Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

NA BÓIṪRE

BÉIḊ cuiṁne i Ros na gCaoraċ go héag ar an oiḋċe ṫug fear Ḃaile Áṫa Cliaṫ an ḟleaḋ dúinn i dteaċ sgoile an Turlaiġ Ḃig. Ní raiḃ d’ainm ná de ṡloinneaḋ againn ar an ḃfear céadna riaṁ aċt fear Ḃaile Áṫa Cliaṫ. ’Sé adeireaḋ Peaitín Ṗáraic linn gur fear sgríoḃṫa páipéir nuaiḋeaċta é. Do léiġeaḋ Peaitín an páipéar Gaeḋilge do ṫagaḋ go dtí an ṁáiġistreás gaċ seaċtṁain, agus is beag niḋ naċ raiḃ ar eolas aige, mar do ḃíoḋ cur síos ar an bpáipéar sin ar imṫeaċtaiḃ an Doṁain Ṫiar agus ar imṫeaċtaiḃ an Doṁain Ṫoir, agus ní ḃíoḋ teora leis an méid feasa do ḃíoḋ ag Peaitín le taḃairt dúinn gaċ Doṁnaċ ag geata an tséipéil. Adeireaḋ sé linn go raiḃ an-ċuimse airgid ag fear Ḃaile Áṫa Cliaṫ, mar go raiḃ ḋá ċéad punnt sa mbliaḋain ag dul dó as uċt an páipéar sin do sgríoḃaḋ gaċ uile ṡeaċtṁain.