5
“Meas tú an fíor, a Úna, gurab í an Ṁaiġdean Ḃeannuiġṫe (molaḋ go deo léiṫi) a rinne an ceol sin?” arsa Bairbre.
“Tá a ḟios agam gur fíor. Naċ leis an gcrónán sin a ċuireaḋ sí Mac Dé (míle glóir len’ ainm) a ċodlaḋ nuair a ḃí sé ina naoiḋeanán?”
“Agus cia an ċaoi a mbeaḋ sé ag na daoiniḃ anois, mar sin?” arsa Bairbre.
“A ṫeaċt anuas ó ṡinnsear go sinnsear, is dóiġ, mar ṫáinig na sgéalta Fiannaiḋeaċta,” adeir bean de na mnáiḃ.
“Ní heaḋ, a ṁ’anam,” arsa sean-Úna. “Na daoine a ċuala an ceol ó ḃéal na Maiġdine féin annso sa taoiḃ tíre so ní i ḃfad ó ṡoin.”
“Aċt cia an ċaoi a ḃféadfaḋ siad a ċloisteál?”
“Naċ ḃfuil a ḟios ag an saoġal go dtéiġeann an Ṁaiġdean ġlórṁar ṫart ṫimċeall na mbailte ’ċuile Oiḋċe Nodlag, í féin agus a leanḃ?”
“Ċuala mé na daoine a ráḋ go dtéiġeann.”
“Agus naċ ḃfuil a ḟios agat, má fágtar an doras ar osgailt agus coiuneall ar lasaḋ sa ḃfuinneoig, go dtiocfaiḋ an Ṁaiġdean agus a leanḃ isteaċ sa teaċ agus go suiḋfiḋ siad le n-a sgíṫ a leigean?”
“M’anam go gcuala mé é sin freisin.”
“Bean i nDúṫaiġ Ṡeoiġe a d’ḟan ina suiḋe Oiḋċe Nodlag leis an Maiġdean ḟeiceál a ċuala