Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

AN ṀÁṪAIR

DO ḃí coṁluadar ban ag sníoṁaḋ bréidín i dtiġ Ḃairbre an Droiċid oiḋċe áirneáin. Baḋ ceol leat ḃeiṫ ag éisteaċt leo agus a nglórṫa ag déanaṁ coṁ-ḃinnis le dordán na dtúirní, mar ḃíos glór an tseansúir le crónán na ndos.

Do cluineaḋ an sgread. An naoiḋeanán do laḃair trí n-a ċodlaḋ.

“Droċ-rud a ġaḃ ṫar an doras,” arsa Bairbre. “Éiriġ, a Ṁáire, agus bog an cliaḃán.”

D’éiriġ an ḃean ar laḃruiġeaḋ léiṫi. Do ḃí sí ina suiḋe ar an urlár go dtí sin, ag cárdáil. Do ċuaiḋ sí anonn go dtí an cliaḃán. Do ḃí an naoiḋeanán ina lán-dúiseaċt roimpi, agus é ag caoineaċán go truaiġṁéileaċ. D’ísliġ Máire ar a glúnaiḃ le hais an ċliaḃáin. Ċoṁ luaṫ agus do ċonnaic an leanḃ a haġaiḋ do stad sé de’n ċaoineaċán. Aġaiḋ ḟada ḟíor-ġreanta do ḃí uirṫi, mala ṁín leaṫan, gruag ḋuḃ agus í casta