Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

28

Do ḃí an ṁáiġistreás ann agus máiġistir agus máiġistreás an Ġuirt Ṁóir agus bean na lásaí. Do ḃí gearrċailí na sgoile ina suiḋe le ċéile ar na suiḋeaċánaiḃ tosaiġ. Naċ raḃadar le aṁrán do ráḋ? Do ċonnaic sí, dar léiṫi, Máire Ṡeaġáin Ṁóir, agus Máire Ṗeaitín Johnny, agus Baibín Ċóil Ṁarcuis, agus Bríġid an Ḃádora agus a cloigeann ruaḋ uirṫi, agus Bríġid Ċáitín Ní Fiannaċta, agus a béal osgailte aici mar ba ġnáṫaċ léiṫi. Do ḃí na gearrċailí ag féaċaint ṫart agus ag taḃairt uilinn dá ċéile agus ag fiafruiġe dá ċéile cá raiḃ Nóra Ċóil Laḃráis. Do ḃí teaċ na sgoile lán go doras anois. Do ḃí an tAṫair Rónán ag bualaḋ a ḋá ḃos le ċéile. Do ḃíṫeas ag stad de’n ċainnt agus de’n ċogarnaċ. Do ḃí an tAṫair Rónán ag laḃairt leo. Do ḃí sé ag laḃairt go greannṁar. Do ḃí gaċ éinne ag gáiriḋe. Do ḃí sé ag glaoḋaċ ar gearrċailíḃ na sgoile ċum an aṁráin do ṫaḃairt uaṫa. Do ḃíodar súd ag éirġe ina seasaṁ agus ag siuḃal go dtí ceann an tseomra agus ag uṁluġaḋ do’n ṗobal.

“Mo léan gan mé ann,” arsa Nóra ḃoċt léiṫi féin, agus do leag a héadan ar a bosaiḃ agus do ṫosnuiġ ag gol.

Do stad sí de’n ġol go hobann. Do ċroċ sí a ceann agus do ċumil bos dá súiliḃ.