An Mháthair agus Sgéalta Eile/An Mháthair

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An Mháthair agus Sgéalta Eile by Pádraig Mac Piarais
An Mháthair
[ 3 ]

AN ṀÁṪAIR

DO ḃí coṁluadar ban ag sníoṁaḋ bréidín i dtiġ Ḃairbre an Droiċid oiḋċe áirneáin. Baḋ ceol leat ḃeiṫ ag éisteaċt leo agus a nglórṫa ag déanaṁ coṁ-ḃinnis le dordán na dtúirní, mar ḃíos glór an tseansúir le crónán na ndos.

Do cluineaḋ an sgread. An naoiḋeanán do laḃair trí n-a ċodlaḋ.

“Droċ-rud a ġaḃ ṫar an doras,” arsa Bairbre. “Éiriġ, a Ṁáire, agus bog an cliaḃán.”

D’éiriġ an ḃean ar laḃruiġeaḋ léiṫi. Do ḃí sí ina suiḋe ar an urlár go dtí sin, ag cárdáil. Do ċuaiḋ sí anonn go dtí an cliaḃán. Do ḃí an naoiḋeanán ina lán-dúiseaċt roimpi, agus é ag caoineaċán go truaiġṁéileaċ. D’ísliġ Máire ar a glúnaiḃ le hais an ċliaḃáin. Ċoṁ luaṫ agus do ċonnaic an leanḃ a haġaiḋ do stad sé de’n ċaoineaċán. Aġaiḋ ḟada ḟíor-ġreanta do ḃí uirṫi, mala ṁín leaṫan, gruag ḋuḃ agus í casta [ 4 ]ina triopallaiḃ fada fá n-a ceann, agus ḋá ṡúil ġlasa aici do ḋearcfaḋ go mall maorḋa agus go buaiḋearṫa brónaċ ort. Do ḃí sé de ḃuaiḋ ag Máire go gceannsuiġtí leanḃ crosta nó go gcodluiġeaḋ leanḃ breoiḋte le féaċaint ar an aġaiḋ ṁín ṁánla úd aici agus ar na súiliḃ glasa gráḋṁara úd aici.

Do ṫosnuiġ Máire ag gaḃáil Ċrónáin na Banaltra de ġlór íseal. Do stad na mná eile de’n ċoṁráḋ ionnus go n-éistfidís léiṫi. Ba ġearr go raiḃ an naoiḋeanán ina ṫoirċim ṡuain. D’éiriġ Máire agus do ċuaiḋ ar ais go dtí an áit ina raiḃ sí ina suiḋe ċeana. Do ṫosnuiġ uirṫi ag cárdáil arís.

“Go raiḃ maiṫ agat, a Ṁáire,” arsa Bairbre. “Níl iongantas ar biṫ aċt an ċaoi a ḃfuil tú i n-ann na páistí a ċur a ċodlaḋ. Cé gur liom féin an t-oiġre óg sin, ḃeinn uair a’ ċluig leis ṡul ’á gcodlóċaḋ sé ḋom.”

“Tá draoiḋeaċt ag Máire,” arsa bean eile.

“Is geall le ceoltóiríḃ Ṁeiḋḃe í a ċuireaḋ sluaġ fear a ċodlaḋ nuair a ġaḃaidís a suan-traiḋe,” adeir sean-Úna Ní Griallġais.

“Naċ breaġ uaiṫi Crónán na Banaltra a ráḋ?” ars’ an dara bean.

“M’anam go gceapfá gurab í an Ṁaiġdean féin ḃeaḋ ’ġá ráḋ,” arsa sean-Úna.

[ 5 ]“Meas tú an fíor, a Úna, gurab í an Ṁaiġdean Ḃeannuiġṫe (molaḋ go deo léiṫi) a rinne an ceol sin?” arsa Bairbre.

“Tá a ḟios agam gur fíor. Naċ leis an gcrónán sin a ċuireaḋ sí Mac Dé (míle glóir len’ ainm) a ċodlaḋ nuair a ḃí sé ina naoiḋeanán?”

“Agus cia an ċaoi a mbeaḋ sé ag na daoiniḃ anois, mar sin?” arsa Bairbre.

“A ṫeaċt anuas ó ṡinnsear go sinnsear, is dóiġ, mar ṫáinig na sgéalta Fiannaiḋeaċta,” adeir bean de na mnáiḃ.

“Ní heaḋ, a ṁ’anam,” arsa sean-Úna. “Na daoine a ċuala an ceol ó ḃéal na Maiġdine féin annso sa taoiḃ tíre so ní i ḃfad ó ṡoin.”

“Aċt cia an ċaoi a ḃféadfaḋ siad a ċloisteál?”

“Naċ ḃfuil a ḟios ag an saoġal go dtéiġeann an Ṁaiġdean ġlórṁar ṫart ṫimċeall na mbailte ’ċuile Oiḋċe Nodlag, í féin agus a leanḃ?”

“Ċuala mé na daoine a ráḋ go dtéiġeann.”

“Agus naċ ḃfuil a ḟios agat, má fágtar an doras ar osgailt agus coiuneall ar lasaḋ sa ḃfuinneoig, go dtiocfaiḋ an Ṁaiġdean agus a leanḃ isteaċ sa teaċ agus go suiḋfiḋ siad le n-a sgíṫ a leigean?”

“M’anam go gcuala mé é sin freisin.”

“Bean i nDúṫaiġ Ṡeoiġe a d’ḟan ina suiḋe Oiḋċe Nodlag leis an Maiġdean ḟeiceál a ċuala [ 6 ]an ceol uaiṫi de’n ċéad uair agus a ṁúin do’n tír é. Is minic a ċuala mé iomráḋ fúiṫi nuair a ḃí mé i mo ġearrċaile. Máire na Maiġdine a tugtaoi uirṫi. Deirtear gur minic a ċonnaic sí an Ṁaiġdean ġlórṁar. Cailleaḋ i dTeaċ na mBoċt i nUaċtar Árd í cúpla bliaḋain sul ar pósaḋ mise. Beannaċt Dé le hanmnaċaiḃ na marḃ.”

“Ámén, a Ṫiġearna,” adeir na mná eile. Aċt níor laḃair Máire. Do ḃí sí agus a ḋá súil ṁóra ġlasa ag dul, mar adéarfá, trí éadan ṡean-Úna, agus í ag innsint an sgéil. Do laḃair sí tar éis tamaill.

“Ḃfuil tú cinnte, a Úna, go dtagann an Ṁaiġdean agus a leanḃ isteaċ ins na tiġṫiḃ Oiḋċe Nodlag?” ar sise.

“Ċoṁ cinnte is tá mé beo.”

“An ḃfaca tusa riaṁ í?”

“Ní ḟacas, a ṁainín. Aċt an Oiḋċe Nodlag tar éis ar pósaḋ mé d’ḟan mé im’ ṡuiḋe le í ḟeiceál, dá ngeallfaiḋe ḋom é. Ṫuit néall codlata orm. Ḋúisiġ torann eicínt mé agus ar osgailt mo ṡúl dom b’ḟacṫas dom go ḃfaca mé mar ḃeaḋ bean óg agus naoiḋeanán ina huċt ag gluaiseaċt amaċ an doras.”

Níor laḃair aon duine ar feaḋ i ḃfad. Níor cluineaḋ sa teaċ aċt dordán na dtúirní agus [ 7 ]pléasgaḋ na teine agus ceileaḃar na gcriogar. D’éiriġ Máire.

“Béiḋ mé ag giorraḋ an ḃóṫair,” ar sise. “Go dtugaiḋ Dia oiḋċe ṁaiṫ ḋíḃ, a ṁná.”

“Go luaṫaiḋ Dia leat, a Ṁáire,” d’ḟreagradar-san le ċéile. Ṫug sí an doras amaċ uirṫi féin.

Do ḃí mar do ḃeaḋ caor ṫeine i gcroiḋe na mná sin agus í ag dul an ḃóṫair a ḃaile fá ḋorċadas na hoiḋċe. Mór-ṁian a hanma do ḃí ’gá creaċaḋ agus ’gá losgaḋ le fada, .i. mian cloinne. Do ḃí sí pósta le ceiṫre bliaḋnaiḃ, aċt ní raiḃ aon ċlann aici. Is minic do ċaiṫeaḋ sí na huaireannta ar a glúnaiḃ ag guiḋe Dé leanḃ do ċur ċuici. Is minic d’éiriġeaḋ sí de’n leabaiḋ de ṡiuḃal oiḋċe agus dul ar a ḋá glúin noċtuiġṫe ar an lic ḟuair ċruaiḋ ag déanaṁ na haṫċuinge céadna. Is iomḋa píonós do ċuireaḋ sí uirṫi féin le súil go mbogfaḋ cráḋ a colna croiḋe Dé. Is minic nuair do ḃíoḋ a fear as baile do ṫéiġeaḋ sí do ċodlaḋ gan dinnéar gan suipéar. Uair nó ḋó nuair do ḃí a fear ina ċodlaḋ d’ḟág sí an leaba agus do ċuaiḋ amaċ agus do ṡeas sgaṫaṁ fada fá ḋrúċt na hoiḋċe ag cur a himpiḋe go huaigneaċ ċum na spéar ndorċa. Uair aṁáin do ḃain sí fuil as a slinneanaiḃ le buillíḃ ṫug sí di féin le laisg. Uair eile do ṡáiṫ sí dealga isteaċ ina feoil i gcuiṁne ar [ 8 ]an gcoróin spíonta do ċuaiḋ ar ṁalainn an tSlánuiġṫeora. Do ḃí na píonóis agus an cráḋ croiḋe ag goilleaṁaint ar a sláinte. Níor ṫuig aon duine céard do ḃí uirṫi. Níor ṫuig a fear féin, fear macánta moḋaṁail, an sgéal i gceart, cé gur minic do ċluineaḋ sé san oiḋċe í ag cainnt léiṫi féin mar do ḃeaḋ máṫair ag cainnt le leanḃ nuair do ṁoṫóċaḋ sí a láṁ nó a ḃéal le n-a cíċ. Fairíor géar, is iomḋa bean ḟáisgeas le n-a croiḋe agus laḃruiġeas go híseal i gciúintráṫ na hoiḋċe le leanḃ naċ rugaḋ is naċ mbéarfar.

Dob’ ḟada le Máire go dtáinig Oiḋċe Nodlag. Aċt mar ṫéiġeas caiṫeaṁ i ngaċ níḋ, do ċuaiḋ caiṫeaṁ san gcáirde aimsire sin. Dob’ ḟada léiṫi lá Oiḋċe Nodlag go dtáinig an deireaḋ lae. Do sguab sí urlár an tiġe agus do ġlan sí na caṫaoireaċa agus d’ḟaduiġ sí teine ṫéagarṫa roiṁ ḋul do ċodlaḋ di. D’ḟág sí an doras ar osgailt agus do leag sí coinneall ḟada ġeal san ḃfuinneoig. Nuair do ṡín sí le hais a fir, níorḃ’ ċum codalta é, aċt ċum faire. Do b’ḟada léiṫi gur ċodail a fear. D’airiġ sí fá ḋeireaḋ ar a ċiúine is do ḃí sé ag tarraing a anáil go raiḃ sé ina ċodlaḋ. Annsin d’éiriġ sí, do ċuir uimpi a gúna, agus do ṫéaluiġ amaċ go dtí an ċistin. Ní raiḃ aon duine roimpi. [ 9 ]Ní raiḃ fiú na luiċe ag corruiġe sa teaċ. Do ḃí na criogair féin ina gcodlaḋ. Do ḃí an teine ina gríosaiġ ḋeirg. Do ḃí an ċoinneall ag lonnraḋ go soillseaċ. Do ċrom sí ar a glúnaiḃ i ndoras an tseomra. Ba ḃinn léiṫi ciúineas an tiġe san meaḋon oiḋċe cé go mb’uaṫṁar. Ṫáinig árduġaḋ aigeanta uirṫi mar do ṫigeaḋ uaireannta san tséipéal agus í ar tí. Corp Ċríost do ġlacaḋ ó láṁaiḃ an tsagairt. Do ṫuig sí ar ṁoḋ éigin nárḃ’ ḟada uaiṫi an Ṁórḋaċt Do-ḟeicseana agus gur gearr go gcluinfeaḋ sí a coiscéim. D’éist sí go foiġdeaċ. Do ḃí an teaċ féin, dar léiṫi, agus a raiḃ ann idir beo agus neaṁ-ḃeo, ag éisteaċt freisin. Do ḃí na cnuic ag éisteaċt agus cloċa na talṁan agus reanna réaltannaċa na spéire.

Do ċuala sí an ḟuaim. Coiscéim ar lic an dorais. Do ċonnaic sí bean óg ag teaċt isteaċ agus leanḃ fáisgṫe le n-a huċt aici. Do ḋruid an ḃean óg aníos ċum na teine. Do ṡuiḋ sí ar an gcaṫaoir. Do ṫosnuiġ sí ag crónán ós íseal dá leanḃ. D’aiṫniġ Máire an ceol. ’Sé an ceol do ḃí ann Crónán na Banaltra.

Tamall dóiḃ mar sin. An ḃean ag fáisgeaḋ a leinḃ le n-a huċt agus ag crónán go fíor-ḃinn go fíor-ḃog. Máire ar a ḋá glúin fá sgáṫ an dorais. Ní raiḃ innti laḃairt ná corruiġe. Is [ 10 ]ar éigin do ḃí innti a hanál do ṫarraing.

Sa deireaḋ d’éiriġ an ḃean. Is annsin d’éiriġ Máire. Do ċuaiḋ sí anonn ċum na mná.

“A Ṁuire,” ar sise de ġlór an-íseal.

Do ṫionntuiġ an ḃean a haġaiḋ uirṫi. Aġaiḋ áluinn ṁaorḋa dob’ eaḋ í.

“A Ṁuire,” adeir Máire arís, “impiḋe agam ort.”

“Abair,” ars’ an ḃean eile.

“Leanḃ ag ól bainne mo ċíċe,” arsa Máire. “Ná diúltuiġ mé, a Ṁuire.”

“Druid liom níos goire,” adeir an ḃean eile.

Do ḋruid Máire léiṫi. D’árduiġ an ḃean eile a leanḃ féin. Do ṡín an leanḃ a ḋá láiṁ ḃeaga amaċ agus do leag láṁ go mín ar gaċ leacain de ḋá leacain Ṁáire.

“Déanfaiḋ an ḃeannaċt sin torrṫaċ ṫú,” adeir an Ṁáṫair.

“Is maiṫ an ḃean ṫú, a Ṁuire,” arsa Máire. “Is maiṫ é do Ṁac.”

“Fágaim beannaċt ins an tiġ so,” ars’ an ḃean eile.

D’ḟáisg sí a leanḃ le n-a huċt arís agus do ġaḃ an doras amaċ. Do ċuaiḋ Máire ar a glúnaiḃ.


∗             ∗

Tá bliaḋain caiṫte ó’n Oiḋċe Nodlag sin. An [ 11 ]uair ḋeiriḋ do ġaḃas ṫar tiġ Ṁáire, do ḃí leanḃ ina huċt. Do ḃí an ḟéaċain úd uirṫi naċ mbíonn ar éinne aċt ar ṁáṫair nuair ṁoṫuiġeas sí béal a céid-ṁic le n-a cíċ.

“Is fearr le Dia na mná ioná na fir,” aduḃras liom féin. “Is ċuca-san ċuireas sé na bróin is mó agus is orṫa-san ḃronnas sé an t-aoiḃneas is mó.”

(A ĊRÍOĊ-SAN)