[ 15 ]
AN DEARG-DAOL
FEAR siuḃail as Dúṫaiġ Ṡeoiġe ṫáinig isteaċ i dteaċ m’aṫar d’innis an sgéal so ḋúinn cois teallaiġ oiḋċe ġarḃ ġeiṁriḋ. Do ḃí an ġaoṫ ag caoineaḋ ṫart timċeall an tiġe ar nós mná ag caoineaḋ marḃ, le linn laḃarṫa ḋó, agus do-ġníoḋ sé a ġlór d’árduġaḋ nó d’ísliuġaḋ de réir mar d’árduiġeaḋ nó mar d’ísliġeaḋ glór na gaoiṫe. Fear árd do ḃí ann, súile fiaḋáine aige, agus a ċuid éadaiġ beag naċ ina mbalcaisíḃ. Do ḃí saġas eagla orm roiṁe nuair ṫáinig sé isteaċ, agus níor luġde m’eagla a sgéal.
Na trí feiṫidí is beannuiġṫe ar an doṁan, ars’ an fear siuḃail, an ċadóg, an spideoigín, agus bó Dé. Agus na trí feiṫidí is malluiġṫe ar an doṁan, an naṫair niṁe, an dreoilín, agus an dearg-daol. Agus ’sé an dearg-daol an feiṫide is malluiġṫe aca. Is agam-sa atá a ḟios sin. Dá marḃóċaḋ fear do ṁac, a ḃean [ 16 ]an tiġe, ná taḃair dearg-daol mar ainm air. Dá dtiocfaḋ bean idir tú féin agus do ċéile leapṫan ná cuir i gcomórtas leis an dearg-daol í.”
“Sáḃálaiḋ Dia sinn,” adeir mo ṁáṫair.
“Ámen, a Ṫiġearna,” ars’ an fear siuḃail.
Níor laḃair sé arís go ceann sgaṫaiṁ. D’éisteamar ar fad, mar do ḃí a ḟios againn go raiḃ sé ċum sgéal d’innsint. Ba ġearr gur ṫosnuiġ sé.
Nuair a ḃí mise ’mo sguraċ ars’ an fear siuḃail, ḃí bean ar an bpobal sagainne a raiḃ faitċíos ar ’ċuile ḋuine roimpi. I mboṫán uaigneaċ i mám sléiḃe a ḃí coṁnaiḋe uirṫi. Ní ġaḃaḋ aon duine i ḃfoigseaċt dá teaċ. Ní ṫagaḋ sí féin i ngar do ṫeaċ duine ar biṫ eile. Ní laḃruiġtí léiṫi nuair a castaoi do ḋuine ar an mbóṫar í. Ní ċuireaḋ sise focal ná fáirnéis ar ḋuine ar biṫ. Baḋ ṫruaġ leat an créatúir a ḟeiceál agus í ag gaḃáil an ḃóṫair ina haonar
“Cia hí súd,” adeirinn-se lem’ ṁáṫair “nó ’tuige naċ laḃruiġtear léiṫi?”
“Éist, a ġiolla,” adeireaḋ mo ṁáṫair liom. “Sin í an Dearg-Daol. Is bean ṁalluiġṫe í.”
“Céard a rinne sí, nó cia ċuir an ṁallaċt uirṫi?” adeirinn-se.
“Sagart Dé a ċuir an ṁallaċt uirṫi,” adeireaḋ [ 17 ]mo ṁáṫair. “Níl a ḟios ag duine ar biṫ céard a rinne sí.”
Agus sin a ḃfuaireas d’eolas ina taoiḃ go raḃas im’ stócac ḟásta. Agus go deiṁin díḃ, a ċoṁursana, níor ċuala mé ina taoiḃ riaṁ aċt go ndearna sí peacaḋ náireaċ eicínt i dtús a saoġail agus gur ċuir an sagart a ṁallaċt uirṫi os coṁair an ṗobail i ngeall ar an bpeacaḋ sin. Doṁnaċ aṁáin dá raiḃ an pobal cruinn ag an Aifreann, d’ionntuiġ an sagart ṫart orṫa, agus ar seisean:
“Tá bean annso,” ar seisean, “ṫuillfeas damnuġaḋ síorraiḋe di féin agus do ’ċuile ḋuine ḋéanfas caidreaṁ léiṫi. Agus adeirim-se leis an mnaoi sin,” ar seisean, “gur bean ṁalluiġṫe í, agus adeirim-se liḃ-se gan caidreaṁ ná coṁursanaċt a ḃeiṫ agaiḃ leis an mnaoi sin aċt an oiread is a ḃeaḋ le dearg-daol. Éiriġ roṁat anois, a Ḋearg-Daoil,” ar seisean, “agus seaċain coṁluadar deaġ-ḋaoine feasta.”
D’éiriġ an ḃean ḃoċt agus ṫug sí doras an tséipéil amaċ uirṫi féin. Ní raiḃ d’ainm uirṫi ó ṡoin aċt an dearg-daol. Leigeaḋ a hainm is a sloinneaḋ féin as cuiṁne. Deirtí go raiḃ súil ḟiata aici. Dá mbreaṫnuiġeaḋ sí ar ġaṁain nó ar ċaoiriġ nár léiṫi ġeoḃaḋ an beiṫiḋeaċ bás. Ḃí faitċíos ar na mnáiḃ a gcuid páistí a leigean amaċ ar an tsráid dá mbeaḋ an Dearg-Daol ag siuḃal an ḃealaiġ.
[ 18 ]Ṗós mise cailín dóiġeaṁail nuair a ḃí mé i n-aois mo ḃliaḋna is fiċe. Ḃí gasúr beag de ġearrċaile againn agus súil againn le leanḃ eile. Lá aṁáin dá raiḃ mé ag baint ṁóna sa bportaċ, ḃí mo ḃean ag beaṫuġaḋ na héanlaiṫe ar an tsráid nuair a ċonnaic sí—Dia idir sinn agus an anaċain—an Dearg-Daol ag déanaṁ uirṫi aníos an bóiṫrín agus an pataire beag ina huċt aici. Ḃí láṁ na girrsiġe timċeall muineáil na mná, agus a seál-se dá folaċ. Níor ḟan cainnt ag mo ṁnaoi-se.
Leag an Dearg-Daol an cailín beag i n-uċt a máṫar. Ṫug mo ḃean-sa fá deara go raiḃ a cuid éadaig fliuċ.
“Céard d’éiriġ do’n leanḃ?” ar sise.
“Tuitim isteaċ i Loċán na Luaċra a rinne sí,” adeir an Dearg-Daol. “Ar ṫóir bileogaí báiḋte a ḃí sí Ḃí mé ag dul ṫart ar an mbóṫar agus ċuala mé a sgread. Isteaċ ṫar ċlaiḋe liom. Ní raiḃ ann aċt go rug mé uirṫi ar éigin.”
“Go gcúitiġiḋ Dia ṫu,” arsa mo ḃean. D’imṫiġ an ḃean eile sul a raiḃ am aici níos mó a ráḋ. Ṫug mo ḃean an ruidín beag isteaċ, ṫiormuiġ sí í, agus ċuir a ċodlaḋ í. Nuair ṫáinig mé féin isteaċ ó’n bportaċ d’innis sí an sgéal dom. Ṫug an ḃeirt againn ár mbeannaċt do’n Dearg-Daol an oiḋċe sin.
Lá ar n-a ḃáraċ ṫosuiġ an cailín beag ag cainnt ar an mnaoi a ṡáḃáil í. “Ḃí an t-uisge isteaċ [ 19 ]im’ ḃéal agus im’ ṡúiliḃ agus im’ ċluasaiḃ,” ar sise; “ċonnaic mé teintreaċa geala agus ċuala mé torann mór; ḃí mé ag sleaṁnuġaḋ, ag sleaṁnuġaḋ,” ar sise; “agus annsin,” ar sise, ṁoṫuiġ mé an láṁ timċeall orm, agus ṫóg sí ina huċt mé, agus ṗóg sí mé. Ċeap mé go raiḃ mé sa mbaile nuair a ḃí mé ar a huċt agus a seál timċeall orm,” ar sise.
Cúpla lá ina ḋiaiḋ sin d’airiġ mo ḃean an cailín beag uaiṫi. Ḃí sí ar iarraiḋ ar feaḋ cúpla uair. Nuair ṫáinig sí a’ ḃaile d’innis sí ḋúinn go raiḃ sí tar éis cuairt a ṫaḃairt ar an mnaoi a ṡáḃáil í. “Rinne sí cáca ḋom,” ar sise. “Níl duine ar biṫ sa teaċ aici aċt í féin, agus duḃairt mé léiṫi go ngaḃfainn ar cuairt aici ’ċuile ṫráṫnóna.”
Níor ḟéad mise ná mo ḃean focal a ráḋ ina aġaiḋ. Ḃí an Dearg-Daol tar éis anam ar ngirrsiġe a ṡáḃáil, agus ní ḃeaḋ sé nádúrṫa a ċrosaḋ ar an leanḃ dul isteaċ ina teaċ. Ó’n lá sin amaċ ṫéiġeaḋ an cailín beag suas an cnoc ċuici gaċ ré lá.
Duḃairt na coṁursana linn naċ raiḃ sé ceart. Ḃí sórt aiṁreas orainn féin naċ raiḃ sé ceart, aċt cia an neart a ḃí againn air?
An gcreidfeaḋ siḃ mé, a ḋaoine? Ó’n lá leag an Dearg-Daol súil ar ar gcailín beag ṫosuiġ sí ag imṫeaċt as, ag imṫeaċt as, mar d’imṫeoċaḋ [ 20 ]teine naċ ndeasóċaiḋe. Ċaill sí a goile agus a luṫ. Tar éis ráiṫe ní raiḃ ann aċt a sgáil. Tar éis míosa eile ḃí sí sa gcill.
Ṫáinig an Dearg-Daol anuas an sliaḃ an lá ar cuireaḋ í. Ní leigfiḋe isteaċ sa roilig í. D’imṫiġ sí a bealaċ suas an sliaḃ arís go huaigneaċ. Ḃí truaġ agam do’n ċréatúir, mar ḃí a ḟios agam nár ṁór ar mbrón-ne ’ná brón-se. Ċuaiḋ mé féin suas an cnoc maidin lá ar n-a ḃáraċ. Ḃí fúm a ráḋ léiṫi naċ raiḃ aon ṁilleán agam-sa ná ag mo ṁnaoi uirṫi. Ḃuail mé ar an doras. Ní ḃfuair mé aon ḟreagra. Ċuaiḋ mé isteaċ sa teaċ. Ḃí an ġríosaċ dearg ar an teallaċ. Ní raiḃ duine ar biṫ le feiceál. Ṫug mé leaba fá deara sa gcúinne. Ċuaiḋ mé anonn go dtí an leaba. Ḃí an Dearg-Daol ina luiġe annsin agus í fuar marḃ.
Ní raiḃ aon raṫ orm-sa ná ar mo ċoṁluadar ó’n lá sin amaċ. Cailleaḋ mo ḃean mí ina ḋiaiḋ sin agus í ag breiṫ a leinḃ. Níor ṁair an leanḃ. Ṫáinig galar ar mo ḃeiṫiḋeaċaiḃ an geiṁreaḋ dár gcionn. Ċuir an tiġearna amaċ as mo ṡeilḃ mé. Tá mé im’ ḟear ṡiuḃail, agus bóiṫre Connaċt roṁam, ó ṡoin i leiṫ.
(A ĊRIOĊ-SAN)