48
Ó Conġaile ar lán-riṫ agus aduḃairt linn go raiḃ Bríġid na nAṁrán imṫiġṫe, an glas ar a doras, agus gan tásg ná tuairisg uirṫi le faġáil.
Ní raiḃ a ḟios againn céard d’éiriġ ḋi go ceann coicṫiġise ina ḋiaiḋ sin. So mar ṫárla. Nuair do ċuala sí go raiḃ an tOireaċtas le ḃeiṫ i mBaile Áṫa Cliaṫ ar a leiṫéid so de lá, aduḃairt sí léiṫi féin go mbeaḋ sí ann dá mairfeaḋ sí. Níor leig sí tada uirṫi, aċt d’imṫig léiṫi de ṡiuḃal oiḋċe, ag coisiḋeaċt. Ní raiḃ aċt cúpla sgilling aici ina póca. Ní raiḃ a ḟios aici cá raiḃ Baile Áṫa Cliaṫ ná cáide uaiṫi é. Do lean sí uirṫi, is cosṁail, ag iarraiḋ eolais an ḃóṫair ar na daoiniḃ do casaḋ di, ag coisiḋeaċt i gcoṁnaiḋe, nó gur ḟág sí ina diaiḋ Cois Loċa, agus an Spidéal, agus Gailliṁ, agus an tÓrán Mór, agus Baile Áṫa an Ríoġ, agus Cill Ċonaill, agus Béal Áṫa na Sluaiġeaḋ, agus Béal Áṫa Luain, agus an Muileann Cearr, agus Maġ Nuaḋad, nó sa deireaḋ go ḃfaca sí uaiṫi tiġṫe Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Is cosṁail go raiḃ a cuid airgid caiṫte i ḃfad roiṁe sin, agus ní ḃéiḋ a ḟios ag deoraiḋe go deo cia an ċaoi ar ṁair an créatúir ar an aistear fada fíor-uaigneaċ sin. Aċt tráṫnóna aṁáin nuair do ḃí an tOireactas ar lán-tsiuḃal san halla mór i mBaile Áṫa Cliaṫ, do connacaḋ bean tuaiṫe ag teaċt isteaċ