Jump to content

Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/47

From Wikisource
This page has been proofread.
39

coróin spíonta ar a ṁullaċ ṁoḋaṁail annsin agus do leagaḋ croċ ar a ġuailniḃ agus d’imṫiġ roiṁe go troiġ-ṁall truaġánta bealaċ brónaċ a ṫurais ċum Calḃarí. Do ḃris an slaḃra do ḃí ag ceangal teangan agus ball Nóra go dtí sin agus do sgread sí os árd.

“Leig dom dul leat, a Íosa, agus an ċroċ d’iomċur ḋuit!” ar sise.

******

Do ṁoṫuiġ sí láṁ ar a gualainn. D’ḟéaċ sí suas. Do ċonnaic sí éadan a haṫar.

“Céard tá ar mo ċailín beag, nó ’tuige ar imṫiġ sí uainn?” arsa guṫ a haṫar.

Do ṫóg sé ina ḃaclainn í agus ṫug a ḃaile í. Do luiġ sí ar a leabaiḋ go ceann míosa ina ḋiaiḋ sin. Do ḃí sí as a meaḃair leaṫ an ama sin, agus do ṡíl sí ar uairiḃ go raiḃ sí ag siuḃal na mbóṫar ina caḋan aonraic agus ag iarraiḋ eolais an ḃealaiġ ar ḋaoiniḃ, agus do ṡíl sí ar uairiḃ eile go raiḃ sí ina luiġe fá’n gcrann istiġ i nEileaḃraċ agus go raiḃ sí ag féaċaint arís ar ṗáis an ṁic ṁánla agus í ag iarraiḋ teaċt do ċongnaṁ air aċt gan é ar a cumas. D’imṫiġ na mearḃaill sin as a haigne i ndiaiḋ a ċéile agus do ṫuig sí sa deireaḋ go raiḃ sí sa mbaile arís. Agus nuair d’aiṫniġ sí éadan a máṫar do líonaḋ a croiḋe de ṡólás, agus d’iarr sí