Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

9

Ní raiḃ fiú na luiċe ag corruiġe sa teaċ. Do ḃí na criogair féin ina gcodlaḋ. Do ḃí an teine ina gríosaiġ ḋeirg. Do ḃí an ċoinneall ag lonnraḋ go soillseaċ. Do ċrom sí ar a glúnaiḃ i ndoras an tseomra. Ba ḃinn léiṫi ciúineas an tiġe san meaḋon oiḋċe cé go mb’uaṫṁar. Ṫáinig árduġaḋ aigeanta uirṫi mar do ṫigeaḋ uaireannta san tséipéal agus í ar tí. Corp Ċríost do ġlacaḋ ó láṁaiḃ an tsagairt. Do ṫuig sí ar ṁoḋ éigin nárḃ’ ḟada uaiṫi an Ṁórḋaċt Do-ḟeicseana agus gur gearr go gcluinfeaḋ sí a coiscéim. D’éist sí go foiġdeaċ. Do ḃí an teaċ féin, dar léiṫi, agus a raiḃ ann idir beo agus neaṁ-ḃeo, ag éisteaċt freisin. Do ḃí na cnuic ag éisteaċt agus cloċa na talṁan agus reanna réaltannaċa na spéire.

Do ċuala sí an ḟuaim. Coiscéim ar lic an dorais. Do ċonnaic sí bean óg ag teaċt isteaċ agus leanḃ fáisgṫe le n-a huċt aici. Do ḋruid an ḃean óg aníos ċum na teine. Do ṡuiḋ sí ar an gcaṫaoir. Do ṫosnuiġ sí ag crónán ós íseal dá leanḃ. D’aiṫniġ Máire an ceol. ’Sé an ceol do ḃí ann Crónán na Banaltra.

Tamall dóiḃ mar sin. An ḃean ag fáisgeaḋ a leinḃ le n-a huċt agus ag crónán go fíor-ḃinn go fíor-ḃog. Máire ar a ḋá glúin fá sgáṫ an dorais. Ní raiḃ innti laḃairt ná corruiġe. Is