[ 23 ]
NA BÓIṪRE
BÉIḊ cuiṁne i Ros na gCaoraċ go héag ar an oiḋċe ṫug fear Ḃaile Áṫa Cliaṫ an ḟleaḋ dúinn i dteaċ sgoile an Turlaiġ Ḃig. Ní raiḃ d’ainm ná de ṡloinneaḋ againn ar an ḃfear céadna riaṁ aċt fear Ḃaile Áṫa Cliaṫ. ’Sé adeireaḋ Peaitín Ṗáraic linn gur fear sgríoḃṫa páipéir nuaiḋeaċta é. Do léiġeaḋ Peaitín an páipéar Gaeḋilge do ṫagaḋ go dtí an ṁáiġistreás gaċ seaċtṁain, agus is beag niḋ naċ raiḃ ar eolas aige, mar do ḃíoḋ cur síos ar an bpáipéar sin ar imṫeaċtaiḃ an Doṁain Ṫiar agus ar imṫeaċtaiḃ an Doṁain Ṫoir, agus ní ḃíoḋ teora leis an méid feasa do ḃíoḋ ag Peaitín le taḃairt dúinn gaċ Doṁnaċ ag geata an tséipéil. Adeireaḋ sé linn go raiḃ an-ċuimse airgid ag fear Ḃaile Áṫa Cliaṫ, mar go raiḃ ḋá ċéad punnt sa mbliaḋain ag dul dó as uċt an páipéar sin do sgríoḃaḋ gaċ uile ṡeaċtṁain.
[ 24 ]Ṫugaḋ fear Ḃaile Áṫa Cliaṫ cuairt coicṫiġise nó míosa ar an Turlaċ gaċ bliaḋain. An ḃliaḋain áiriṫe so do ċuir sé gairm sgoile amaċ ag glaoḋaċ boċt agus noċt ċum fleiḋe agus féasta do ḃí sé do ċomóraḋ ḋúinn i dteaċ na sgoile. D’ḟógair sé go mbeaḋ ceol agus daṁsa agus óráideaċa Gaeḋilge ann; go mbeaḋ píobaire ann ó’n gCeaṫraṁaḋ Ruaḋ; go mbeaḋ Bríġid Ní Mainín ann ċum “Conntae Ṁuiġeo” do ṫaḃairt uaiṫi; go n-innseoċaḋ Máirtín Iasgaire sgéal Fiannaiḋeaċta; go n-aiṫriseoċaḋ sean-Úna Ní Ġriallġais dán muna mbeaḋ piaċán ar an gcréatúir; agus go ndéanfaḋ Marcuisín Ṁíċíl Ruaiḋ dreas daṁsa muna mbeaḋ na sgoilteaċa go ró-ḋona air. Níorḃ’ eol d’éinne na sgoilteaċa do ḃeiṫ ar Ṁarcuisín riaṁ aċt nuair do harrtaoi air daṁsa do ḋéanaṁ. “Bedam but tá mé marḃ ag na sgoilteaċaiḃ le seaċtṁain,” adeireaḋ sé i gcoṁnaiḋe nuair do luaḋfaiḋe daṁsa. Aċt ní túisge do ṫosnuiġeaḋ an píobaire ar “Tatther Jack Walsh” ioná do ċaiṫeaḋ Marcuisín a ċáibín san aer, “hup!” adeireaḋ sé, agus do fágtaoi an t-urlár faoi.
Do ḃí coṁluadar Ċóil Laḃráis ag ól tae tráṫnóna na fleiḋe.
“An raċamuid ag teaċ na sgoile anoċt, a ḋeaide?” arsa Cuimín Ċóil le n-a aṫair.
[ 25 ]“Gaḃfaiḋ. Duḃairt an tAṫair Rónán go mbaḋ ṁaiṫ leis an pobal uilig a ḋul ann.”
“Naċ againn ḃéas an spraoiḋ!” arsa Cuimín.
“Fanfaiḋ tusa sa mbaile, a Nóra,” adeir an ṁáṫair, “le aire a ṫaḃairt do’n ṗáiste.”
Do ċuir Nóra pus uirṫi féin aċt níor laḃair sí.
Tar éis tae do ċuaiḋ Cól agus a ḃean siar sa seomra le hiad féin do ġléasaḋ ċum bóṫair.
“Mo léan naċ gasúr fir a rinne Dia ḋíom,” adeir Nóra le n-a ḋearḃráṫair.
“Muise, ’tuige?” arsa Cuimín.
“’Ċuile ċuige níos fearr ’ná a ċéile,” arsa Nóra. Leis sin ṫug sí bosóg ḃeag do’n leanḃ do ḃí idir ḃeiṫ ina ċodlaḋ is ina ḋúiseaċt sa gcliaḃán. Do ċuir an leanḃ béic as.
“Ara, éist leis an bpáiste,” arsa Cuimín. “Má ċloiseann mo ṁáṫair ag béciġil é, bainfiḋ sí an ċluas díot.”
“Is cuma liom má ḃaineann sí an dá ċluais díom,” arsa Nóra.
“Céard tá ort?” Do ḃí Cuimín ag á niġe féin agus do stad sé agus d’aṁarc anonn ṫar ġualainn ar a ḋeirḃṡiúir, agus an t-uisge ag sileaḋ le n-a éadan.
“Tuirseaċ de ḃeiṫ im’ asailín ag mo ṁáṫair agus ag ’ċuile ḋuine atáim,” arsa Nóra. “Ag [ 26 ]so. ‘Fanfaiḋ tusa sa mbaile a Nóra, le aire a ṫaḃairt do’n ṗáiste,’ adeir mo ṁáṫair. Sin í an ċaoi i gcoṁnaiḋe. Is truaġ naċ gasúr fir a rinne Dia ḋíom.”
Do ḃí Cuimín ag tiormuġaḋ a éadain fá’n am sin, agus “s-s-s-s-s” ar bun aige ar nós duine do ḃeaḋ ag deasuġaḋ capaill.
“Is truaġ, ’d eile,” ar seisean nuair d’ḟéad sé laḃairt.
Do ċaiṫ sé uaiḋ an tuḃáille, do ċuir a ċeann ar leaṫ-taoiḃ, agus d’ḟéaċ go sásta air féin san sgáṫán do ḃí ar croċaḋ ar an mballa.
“Sgoilt a ḋéanaṁ im’ ċuid gruaige anois,” ar seisean, “agus béiḋ mé ar ḟeaḃas.”
“Ḃfuil tú réiḋ, a Ċuimín?” adeir a aṫair ag teaċt aniar as an seomra.
“Táim.”
“Béimid ag bogaḋ linn.”
Ṫáinig an ṁáṫair aniar.
“Má ḃíonn sé súd ag caoineaċán, a Nóra,” ar sise “taḃair deoċ ḃainne ḋó as an mbuidéal.”
Ní duḃairt Nóra focal. D’ḟan sí ina suiḋe ar an suiḋistín n-aice an ċliaḃáin agus a smig leagṫa ar a ḋá láiṁ agus a ḋá huilinn leagṫa [ 27 ]ar a glúnaiḃ. Do ċuala sí a haṫair agus a máṫair agus Cuimín ag dul amaċ an doras agus treasna na sráide; d’aiṫin sí ar a nglórṫaiḃ go raḃadar ag dul síos an bóiṫrín. Do ċuaiḋ na glórṫa i n-éag agus do ṫuig sí go raḃadar tar éis an bóṫar do ṫaḃairt dóiḃ féin.
Do ġaḃ Nóra ag cumaḋ pictiúirí bréige ina haigne. Do ċonnaic sí, dar léiṫi, an bóṫar breaġ réiḋ agus é geal fá ṡolus gealaiġe. Do ḃí na daoine ina mion-sgataíḃ ag déanaṁ ar ṫeaċ na sgoile. Do ḃí muinntir Ros na gCaoraċ ag teaċt amaċ an bóṫar, agus muinntir Ġairḃṫeanaċ ag triall ṫart le teaċ na máiġistreása, agus muinntir Ċill Ḃriocáin ag bailiuġaḋ anuas an cnocán, agus muinntir an Turlaiġ Ḃig cruinniġṫe ċeana; do ḃí dream ó’n Turlaċ agus corr-sgata ó Ġleann Ċaṫa, agus duine nó beirt as Inḃear ag teaċt isteaċ an bóṫar. Do saṁluiġeaḋ di go raiḃ a muinntir féin ag geata na sgoile anois. Do ḃíodar ag dul suas an casán. Do ḃíodar ag beannuġaḋ isteaċ an doras. Do ḃí teaċ na sgoile beag naċ lán, agus gan deireaḋ le teaċt na ndaoine fós. Do ḃí lampaí croċta ar na ballaíḃ agus an teaċ ċoṁ geal is do ḃeaḋ i lár an lae. Do ḃí an tAṫair Rónán annsin agus é ag dul ó ḋuine go duine agus ag cur fáilte roiṁ gaċ éinne. Do ḃí fear Ḃaile Áṫa Cliaṫ ann agus é go láġaċ mar baḋ dual dó. [ 28 ]Do ḃí an ṁáiġistreás ann agus máiġistir agus máiġistreás an Ġuirt Ṁóir agus bean na lásaí. Do ḃí gearrċailí na sgoile ina suiḋe le ċéile ar na suiḋeaċánaiḃ tosaiġ. Naċ raḃadar le aṁrán do ráḋ? Do ċonnaic sí, dar léiṫi, Máire Ṡeaġáin Ṁóir, agus Máire Ṗeaitín Johnny, agus Baibín Ċóil Ṁarcuis, agus Bríġid an Ḃádora agus a cloigeann ruaḋ uirṫi, agus Bríġid Ċáitín Ní Fiannaċta, agus a béal osgailte aici mar ba ġnáṫaċ léiṫi. Do ḃí na gearrċailí ag féaċaint ṫart agus ag taḃairt uilinn dá ċéile agus ag fiafruiġe dá ċéile cá raiḃ Nóra Ċóil Laḃráis. Do ḃí teaċ na sgoile lán go doras anois. Do ḃí an tAṫair Rónán ag bualaḋ a ḋá ḃos le ċéile. Do ḃíṫeas ag stad de’n ċainnt agus de’n ċogarnaċ. Do ḃí an tAṫair Rónán ag laḃairt leo. Do ḃí sé ag laḃairt go greannṁar. Do ḃí gaċ éinne ag gáiriḋe. Do ḃí sé ag glaoḋaċ ar gearrċailíḃ na sgoile ċum an aṁráin do ṫaḃairt uaṫa. Do ḃíodar súd ag éirġe ina seasaṁ agus ag siuḃal go dtí ceann an tseomra agus ag uṁluġaḋ do’n ṗobal.
“Mo léan gan mé ann,” arsa Nóra ḃoċt léiṫi féin, agus do leag a héadan ar a bosaiḃ agus do ṫosnuiġ ag gol.
Do stad sí de’n ġol go hobann. Do ċroċ sí a ceann agus do ċumil bos dá súiliḃ.
[ 29 ]Ní raiḃ sé ceart, ar sise ina haigne féin. Ní raiḃ sé ceart, cóir, ná feileaṁnaċ. Cad ċuige ar coingḃiġeaḋ sa mbaile í? Cad ċuige a gcoingḃigtí sa mbaile i gcoṁnaiḋe í? Dá mbaḋ gasúr fir í do leigfiḋe amaċ í. Ó naċ raiḃ innti aċt gasúr mná do coingḃiġtí sa mbaile í. Ní raiḃ innti, mar aduḃairt sí le Cuimín an tráṫnóna sin, aċt asailín beag gearrċaile. Ní ċuirfeaḋ sí suas leis a ṫuilleaḋ. Do ḃeaḋ cead a cinn aici. Do ḃeaḋ sí ċoṁ saor le gasúr fir ar biṫ dá dtáinig nó dá dtiocfaḋ. Ba ṁinic roiṁe sin do ċuiṁniġ sí ar ġníoṁ. Do ḋéanfaḋ sí an gníoṁ sin anoċt.
Ba ṁinic do ṡíl Nóra go mbaḋ ḃreaġ an saoġal ḃeiṫ ag imṫeaċt roimpi ina seaḃac siuḃail gan beann aici ar ḋuine ar biṫ. Bóiṫre na hÉireann roimpi agus a haġaiḋ orṫa; cúl a cinn leis an mbaile agus le cruaḋtain agus le crostaċt a muinntire. Í ag siuḃal ó ḃaile go baile agus ó ġleann go gleann. An bóṫar breaġ réiḋ roimpi, glasraḋ ar gaċ taoiḃ de, tiġṫe beaga cluṫṁara ar ṡleasaiḃ na gcnocán. Dá n-éireoċaḋ sí tuirseaċ d’ḟéadfaḋ sí síneaḋ siar cois ċlaiḋe, nó d’ḟéadfaḋ sí dul isteaċ i dteaċ éigin agus deoċ ḃainne agus suiḋe cois teine d’iarraiḋ ar ṁnaoi an tiġe. Codlaḋ na hoiḋċe do ḋéanaṁ i gcoill éigin fá sgáṫ crann, [ 30 ]agus éirġe i moċ na maidne agus síneaḋ roimpi arís fá’n aer úr-aoiḃinn. Dá dteastóċaḋ biaḋ uaiṫi (agus is dóċa go dteastóċaḋ) do ḋéanfaḋ sí obair lae annso agus obair lae annsúd, agus do ḃeaḋ sí lán-tsásta dá ḃfuiġeaḋ sí cupán tae agus blúire aráin i ndíolaiḋeaċt a hoibre. Nár ḃreaġ an saoġal é sin seaċ is ḃeiṫ ina hasailín beag gearrċaile sa mbaile ag beaṫuġaḋ na gcearc agus ag taḃairt aire do’n naoiḋeanán!
Ní ina cailín d’imṫeoċaḋ sí roimpi aċt ina malraċ. Ní ḃeaḋ a ḟios ag duine ar biṫ naċ malraċ do ḃeaḋ innti. Nuair do ġearrfaḋ sí a cuid gruaige agus culaiḋ ḃáiníní le Cuimín do ċur uirṫi féin cia d’aiṫneoċaḋ gur gearrċaile í?
Ba ṁinic do ċeap Nóra an ċoṁairle sin di féin, aċt níor leig an faitċíos riaṁ di a cur i ngníoṁ. Ní raiḃ faġáil ċeart aici riaṁ air. Do ḃíoḋ a máṫair sa teaċ i gcoṁnaiṫe agus ní túisge do ḃeaḋ sí imṫiġṫe ioná do haireoċaiḋe ar iarraiḋ í. Aċt do ḃí faġáil aici anois. Ní ḃeaḋ éinne aca ṫar ais sa teaċ go ceann uaire a’ ċluig ar a laiġead. Do ḃeaḋ neart ama aici ċum a cuid éadaiġ d’aṫruġaḋ agus imṫeaċt i gan ḟios do’n tsaoġal. Ní casfaiḋe éinne uirṫi ar an mbóṫar ó ḃí an pobal uile cruinniġṫe i dteaċ na sgoile. Do ḃeaḋ am aici dul ċoṁ [ 31 ]fada le hEileaḃraċ anoċt agus codlaḋ do ḋéanaṁ sa gcoill. D’éireoċaḋ sí go moċ maidin lá ar n-a ḃáraċ agus do ḃuailfeaḋ bóṫar sul do ḃeaḋ éinne ina ṡuiḋe.
Do ṗreab sí de’n suiḋistín. Do ḃí siosúr i ndrár an drisiúir. Níorḃ’ ḟada go raiḃ sí i ngreim sa siosúr agus snip sneap! do ġearr sí ḋi a cúl gruaige, agus an cluibe do ḃí ar a malainn, agus gaċ dual fáinneaċ dá raiḃ uirṫi i n-aon ionnsaiḋe aṁáin. Do ḋearc sí uirṫi féin sa sgáṫán. A inġean ó! naċ maol lom d’ḟéaċ sí! Do ḃailiġ sí na fáinní gruaige de’n urlár agus do ċuir i ḃfolaċ i sean-ḃosga iad. Anonn léiṫi annsin go dtí an áit a raiḃ culaiḋ ġlan ḃáiníní le Cuimín ar croċaḋ ar ṫairnge. Síos léiṫi ar a glúnaiḃ ag cuardaċ léine le. Cuimín do ḃí i ndrár íoċtair an drisiúir. Do ċaiṫ sí an méid sin éadaiġ ar an urlár i n-aice na teine.
So anois í ag baint di a cuid éadaiġ féin go deifreaċ. Do ċaiṫ sí a gúna agus a cóitín beag agus a léine isteaċ i gcoṁrainn do ḃí fá’n mbord. Do ċuir sí léine Ċuimín uirṫi féin. Do ṡáiṫ sí a cosa isteaċ sa mbríste agus do ṫarraing aníos uirṫi féin é. Do ċuiṁniġ sí annsin naċ raiḃ gealas ná crios aici. B’éigin di crios do ḋéanaṁ as sean-ṗíosa córda. Do ċuir sí an [ 32 ]ċasóg uirṫi féin. D’ḟéaċ sí sa sgáṫán agus do ġeit sí. Is aṁlaiḋ do ṡíl sí go raiḃ Cuimín os a coṁair! D’ḟéaċ sí ṫar a gualainn aċt ní ḟaca sí éinne. Is annsin do ċuiṁniġ sí gurab í féin do ḃí ag féaċaint uirṫi féin, agus do rinne sí gáire. Aċt má rinne féin do ḃí sí beagán sgannruiġṫe. Dá mbeaḋ caipín aici anois do ḃí sí réiḋ ċum bóṫair. ’Seaḋ, do ḃí a ḟios aici cá raiḃ sean-ċaipín le Cuimín. Do fuair sí é agus do ċuir ar a ceann é. Slán beo anois leis an sean-tsaoġal agus céad fáilte roiṁ an saoġal nua!
Nuair do ḃí sí ag an doras d’ionntuiġ sé ar ais agus do ṫéaluiġ anonn go dtí an cliaḃán. Do ḃí an leanḃ ina ṡáṁ-ċodlaḋ. Do ċrom sí agus ṫug póg do’n naoiḋeanán, póigín beag éadtrom isteaċ ar a ṁalainn. Do ṫéaluiġ sí ar ḃarraiḃ a cos go dtí an doras, d’osgail go ciúin é, do ċuaiḋ amaċ ar an tsráid, agus do ḋún an doras go socair ina ḋiaiḋ. Treasna na sráide léiṫi, agus síos an bóiṫrín. Ba ġearr go dtug sí an bóṫar di féin. Do lasg léiṫi annsin fá ḋéin an Turlaiġ Ḃig.
Ba ġairid go ḃfaca sí teaċ na sgoile ar ṫaoiḃ an ḃóṫair. Do ḃí solus breaġ ag sgallaḋ trí na fuinneogaiḃ. Do ċuala sí torann mar do ḃeiṫí ag gáiriḋe agus ag bualaḋ bos istiġ. [ 33 ]Anonn ṫar claiḋe léiṫi agus suas casán na sgoile. Do ċuaiḋ sí ṫart go dtí tóin an tiġe. Do ḃí na fuinneoga árd go maiṫ aċt d’éiriġ léiṫi í féin d’árduġaḋ suas go raiḃ raḋarc aici ar a raiḃ ar siuḃal taoḃ istiġ. Do ḃí an tAṫair Rónán ag laḃairt. Do stad sé, agus a Ṫiġearna! do ṫosnuiġ na daoine ag éirġe ina seasaṁ. Ba léir go raiḃ an siamsa ṫart agus go raḃṫas ċum sgaraṁna le dul a ḃaile. Céard do ḋéanfaḋ sí dá ḃfeicfiḋe í?
Do ċaiṫ sí léim ó’n ḃfuinneoig. Do sgiorr a cos uaiṫi ag teaċt anuas ar an talaṁ di agus do baineaḋ leagan aisti. Is beag nár sgread sí os árd, aċt do ċuiṁniġ sí uirṫi féin i n-am. Do ḃí a glún beagán gortuiġṫe, do ṡíl sí. Do ḃí na daoine amaċ ar ṡráid na sgoile faoi sin. Do ċaiṫfeaḋ sí fanaċt i ḃfolaċ go mbeidís ar fad imṫiġṫe. Do ḋruid sí isteaċ leis an mballa ċoṁ dlúṫ agus d’ḟéad sí. Do ċuala sí na daoine ag cainnt agus ag gáiriḋe, agus d’aiṫin sí go raḃadar ag sgaipeaḋ i ndiaiḋ a ċéile.
Céard é sin? Glórṫa daoine ag teaċt ċuici; fuaim coiscéim ar an gcasán ina haice! Is annsin do ċuiṁniġ sí go raiḃ aiṫgiorra ṫart le cúl an tiġe agus go mbeaḋ roinnt daoine ag dul an t-aiṫgiorra. B’ḟéidir go mbeaḋ a muinntir féin ag dul an bealaċ sin, mar do ḃí [ 34 ]sé beagán níos giorra ioná ṫart le bóṫar. Ṫáinig sgata beag ċuici: d’aiṫniġ sí ar a nglórṫaiḃ gurab iad muinntir Ṗeaitín Johnny iad. Do ċuadar ṫart. Sgata beag eile: muinntir an Ḃádóra. Ṫángadar ċoṁ gar sin di gur ṡatail Éamonn ar a coisín ḃuiċt noċtuiġṫe. Is beag nár leig sí sgread aisti an dara huair, aċt ní ḋearna aċt í féin do ḃrúġaḋ níos goire do’n ḃalla. Do ḃí sgata eile i leiṫ: a Ḋia ṁóir, a muinntir féin! Do ḃí Cuimín ag ráḋ, “Nárḃ’ iongantaċ an spóirt Marcuisín ag daṁsaḋ!” Do ċuimil gúna a máṫar le leacain Nóra ag dul ṫart dóiḃ: níor ṫarraing sí a hanál ar feaḋ an ama sin. Do ċuaiḋ dream nó ḋó eile ṫart. D’éist sí ar feaḋ tamaill. Ní raiḃ éinne eile ag teaċt. Is aṁlaiḋ do ḃíodar ar fad imṫiġṫe, aduḃairt sí léiṫi féin. Amaċ léiṫi as a hionad folaiġ agus do lasg léiṫi ṫart an casán. Plimp! Do riṫ sí i n-aġaiḋ duine éigin. Do ḃí ḋá láiṁ ṁóra timċeall uirṫi. Do ċuala sí glór fir. D’aiṫniġ sí an glór. An sagart do ḃí ann!
“Cia tá agam?” adeir an tAṫair Rónán.
D’innis sí bréag. Céard eile do ḃí le n-a innsint aici?
“Cuimín Ċóil Laḃráis, a Aṫair,” ar sise.
Do leag sé láṁ ar gaċ gualainn léiṫi agus [ 35 ]d’ḟéaċ síos uirṫi. Do ḃí an ceann cromṫa aici.
“Ṡíl mé gur imṫiġ tú a ḃaile led’ aṫair agus led’ ṁáṫair,” ar seisean.
“D’imṫiġ, a Aṫair, aċt ċaill mé mo ċaipín agus ṫáinig mé ar ais ḋá iarraiḋ.”
“Naċ ḃfuil do ċaipín ar do ċeann?”
“Fuair mé ar an gcasán é.”
“Naċ ḃfuil t’aṫair agus do ṁáṫair imṫiġṫe an t-aiṫgiorra?”
“Tá, a Aṫair, aċt tá mise ag dul an bóṫar ionnus go mbíḋ mé leis na gasúir eile.”
“Gread leat, mar sin, nó ḃéarfaiḋ na taiḋḃsí ort.” Leis sin do leig an tAṫair Rónán uaiḋ í.
“Go dtugaiḋ Dia oiḋċe ṁaiṫ ḋuit, a Aṫair,” ar sise. Níor ċuiṁniġ sí ar a caipín do ḃaint di aċt is aṁlaiḋ d’uṁluiġ sí do’n tsagart ar nós cailín! Má ṫug an sagart an méid sin fá deara ní raiḃ am aige focal do ráḋ, mar do ḃí sí imṫiġṫe ar iompóḋ do ḃoise.
Do ḃí a ḋá gruaiḋ ar dearg-lasaḋ le náire agus í ag taḃairt aiġṫe ar an mbóṫar. Do ḃí sí tar éis ceiṫre bréaga móra do ḋéanaṁ leis an sagart! Do b’eagal léiṫi gur peacaḋ uaṫḃásaċ ar a hanam na bréaga sin. Do ḃí faitċíos uirṫi ag dul an ḃóṫair uaigniġ úd fá ḋorċadas na hoiḋċe agus an t-ualaċ sin ar a croiḋe.
[ 36 ]Do ḃí an oiḋċe an-duḃ. Do ḃí gealaḋ beag ar ṫaoiḃ a láiṁe deise. Loċán an Turlaiġ Ḃig do ḃí ann. D’éiriġ éan éigin, crotaċ nó naosgaċ, de ḃruaċ an loċa ag leigean sgreid ḃrónaiġ as. Do baineaḋ geit as Nóra nuair do ċuala sí glór an éin ċoṁ hobann sin agus siaḃrán a sgiaṫán. Do lean uirṫi agus a croiḋe ag bualaḋ i n-aġaiḋ a huċta. D’ḟág sí an Turlaċ Beag ina diaiḋ agus ṫug aġaiḋ ar an mbóṫar fada díreaċ ṫéiġeas go cros-ḃóṫar Ċill Ḃriocáin. Is ar éigin d’aiṫniġ sí cuma na dtiġṫe ar an árdán nuair do ṡroiċ sí an cros-ḃóṫar. Do ḃí solus i dteaċ Ṗeadair Uí Neaċtain, agus do ċuala sí glórṫa ó ṫaoiḃ Ṡnáṁ Bó. Do lean uirṫi ag tarraing ar an Turlaċ. Nuair do ṡroiċ sí Cnocán na Móna ṫáinig gealaċ amaċ, agus do ċonnaic sí uaiṫi moṫar na gcnoc. Ṫáinig sgamall mór treasna aiġṫe na gealaiġe agus do connacṫas di gur ḋuiḃe fá ḋó do ḃí an oiḋċe annsin. Do ġaḃ imeagla í, óir do ċuiṁniġ sí naċ raiḃ Cnoc an Leaċta i ḃfad uaiṫi, agus go mbeaḋ an roilig ar ṫaoiḃ a láiṁe deise annsin. Is minic do ċuala sí gur droċ-áit é sin i lár oiḋċe. Do ġéaruiġ sí ar a himṫeaċt; do ṫosnuiġ ag riṫ. Do connacṫas di go raḃtas ar a tóir; go raiḃ bean ċos-noċtuiġṫe ag satailt beag naċ le n-a sálaiḃ; go raiḃ fear caol duḃ ag gluaiseaċt le [ 37 ]n-a taoiḃ; go raiḃ páiste agus léine ḃán air ag imṫeaċt an bóṫar roimpi. D’osgail sí a béal le sgread do leigean aisti, aċt ní ṫáinig aon ġlór uaiṫi. Do ḃí fuar-allus léiṫi. Do ḃí a cosa ag lúbaḋ fúiṫi. Is beag nár ṫuit sí ina cnap ar an mbóṫar. Do ḃí sí ag Cnoc an Leaċta fá’n am sin. Do connacṫas di go raiḃ Cill Eoin lán de ṫaiḋḃsíḃ. Do ċuiṁniġ sí ar an ḃfocal aduḃairt an sagart: ‘Fainic an mbéarfaḋ na taiḋḃsí ort.’ Do ḃíṫeas ċuici! Do ċuala sí, dar léiṫi, plub plab cos noċtuiġṫe ar an mbóṫar. D’ionntuiġ sí ar ṫaoiḃ a láiṁe clí agus do ċaiṫ léim ṫar claiḋe. Is beag naċ ndeaċaiḋ sí dá báṫaḋ i dtóin-ar-ḃogaḋ do ḃí idir í féin agus an ċoill i gan ḟios di. Do ċas sí a cos ag iarraiḋ í féin do ṡáḃáil, agus do ṁoṫuiġ sí pian. Ar aġaiḋ léiṫi go fuaidreaċ. Do ḃí sí ar ṫaltaiḃ Eileaḃraċ annsin. Do ċonnaic sí lóċrann an loċa trí’n gcraoḃaiġ. Do ḃain préaṁ crainn tuisle aisti, agus do leagaḋ í. Do ċaill sí a meaḃair.
******
Tar éis tamaill an-ḟada do saṁluiġeaḋ di gur líonaḋ an áit de ċineál leaṫ-ṡoluis, solus do ḃí idir solus gréine agus solus gealaiġe. Do ċonnaic sí go han-tsoiléir buin na gcrann agus iad dorċa i n-aġaiḋ spéire buiḋe-uaiṫne. Ní ḟaca sí spéir ar an daṫ sin riaṁ roiṁe, agus [ 38 ]dob’ áluinn léiṫi í. Do ċuala sí an ċoiscéim, agus do ṫuig sí go raiḃ duine éigin ag teaċt ċuici aníos ó’n loċ. Do ḃí a ḟios aici ar ṁoḋ éigin go raiḃ miorḃail áḋḃal-ṁór ar tí a taisbeánta di agus go raiḃ páis uaṫḃásaċ éigin le fuiling annsin ag Duine éigin. Níorḃ’ ḟada di ag fanṁaint go ḃfaca sí mac óg ag triall go tuirseaċ trí aiṁréiḋ na coille. Do ḃí a ċeann cromṫa aige agus cuma mór-ḃróin air. D’aiṫniġ Nóra é. Dob’ é Mac Ṁuire do ḃí ann agus do ḃí a ḟios ag Nóra go raiḃ sé ag triall ina aonar ċum a ṗáise.
Do ċaiṫ an mac é féin ar a ġlúnaiḃ agus do ġaḃ ag guiḋe. Ní ċuala Nóra aon ḟocal uaiḋ, aċt do ṫuig sí ina croiḋe cad do ḃí sé do ráḋ. Do ḃí sé ag á iarraiḋ ar a Aṫair Síorraiḋe duine do ċur ċuige do ṡeasfaḋ le n-a ṫaoiḃ i láṫair a náṁad agus d’iomċróċaḋ leaṫ a ualaiġ. Baḋ ṁian le Nóra éirġe agus dul ċuige, aċt níor ḟéad sí corruiġe as an áit ina raiḃ sí.
Do ċuala sí gleo, agus do líonaḋ an áit de luċt airm. Do ċonnaic sí aiġṫe dorċa diaḃlaiḋe agus lí lann agus arm faoḃair. Rugaḋ go náiṁdeaċ ar an mac mánla agus do stracaḋ a ċuid éadaiġ ḋe agus do gaḃaḋ de sgiúirsíḃ ann go raiḃ a ċolainn ina cosair cró agus ina bioṫ-ġoin ó ṁalainn go bonn troiġe. Do cuireaḋ [ 39 ]coróin spíonta ar a ṁullaċ ṁoḋaṁail annsin agus do leagaḋ croċ ar a ġuailniḃ agus d’imṫiġ roiṁe go troiġ-ṁall truaġánta bealaċ brónaċ a ṫurais ċum Calḃarí. Do ḃris an slaḃra do ḃí ag ceangal teangan agus ball Nóra go dtí sin agus do sgread sí os árd.
“Leig dom dul leat, a Íosa, agus an ċroċ d’iomċur ḋuit!” ar sise.
******
Do ṁoṫuiġ sí láṁ ar a gualainn. D’ḟéaċ sí suas. Do ċonnaic sí éadan a haṫar.
“Céard tá ar mo ċailín beag, nó ’tuige ar imṫiġ sí uainn?” arsa guṫ a haṫar.
Do ṫóg sé ina ḃaclainn í agus ṫug a ḃaile í. Do luiġ sí ar a leabaiḋ go ceann míosa ina ḋiaiḋ sin. Do ḃí sí as a meaḃair leaṫ an ama sin, agus do ṡíl sí ar uairiḃ go raiḃ sí ag siuḃal na mbóṫar ina caḋan aonraic agus ag iarraiḋ eolais an ḃealaiġ ar ḋaoiniḃ, agus do ṡíl sí ar uairiḃ eile go raiḃ sí ina luiġe fá’n gcrann istiġ i nEileaḃraċ agus go raiḃ sí ag féaċaint arís ar ṗáis an ṁic ṁánla agus í ag iarraiḋ teaċt do ċongnaṁ air aċt gan é ar a cumas. D’imṫiġ na mearḃaill sin as a haigne i ndiaiḋ a ċéile agus do ṫuig sí sa deireaḋ go raiḃ sí sa mbaile arís. Agus nuair d’aiṫniġ sí éadan a máṫar do líonaḋ a croiḋe de ṡólás, agus d’iarr sí [ 40 ]uirṫi an naoiḋeanán do ċur isteaċ san leabaiḋ ċuici, agus nuair do cuireaḋ isteaċ fa leabaiḋ é do ṗóg sí go dil é.
“A Ṁaimín,” ar sise, “ṡíl mé naċ ḃfeicfinn tusa ná m’aṫair ná Cuimín ná an páiste arís go bráṫ. An raiḃ siḃ annso ar feaḋ na haimsire?”
“Ḃí, a uain ġil,” adeir a máṫair.
“Fanfaiḋ mé san áit a ḃfuil siḃ-se,” ar sise. “A Ṁaimín ċroiḋe, ḃí na bóiṫre an-dorċa . . . Agus ní ḃuailfiḋ mé go deo arís ṫú,” ar sise leis an leanḃ agus í ag taḃairt póigín eile ḋó.
Do ċuir an leanḃ a láṁ timċeall a muineáil agus do rinne sí lúb di féin ar an leabaiḋ ar a lán-tsástaċt.
(A ĊRÍOĊ-SAN)