Jump to content

Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/27

From Wikisource
This page has been proofread.

19

im’ ḃéal agus im’ ṡúiliḃ agus im’ ċluasaiḃ,” ar sise; “ċonnaic mé teintreaċa geala agus ċuala mé torann mór; ḃí mé ag sleaṁnuġaḋ, ag sleaṁnuġaḋ,” ar sise; “agus annsin,” ar sise, ṁoṫuiġ mé an láṁ timċeall orm, agus ṫóg sí ina huċt mé, agus ṗóg sí mé. Ċeap mé go raiḃ mé sa mbaile nuair a ḃí mé ar a huċt agus a seál timċeall orm,” ar sise.

Cúpla lá ina ḋiaiḋ sin d’airiġ mo ḃean an cailín beag uaiṫi. Ḃí sí ar iarraiḋ ar feaḋ cúpla uair. Nuair ṫáinig sí a’ ḃaile d’innis sí ḋúinn go raiḃ sí tar éis cuairt a ṫaḃairt ar an mnaoi a ṡáḃáil í. “Rinne sí cáca ḋom,” ar sise. “Níl duine ar biṫ sa teaċ aici aċt í féin, agus duḃairt mé léiṫi go ngaḃfainn ar cuairt aici ’ċuile ṫráṫnóna.”

Níor ḟéad mise ná mo ḃean focal a ráḋ ina aġaiḋ. Ḃí an Dearg-Daol tar éis anam ar ngirrsiġe a ṡáḃáil, agus ní ḃeaḋ sé nádúrṫa a ċrosaḋ ar an leanḃ dul isteaċ ina teaċ. Ó’n lá sin amaċ ṫéiġeaḋ an cailín beag suas an cnoc ċuici gaċ ré lá.

Duḃairt na coṁursana linn naċ raiḃ sé ceart. Ḃí sórt aiṁreas orainn féin naċ raiḃ sé ceart, aċt cia an neart a ḃí againn air?

An gcreidfeaḋ siḃ mé, a ḋaoine? Ó’n lá leag an Dearg-Daol súil ar ar gcailín beag ṫosuiġ sí ag imṫeaċt as, ag imṫeaċt as, mar d’imṫeoċaḋ