Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

24

Ṫugaḋ fear Ḃaile Áṫa Cliaṫ cuairt coicṫiġise nó míosa ar an Turlaċ gaċ bliaḋain. An ḃliaḋain áiriṫe so do ċuir sé gairm sgoile amaċ ag glaoḋaċ boċt agus noċt ċum fleiḋe agus féasta do ḃí sé do ċomóraḋ ḋúinn i dteaċ na sgoile. D’ḟógair sé go mbeaḋ ceol agus daṁsa agus óráideaċa Gaeḋilge ann; go mbeaḋ píobaire ann ó’n gCeaṫraṁaḋ Ruaḋ; go mbeaḋ Bríġid Ní Mainín ann ċum “Conntae Ṁuiġeo” do ṫaḃairt uaiṫi; go n-innseoċaḋ Máirtín Iasgaire sgéal Fiannaiḋeaċta; go n-aiṫriseoċaḋ sean-Úna Ní Ġriallġais dán muna mbeaḋ piaċán ar an gcréatúir; agus go ndéanfaḋ Marcuisín Ṁíċíl Ruaiḋ dreas daṁsa muna mbeaḋ na sgoilteaċa go ró-ḋona air. Níorḃ’ eol d’éinne na sgoilteaċa do ḃeiṫ ar Ṁarcuisín riaṁ aċt nuair do harrtaoi air daṁsa do ḋéanaṁ. “Bedam but tá mé marḃ ag na sgoilteaċaiḃ le seaċtṁain,” adeireaḋ sé i gcoṁnaiḋe nuair do luaḋfaiḋe daṁsa. Aċt ní túisge do ṫosnuiġeaḋ an píobaire ar “Tatther Jack Walsh” ioná do ċaiṫeaḋ Marcuisín a ċáibín san aer, “hup!” adeireaḋ sé, agus do fágtaoi an t-urlár faoi.

Do ḃí coṁluadar Ċóil Laḃráis ag ól tae tráṫnóna na fleiḋe.

“An raċamuid ag teaċ na sgoile anoċt, a ḋeaide?” arsa Cuimín Ċóil le n-a aṫair.