Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/37

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

29

Ní raiḃ sé ceart, ar sise ina haigne féin. Ní raiḃ sé ceart, cóir, ná feileaṁnaċ. Cad ċuige ar coingḃiġeaḋ sa mbaile í? Cad ċuige a gcoingḃigtí sa mbaile i gcoṁnaiḋe í? Dá mbaḋ gasúr fir í do leigfiḋe amaċ í. Ó naċ raiḃ innti aċt gasúr mná do coingḃiġtí sa mbaile í. Ní raiḃ innti, mar aduḃairt sí le Cuimín an tráṫnóna sin, aċt asailín beag gearrċaile. Ní ċuirfeaḋ sí suas leis a ṫuilleaḋ. Do ḃeaḋ cead a cinn aici. Do ḃeaḋ sí ċoṁ saor le gasúr fir ar biṫ dá dtáinig nó dá dtiocfaḋ. Ba ṁinic roiṁe sin do ċuiṁniġ sí ar ġníoṁ. Do ḋéanfaḋ sí an gníoṁ sin anoċt.

Ba ṁinic do ṡíl Nóra go mbaḋ ḃreaġ an saoġal ḃeiṫ ag imṫeaċt roimpi ina seaḃac siuḃail gan beann aici ar ḋuine ar biṫ. Bóiṫre na hÉireann roimpi agus a haġaiḋ orṫa; cúl a cinn leis an mbaile agus le cruaḋtain agus le crostaċt a muinntire. Í ag siuḃal ó ḃaile go baile agus ó ġleann go gleann. An bóṫar breaġ réiḋ roimpi, glasraḋ ar gaċ taoiḃ de, tiġṫe beaga cluṫṁara ar ṡleasaiḃ na gcnocán. Dá n-éireoċaḋ sí tuirseaċ d’ḟéadfaḋ sí síneaḋ siar cois ċlaiḋe, nó d’ḟéadfaḋ sí dul isteaċ i dteaċ éigin agus deoċ ḃainne agus suiḋe cois teine d’iarraiḋ ar ṁnaoi an tiġe. Codlaḋ na hoiḋċe do ḋéanaṁ i gcoill éigin fá sgáṫ crann,