Jump to content

Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/25

From Wikisource
This page has been proofread.

17

mo ṁáṫair. “Níl a ḟios ag duine ar biṫ céard a rinne sí.”

Agus sin a ḃfuaireas d’eolas ina taoiḃ go raḃas im’ stócac ḟásta. Agus go deiṁin díḃ, a ċoṁursana, níor ċuala mé ina taoiḃ riaṁ aċt go ndearna sí peacaḋ náireaċ eicínt i dtús a saoġail agus gur ċuir an sagart a ṁallaċt uirṫi os coṁair an ṗobail i ngeall ar an bpeacaḋ sin. Doṁnaċ aṁáin dá raiḃ an pobal cruinn ag an Aifreann, d’ionntuiġ an sagart ṫart orṫa, agus ar seisean:

“Tá bean annso,” ar seisean, “ṫuillfeas damnuġaḋ síorraiḋe di féin agus do ’ċuile ḋuine ḋéanfas caidreaṁ léiṫi. Agus adeirim-se leis an mnaoi sin,” ar seisean, “gur bean ṁalluiġṫe í, agus adeirim-se liḃ-se gan caidreaṁ ná coṁursanaċt a ḃeiṫ agaiḃ leis an mnaoi sin aċt an oiread is a ḃeaḋ le dearg-daol. Éiriġ roṁat anois, a Ḋearg-Daoil,” ar seisean, “agus seaċain coṁluadar deaġ-ḋaoine feasta.”

D’éiriġ an ḃean ḃoċt agus ṫug sí doras an tséipéil amaċ uirṫi féin. Ní raiḃ d’ainm uirṫi ó ṡoin aċt an dearg-daol. Leigeaḋ a hainm is a sloinneaḋ féin as cuiṁne. Deirtí go raiḃ súil ḟiata aici. Dá mbreaṫnuiġeaḋ sí ar ġaṁain nó ar ċaoiriġ nár léiṫi ġeoḃaḋ an beiṫiḋeaċ bás. Ḃí faitċíos ar na mnáiḃ a gcuid páistí a leigean amaċ ar an tsráid dá mbeaḋ an Dearg-Daol ag siuḃal an ḃealaiġ.

B