Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

25

“Gaḃfaiḋ. Duḃairt an tAṫair Rónán go mbaḋ ṁaiṫ leis an pobal uilig a ḋul ann.”

“Naċ againn ḃéas an spraoiḋ!” arsa Cuimín.

“Fanfaiḋ tusa sa mbaile, a Nóra,” adeir an ṁáṫair, “le aire a ṫaḃairt do’n ṗáiste.”

Do ċuir Nóra pus uirṫi féin aċt níor laḃair sí.

Tar éis tae do ċuaiḋ Cól agus a ḃean siar sa seomra le hiad féin do ġléasaḋ ċum bóṫair.

“Mo léan naċ gasúr fir a rinne Dia ḋíom,” adeir Nóra le n-a ḋearḃráṫair.

“Muise, ’tuige?” arsa Cuimín.

“’Ċuile ċuige níos fearr ’ná a ċéile,” arsa Nóra. Leis sin ṫug sí bosóg ḃeag do’n leanḃ do ḃí idir ḃeiṫ ina ċodlaḋ is ina ḋúiseaċt sa gcliaḃán. Do ċuir an leanḃ béic as.

“Ara, éist leis an bpáiste,” arsa Cuimín. “Má ċloiseann mo ṁáṫair ag béciġil é, bainfiḋ sí an ċluas díot.”

“Is cuma liom má ḃaineann sí an dá ċluais díom,” arsa Nóra.

“Céard tá ort?” Do ḃí Cuimín ag á niġe féin agus do stad sé agus d’aṁarc anonn ṫar ġualainn ar a ḋeirḃṡiúir, agus an t-uisge ag sileaḋ le n-a éadan.

“Tuirseaċ de ḃeiṫ im’ asailín ag mo ṁáṫair agus ag ’ċuile ḋuine atáim,” arsa Nóra. “Ag