An Mháthair agus Sgéalta Eile/Bríghid na nAmhrán

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An Mháthair agus Sgéalta Eile by Patrick Pearse
Bríghid na nAmhrán
[ 43 ]

BRÍĠID NA nAṀRÁN

DOB’ í Bríġid na nAṁrán an t-aṁránaiḋe ba ṁó clú dá raiḃ i Ros na gCaoraċ ní aṁáin le mo linn-se aċt le linn m’aṫar. Adeirtí go meallfaḋ sí an ċéirseaċ de’n ċraoiḃ le binneas an ċeoil do ġeall Dia ḋi, agus do ċreidfinn féin go meallfaḋ, mar is minic do ṁeall sí mise agus malraiġ naċ mé ó n-ar ndinnéar nó ó n-ar suipéar. Do ḃeinn im’ ḟear ṡaiḋḃir indiu dá mbeaḋ sgilling agam i n-aġaiḋ gaċ uaire do ṡeasas taoḃ amuiġ dá doras, ar mo ḃealaċ a ḃaile ó’n sgoil dom, ag éisteaċt le n-a cuid aṁrán, agus aduḃairt m’aṫair liom gur mion minic do rinne sé féin an cleas céadna nuair do ḃí seisean ina stócaċ ag imṫeaċt ar sgoil. Do ḃí sé mar ḃéal-oideas i measg na ndaoine [ 44 ]gurab ó’n Reaċtaḃraċ féin d’ḟoġluim Bríġid “Conntae Ṁuiġeo,” agus naċ le “Conntae Ṁuiġeo” do ḃain sí na deora móra as súiliḃ Ṡeaġáin Ṁic Éil tráṫ a raiḃ sé ar cuairt annso, i ḃfoċair ar nEaspuig féin, bliaḋain go díreaċ sul do rugaḋ mise?

Níḋ naċ iongnaḋ, nuair do ċualamar go raiḃ Feis le ḃeiṫ i Muiġ Ċaorṫainn, do ṡocruiġeamar go léir i n-ar n-intinn gurab ag Bríġid do ḃeaḋ an duais ar an aṁránaiḋeaċt, dá ngeoḃaḋ sí ann. Ní raiḃ aon duine eile, d’aṁránaiḋe fir ná d’aṁránaiḋe mná, leaṫ ċoṁ maiṫ léiṫi ins na seaċt bparáistíḃ. Níorḃ’ ḟéidir go mbuailfiḋe í, dá mbeaḋ ceart le faġáil. Do ċuirfeaḋ sí iongnaḋ ar ṁuinntir Ṁuiġe Caorṫainn agus ar na daoiniḃ uaisle do ḃeaḋ ann as Gailliṁ agus as Tuaim. Do ṫuillfeaḋ sí clú agus cáil do Ros na gCaoraċ. Do ḃéarfaḋ sí an duais go réiḋ agus do cuirfiḋe go Baile Áṫa Cliaṫ í le aṁrán do ġaḃáil ag an Oireaċtas. Do ḃí sórt leisge ar Ḃríġid ar dtús. Do ḃí sí ró-ṡean, aduḃairt sí. Ní raiḃ a guṫ ċoṁ maiṫ is do ḃíoḋ. Ní raiḃ a hanál aici. Do ḃí cuid de na haṁránaiḃ ag imṫeaċt as a cuiṁne. Níor ṫeastuiġ duais uaiṫi. Naċ raiḃ a ḟios ag fearaiḃ Fáil gurḃ’ í an t-aṁránaiḋe dob’ ḟearr i nIar-Ċonnaċtaiḃ í? Nár ṁol an Reaċtaḃraċ í, naċ [ 45 ]ndearna Colm a Ḃailís aṁrán ina honóir, nár ḃain sí deora as súiliḃ Ṡeaġáin Ṁic Éil? Aduḃairt Bríġid an méid sin agus a ṡeaċt n-oirid eile; aċt ba léir san am ċéadna go raiḃ fonn uirṫi dul ċum na Feise agus do ḃí a ḟios againn uile go ngeoḃaḋ. Le sgéal gairid do ḋéanaṁ ḋe, do ḃíomar léiṫi nó gur ḃainemar geallaḋ aisti go raċaḋ sí ann.

Do ċuaiḋ. Is maiṫ is cuiṁin liom lá na Feise. Do ḃí an saoġal Fódlaċ ann, do ċeapfá. Do ḃí an teaċ ag cur ṫar maoil le daoiniḃ boċta is le daoiniḃ saiḋḃre, le daoiniḃ uaisle is le daoiniḃ ísle, le hógánaċaiḃ luaṫa láidre is le seanóiríḃ críonna caiṫte. Do ḃí sagairt is bráiṫre ann ó gaċ ceard. Do ḃí doċtúirí is dliġeadóirí ann ó Ṫuaim is ó Ġailliṁ is ó Uaċtar Árd. Do ḃí luċt páipéar nuaiḋeaċta ann ó Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Do ḃí mac tiġearna ann ó Ṡasana. Do ċuaiḋ a lán daoine suas ag ráḋ aṁrán. Do ċuaiḋ Bríġid suas. Do ḃíomar-ne ar ċúl an tiġe ag éisteaċt léiṫi. Do ṫosnuiġ sí uirṫi. Do ḃí beagán cúṫaileaċta uirṫi ar dtús, agus do ḃí an guṫ ró-íseal aici. Aċt ṫáinig sí ċuici féin i leabaiḋ a ċéile, de réir mar do ḃí sí ag bogad amaċ san aṁrán, agus do ḃain sí deora as súiliḃ an ċoṁluadair leis an gceaṫraṁain deiriḋ. Do ċuireadar go léir na gárṫa [ 46 ]asta nuair do ḃí críoċnuiġṫe aici agus í ag teaċt anuas. Do ċuireamar-ne liúġ asainn do ṡílfeá do ṗléasgfaḋ díon an tiġe. Do ċuaiḋ girrseaċ óg suas. Do ḃí an guṫ i ḃfad ní b’ḟearr aici ioná mar do ḃí ag Bríġid, aċt, dar linne, ní raiḃ an t-uaigneas ná an binneas céadna ins an aṁrán is do ḃí i n-aṁrán Ḃríġde. Ṫáinig sí anuas. Do ċuir na daoine na gárṫa asta arís, aċt ní ṫug mé fá deara go raiḃ éinne ag gol. D’éiriġ duine de na breiṫeaṁnaiḃ ina ṡeasaṁ. Do ṁol sé Bríġid go mór. Do ṁol sé an ġirrseaċ óg go mór freisin. Do ḃí sé an-ḟadálaċ.

“Cia aca a ġnóṫuiġ an duais?” arsa duine againne sa deireaḋ, nuair do ḃí ar gcuid foiġde caiṫte.

“Ó, an duais!” ar seisean. “’Seaḋ, i dtaoiḃ na duaise, támuid ’gá taḃairt do Nóra Ní Ċasaide (an cailín óg), aċt támuid ag molaḋ duais speisialta a ṫaḃairt do Ḃríġid Ní Ṁainín (.i. Bríġid sagainne). Cuirfear Nóra Ní Ċasaide go Baile Áṫa Cliaṫ le aṁrán a ráḋ ag an Oireaċtas.”

Do ċuir muinntir Ṁuiġe Caorṫainn liúġ asta, mar b’as Muiġ Ċaorṫainn Nóra Ní Ċasaide. Ní duḃramar-ne faic. Do ḃreaṫnuiġeas anonn ar Ḃríġid. Do ḃí a héadan bán-liaṫ, agus í ar criṫ ina ballaiḃ. [ 47 ]“Céard duḃairt tú, a ḋuine uasail, led’ ṫoil?” ar sise de ġlór aisteaċ. “An agam-sa atá an duais?”

“Támuid ag molaḋ duais speisialta a ṫaḃairt duit, a ḃean ċóir, mar ċruṫuiġ tú go ríġ-ṁaiṫ, ċruṫuiġ sin, aċt is do Nóra Ní Ċasaide atá duais na Feise molta.”

Níor laḃair Bríġid focal, aċt is aṁlaiḋ d’éiriġ sí ina seasaṁ agus, gan breaṫnuġaḋ ṫairsti do ṫaoiḃ na láiṁe deise ná do ṫaoiḃ na láiṁe clí, ṫug an doras amaċ uirṫi féin. Do ḃuail sí an bóṫar go Ros na gCaoraċ, agus do ḃí sí roṁainn nuair do ṡroiċeamar an baile go deireannaċ san oiḋċe.


∗             ∗

Do ḃí an tOireaċtas le ḃeiṫ i mBaile Áṫa Cliaṫ an tseaċtṁain dár gcionn. Ba ḃrónaċ an dream sinn ar ċuiṁniuġaḋ ḋúinn naċ mbeaḋ Bríġid na nAṁrán ann. Do ḃíomar lán-ċinnte naċ ḃfuair sí coṫrom na Féinne i Muiġ Ċaorṫainn, agus do ċeapamar dá ngeoḃaḋ sí go Baile Áṫa Cliaṫ go ḃfuiġeaḋ sí sásaṁ agus cúiteaṁ. Aċt fairíor, ní raiḃ aon airgead againn le n-a cur ann, agus dá mbeaḋ féin do ḃí a ḟios againn naċ nglacfaḋ sí uainn é. Do ḃíomar ag cur na ceiste trí ċéile tráṫnóna aṁáin ag binn tiġe an Ḃádóra, nuair dob’ ṡo ċugainn Máirtín beag [ 48 ]Ó Conġaile ar lán-riṫ agus aduḃairt linn go raiḃ Bríġid na nAṁrán imṫiġṫe, an glas ar a doras, agus gan tásg ná tuairisg uirṫi le faġáil.

Ní raiḃ a ḟios againn céard d’éiriġ ḋi go ceann coicṫiġise ina ḋiaiḋ sin. So mar ṫárla. Nuair do ċuala sí go raiḃ an tOireaċtas le ḃeiṫ i mBaile Áṫa Cliaṫ ar a leiṫéid so de lá, aduḃairt sí léiṫi féin go mbeaḋ sí ann dá mairfeaḋ sí. Níor leig sí tada uirṫi, aċt d’imṫig léiṫi de ṡiuḃal oiḋċe, ag coisiḋeaċt. Ní raiḃ aċt cúpla sgilling aici ina póca. Ní raiḃ a ḟios aici cá raiḃ Baile Áṫa Cliaṫ ná cáide uaiṫi é. Do lean sí uirṫi, is cosṁail, ag iarraiḋ eolais an ḃóṫair ar na daoiniḃ do casaḋ di, ag coisiḋeaċt i gcoṁnaiḋe, nó gur ḟág sí ina diaiḋ Cois Loċa, agus an Spidéal, agus Gailliṁ, agus an tÓrán Mór, agus Baile Áṫa an Ríoġ, agus Cill Ċonaill, agus Béal Áṫa na Sluaiġeaḋ, agus Béal Áṫa Luain, agus an Muileann Cearr, agus Maġ Nuaḋad, nó sa deireaḋ go ḃfaca sí uaiṫi tiġṫe Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Is cosṁail go raiḃ a cuid airgid caiṫte i ḃfad roiṁe sin, agus ní ḃéiḋ a ḟios ag deoraiḋe go deo cia an ċaoi ar ṁair an créatúir ar an aistear fada fíor-uaigneaċ sin. Aċt tráṫnóna aṁáin nuair do ḃí an tOireaċtas ar lán-tsiuḃal san halla mór i mBaile Áṫa Cliaṫ, do connacaḋ bean tuaiṫe ag teaċt isteaċ [ 49 ]an doras, a cosa gearrṫa gortuiġṫe ag cloċaiḃ cruaḋa an ḃealaiġ, a cuid éadaiġ breacuiġṫe le deannaċ is le smúr an ḃóṫair, agus í tugṫa traoċta sáruiġṫe.

Do ṡuiḋ sí fúiṫi. Do ḃí daoine ag aṁránaiḋeaċt ar an sean-nós. Do glaoḋaḋ ar Ḃríġid Ní Ṁainín ó Ros na gCaoraċ (mar do ḃí a hainm curṫa isteaċ againne ar ṡúil go ḃféadfaimís a cur ann). D’éiriġ an tsean-ḃean, do ċuaiḋ suas, agus do ṫosnuiġ ar “Ċonntae Ṁuiġeo.”

Nuair do ċríoċnuiġ sí, do ḃí an teaċ i n-aon rí-rá aṁáin le gárṫaiḃ, do ḃí sé ċoṁ breaġ sin. Aduḃraḋ léiṫi ceann eile do ráḋ. Do ṫosnuiġ sí ar “Sail Óg Ruaḋ.” Ní raiḃ aċt an ċéad líne de’n dara ceaṫraṁain ráiḋte aici nuair ṫáinig meaḃán éigin ina ceann. Do stad sí agus do ṫosnuiġ uirṫi arís. Ṫáinig an meaḃán uirṫi arís, ṫáinig crioṫnuġaḋ uirṫi, agus do ṫuit sí i lagar ar an árdán. Tugaḋ amaċ as an halla í. Ṫáinig doċtúir ag breaṫnuġaḋ uirṫi.

“Tá sí so ag faġáil ḃáis de’n ocras agus de’n ċruaḋtain,” ar seisean.

Le n-a linn sin go díreaċ do cluineaḋ gárṫa móra istiġ sa halla. Ṫáinig duine de na breiṫeaṁnaiḃ amaċ go deifreaċ.

“Tá an ċéad duais gnóṫuiġṫe agat!” ar [ 50 ]seisean. “Rinne tú go”——. Do stad sé go hobann.

Do ḃí sagart ar a ġlúnaiḃ ag cromaḋ os cionn Ḃríġde. Do ṫóg sé a láṁ agus ṫug sé an absolóid.

“Tá luaċ saoṫair níos fearr ioná an ċéad duais gnóṫuiġṫe aici,” ar seisean.

(A ĊRÍOĊ-SAN)