6
an ceol uaiṫi de’n ċéad uair agus a ṁúin do’n tír é. Is minic a ċuala mé iomráḋ fúiṫi nuair a ḃí mé i mo ġearrċaile. Máire na Maiġdine a tugtaoi uirṫi. Deirtear gur minic a ċonnaic sí an Ṁaiġdean ġlórṁar. Cailleaḋ i dTeaċ na mBoċt i nUaċtar Árd í cúpla bliaḋain sul ar pósaḋ mise. Beannaċt Dé le hanmnaċaiḃ na marḃ.”
“Ámén, a Ṫiġearna,” adeir na mná eile. Aċt níor laḃair Máire. Do ḃí sí agus a ḋá súil ṁóra ġlasa ag dul, mar adéarfá, trí éadan ṡean-Úna, agus í ag innsint an sgéil. Do laḃair sí tar éis tamaill.
“Ḃfuil tú cinnte, a Úna, go dtagann an Ṁaiġdean agus a leanḃ isteaċ ins na tiġṫiḃ Oiḋċe Nodlag?” ar sise.
“Ċoṁ cinnte is tá mé beo.”
“An ḃfaca tusa riaṁ í?”
“Ní ḟacas, a ṁainín. Aċt an Oiḋċe Nodlag tar éis ar pósaḋ mé d’ḟan mé im’ ṡuiḋe le í ḟeiceál, dá ngeallfaiḋe ḋom é. Ṫuit néall codlata orm. Ḋúisiġ torann eicínt mé agus ar osgailt mo ṡúl dom b’ḟacṫas dom go ḃfaca mé mar ḃeaḋ bean óg agus naoiḋeanán ina huċt ag gluaiseaċt amaċ an doras.”
Níor laḃair aon duine ar feaḋ i ḃfad. Níor cluineaḋ sa teaċ aċt dordán na dtúirní agus