Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/46

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

38

dob’ áluinn léiṫi í. Do ċuala sí an ċoiscéim, agus do ṫuig sí go raiḃ duine éigin ag teaċt ċuici aníos ó’n loċ. Do ḃí a ḟios aici ar ṁoḋ éigin go raiḃ miorḃail áḋḃal-ṁór ar tí a taisbeánta di agus go raiḃ páis uaṫḃásaċ éigin le fuiling annsin ag Duine éigin. Níorḃ’ ḟada di ag fanṁaint go ḃfaca sí mac óg ag triall go tuirseaċ trí aiṁréiḋ na coille. Do ḃí a ċeann cromṫa aige agus cuma mór-ḃróin air. D’aiṫniġ Nóra é. Dob’ é Mac Ṁuire do ḃí ann agus do ḃí a ḟios ag Nóra go raiḃ sé ag triall ina aonar ċum a ṗáise.

Do ċaiṫ an mac é féin ar a ġlúnaiḃ agus do ġaḃ ag guiḋe. Ní ċuala Nóra aon ḟocal uaiḋ, aċt do ṫuig sí ina croiḋe cad do ḃí sé do ráḋ. Do ḃí sé ag á iarraiḋ ar a Aṫair Síorraiḋe duine do ċur ċuige do ṡeasfaḋ le n-a ṫaoiḃ i láṫair a náṁad agus d’iomċróċaḋ leaṫ a ualaiġ. Baḋ ṁian le Nóra éirġe agus dul ċuige, aċt níor ḟéad sí corruiġe as an áit ina raiḃ sí.

Do ċuala sí gleo, agus do líonaḋ an áit de luċt airm. Do ċonnaic sí aiġṫe dorċa diaḃlaiḋe agus lí lann agus arm faoḃair. Rugaḋ go náiṁdeaċ ar an mac mánla agus do stracaḋ a ċuid éadaiġ ḋe agus do gaḃaḋ de sgiúirsíḃ ann go raiḃ a ċolainn ina cosair cró agus ina bioṫ-ġoin ó ṁalainn go bonn troiġe. Do cuireaḋ