḟlaiṫ Gormḟlaiṫ, a ḃí aige le n-a ċéad ṁnaoi.

Cailín áluinn buḋ eaḋ í agus ḃí a cáil ⁊ a clú i ḃfad agus i ngearr le breaġṫaċt ⁊ agus le n-a cuid foġluma.

Ḃí na céadta flaiṫ i dtír na hÉireann a ḃéarfaḋ saiḋḃreas an doṁain go léir as uċt í ḟaġáil le pósaḋ. Nuair ḃí sí ana-óg, ní raiḃ sí ṫar ḃeiṫ ’n-a páiste, ceapaḋ í ṗósaḋ le Ríġ óg na Muṁan, Cormac Mac Cuillionáin. Déanaḋ leaḃar is láṁ eatorṫa. Ċeap Flann go gcaiṫfiḋe an cleaṁnas so ḋéanaṁ pé scéal é, mar ḃí Rí na Muṁan láidir cúṁaċtaċ, agus dá dtiocfaḋ air aon lá go dtaḃarfaḋ sé caḃair agus congnaṁ ḋó ins na caṫaiḃ móra ḃí aige leis na Loċlannaiġ, ḃíoḋ, coṫrom na haimsire sin, ag déanaṁ mórán díoġḃáil ar fuid na tíre agus ag cur criṫeagla ar na daoine ḃí ’n-a gcoṁnuiḋe i n-aice na fairrge, agus go mór-ṁór na cóstaí ó ḋeas ⁊ ar an dtaoḃ ṫiar d’Éirinn agus go deiṁin ṫéidís anois agus arís air fuid na tíre féin.

Ḃí na Loċlannaiġ ag taḃairt a nduḃṡlán