Jump to content

Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/26

From Wikisource
This page has been proofread.

18

Ṗós mise cailín dóiġeaṁail nuair a ḃí mé i n-aois mo ḃliaḋna is fiċe. Ḃí gasúr beag de ġearrċaile againn agus súil againn le leanḃ eile. Lá aṁáin dá raiḃ mé ag baint ṁóna sa bportaċ, ḃí mo ḃean ag beaṫuġaḋ na héanlaiṫe ar an tsráid nuair a ċonnaic sí—Dia idir sinn agus an anaċain—an Dearg-Daol ag déanaṁ uirṫi aníos an bóiṫrín agus an pataire beag ina huċt aici. Ḃí láṁ na girrsiġe timċeall muineáil na mná, agus a seál-se dá folaċ. Níor ḟan cainnt ag mo ṁnaoi-se.

Leag an Dearg-Daol an cailín beag i n-uċt a máṫar. Ṫug mo ḃean-sa fá deara go raiḃ a cuid éadaig fliuċ.

“Céard d’éiriġ do’n leanḃ?” ar sise.

“Tuitim isteaċ i Loċán na Luaċra a rinne sí,” adeir an Dearg-Daol. “Ar ṫóir bileogaí báiḋte a ḃí sí Ḃí mé ag dul ṫart ar an mbóṫar agus ċuala mé a sgread. Isteaċ ṫar ċlaiḋe liom. Ní raiḃ ann aċt go rug mé uirṫi ar éigin.”

“Go gcúitiġiḋ Dia ṫu,” arsa mo ḃean. D’imṫiġ an ḃean eile sul a raiḃ am aici níos mó a ráḋ. Ṫug mo ḃean an ruidín beag isteaċ, ṫiormuiġ sí í, agus ċuir a ċodlaḋ í. Nuair ṫáinig mé féin isteaċ ó’n bportaċ d’innis sí an sgéal dom. Ṫug an ḃeirt againn ar mbeannaċt do’n Dearg-Daol an oiḋċe sin.

Lá ar n-a ḃáraċ ṫosuiġ an cailín beag ag cainnt ar an mnaoi a ṡáḃáil í. “Ḃí an t-uisge isteaċ