Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/48

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

40

uirṫi an naoiḋeanán do ċur isteaċ san leabaiḋ ċuici, agus nuair do cuireaḋ isteaċ fa leabaiḋ é do ṗóg sí go dil é.

“A Ṁaimín,” ar sise, “ṡíl mé naċ ḃfeicfinn tusa ná m’aṫair ná Cuimín ná an páiste arís go bráṫ. An raiḃ siḃ annso ar feaḋ na haimsire?”

“Ḃí, a uain ġil,” adeir a máṫair.

“Fanfaiḋ mé san áit a ḃfuil siḃ-se,” ar sise. “A Ṁaimín ċroiḋe, ḃí na bóiṫre an-dorċa . . . Agus ní ḃuailfiḋ mé go deo arís ṫú,” ar sise leis an leanḃ agus í ag taḃairt póigín eile ḋó.

Do ċuir an leanḃ a láṁ timċeall a muineáil agus do rinne sí lúb di féin ar an leabaiḋ ar a lán-tsástaċt.

(A ĊRÍOĊ-SAN)