Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/39

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

31

fada le hEileaḃraċ anoċt agus codlaḋ do ḋéanaṁ sa gcoill. D’éireoċaḋ sí go moċ maidin lá ar n-a ḃáraċ agus do ḃuailfeaḋ bóṫar sul do ḃeaḋ éinne ina ṡuiḋe.

Do ṗreab sí de’n suiḋistín. Do ḃí siosúr i ndrár an drisiúir. Níorḃ’ ḟada go raiḃ sí i ngreim sa siosúr agus snip sneap! do ġearr sí ḋi a cúl gruaige, agus an cluibe do ḃí ar a malainn, agus gaċ dual fáinneaċ dá raiḃ uirṫi i n-aon ionnsaiḋe aṁáin. Do ḋearc sí uirṫi féin sa sgáṫán. A inġean ó! naċ maol lom d’ḟéaċ sí! Do ḃailiġ sí na fáinní gruaige de’n urlár agus do ċuir i ḃfolaċ i sean-ḃosga iad. Anonn léiṫi annsin go dtí an áit a raiḃ culaiḋ ġlan ḃáiníní le Cuimín ar croċaḋ ar ṫairnge. Síos léiṫi ar a glúnaiḃ ag cuardaċ léine le. Cuimín do ḃí i ndrár íoċtair an drisiúir. Do ċaiṫ sí an méid sin éadaiġ ar an urlár i n-aice na teine.

So anois í ag baint di a cuid éadaiġ féin go deifreaċ. Do ċaiṫ sí a gúna agus a cóitín beag agus a léine isteaċ i gcoṁrainn do ḃí fá’n mbord. Do ċuir sí léine Ċuimín uirṫi féin. Do ṡáiṫ sí a cosa isteaċ sa mbríste agus do ṫarraing aníos uirṫi féin é. Do ċuiṁniġ sí annsin naċ raiḃ gealas ná crios aici. B’éigin di crios do ḋéanaṁ as sean-ṗíosa córda. Do ċuir sí an