Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

45

ndearna Colm a Ḃailís aṁrán ina honóir, nár ḃain sí deora as súiliḃ Ṡeaġáin Ṁic Éil? Aduḃairt Bríġid an méid sin agus a ṡeaċt n-oirid eile; aċt ba léir san am ċéadna go raiḃ fonn uirṫi dul ċum na Feise agus do ḃí a ḟios againn uile go ngeoḃaḋ. Le sgéal gairid do ḋéanaṁ ḋe, do ḃíomar léiṫi nó gur ḃainemar geallaḋ aisti go raċaḋ sí ann.

Do ċuaiḋ. Is maiṫ is cuiṁin liom lá na Feise. Do ḃí an saoġal Fódlaċ ann, do ċeapfá. Do ḃí an teaċ ag cur ṫar maoil le daoiniḃ boċta is le daoiniḃ saiḋḃre, le daoiniḃ uaisle is le daoiniḃ ísle, le hógánaċaiḃ luaṫa láidre is le seanóiríḃ críonna caiṫte. Do ḃí sagairt is bráiṫre ann ó gaċ ceard. Do ḃí doċtúirí is dliġeadóirí ann ó Ṫuaim is ó Ġailliṁ is ó Uaċtar Árd. Do ḃí luċt páipéar nuaiḋeaċta ann ó Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Do ḃí mac tiġearna ann ó Ṡasana. Do ċuaiḋ a lán daoine suas ag ráḋ aṁrán. Do ċuaiḋ Bríġid suas. Do ḃíomar-ne ar ċúl an tiġe ag éisteaċt léiṫi. Do ṫosnuiġ sí uirṫi. Do ḃí beagán cúṫaileaċta uirṫi ar dtús, agus do ḃí an guṫ ró-íseal aici. Aċt ṫáinig sí ċuici féin i leabaiḋ a ċéile, de réir mar do ḃí sí ag bogad amaċ san aṁrán, agus do ḃain sí deora as súiliḃ an ċoṁluadair leis an gceaṫraṁain deiriḋ. Do ċuireadar go léir na gárṫa