An Mháthair agus Sgéalta Eile/An Gadaidhe

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An Mháthair agus Sgéalta Eile by Patrick Pearse
An Gadaidhe
[ 53 ]

AN GADAIḊE

BÁ dár sgaoileaḋ malraiġ an Ġuirt Ṁóir amaċ ó sgoil, tar éis imṫeaċta soir do ṁuinntir Ġlinne Ċaṫa agus do ṁuinntir Ḋoire an Ḃainḃ, d’ḟan muinntir an Turlaiġ agus muinntir Inḃir le sgaṫaṁ cainnte do ḃeiṫ aca roiṁ sgaraḋ ḋóiḃ ag bóṫar Ros na gCaoraċ. Tá teaċ an ṁáiġistir go díreaċ ag ceann an ḃóṫair, a ċúl leis an gcnoc agus a aġaiḋ ar Loċ Eileaḃraċ.

“Ċuala mé go raiḃ meaċa an ṁáiġistir ag éirġe,” adeir Micilín Ḃeairtle Éanna.

“Teanna uait isteaċ sa ngarrḋa go mbreaṫnuiġeaḋ muid orṫa,” adeir Daraċ Ḃairbre an Droiċid.

“Ní leigfeaḋ an faitċíos ḋom,” arsa Micilín.

“Cia an faitċíos atá ort? adeir Daraċ. [ 54 ]“Ar ndó’, béiḋ an máiġistir agus an ṁáiġistreás anoir ar ball.”

“Cia ḟanfas le focal an ḟaire a ṫaḃairt dúinn nuair ḃéas an máiġistir ag tiġeaċt?” arsa Daraċ.

“Fanfaiḋ mise,” adeir Antoine beag Ó Mainín.

“Déanfaiḋ sin,” arsa Daraċ, “leig fead nuair ḟeicfeas tú ag fágáil na sgoile é.”

Isteaċ ṫar sgonnsa leis. Isteaċ ṫar sgonnsa leis an gcuid eile ina ḋiaiḋ.

“Fainic an gcuirfiḋe gaṫ i nduine agaiḃ,” adeir Antoine.

“Beag an baoġal,” arsa Daraċ. Agus as go bráṫ leo.

Do ṡuiḋ Antoine ar an sgonnsa agus a ċúl le bóṫar. D’ḟéadfaḋ sé an máiġistir d’ḟeicsin ṫar a ġualainn deis dá ḃfágfaḋ sé teaċ na sgoile. Ba deas an gáirdín do ḃí ag an máiġistir, dar le hAntoine. Do ḃí crainn rós agus crainn spíonán agus crainn uḃall aige. Do ḃí cloċa beaga geala aige ṫart leis an gcasán. Do ḃí cloċa móra geala ina gcarnán deas aige agus caonaċ agus duḃ-ċosaċ agus raiṫneaċ ag fás eatorṫa. Do ḃí . . . .

Do ċonnaic Antoine iongnaḋ ba ṁó ioná aon iongnaḋ dá raiḃ ag an máiġistir san ngáirdín. Do ċonnaic sé teaċín beag áluinn fá sgáṫ crainn [ 55 ]de na crannaiḃ rós; é déanta d’aḋmad; ḋá stór ann; daṫ bán ar an stór íoċtair agus daṫ dearg ar an stór uaċtair; doras beag glas air; trí fuinneoga gloine air, ceann ó íoċtar agus ḋá ċeann ó uaċtar; trosgán tiġe ann, idir buird, caṫaoireaċa, leapċa, gréiṫre, agus eile; agus, arsa Antoine leis féin, féaċ bean uasal an tiġe ina suiḋe sa doras!

Ní ḟaca Antoine teaċ bábóige riaṁ roiṁe sin, agus dob’ iongnaḋ leis a ġleoiḋteaċt agus a ḋeise mar áilleán. Do ṫuig sé gur le cailín beag an ṁáiġistir é, le Neans ḃig. Truaġ gan a leiṫéid ag a ḋeirḃṡiúirín beag féin, ag Eiḃlín, an créatúir, do ḃí sínte ar a leabaiḋ le ráiṫe ṁóir agus í lag tinn! Truaġ gan an bábóigín féin aici! Do ċuir Antoine sainnt a ċroiḋe sa mbábóig sin d’Eiḃlín. D’ḟéaċ sé ṫar a ġualainn deis. Ní raiḃ an máiġistir ná an ṁáiġistreás le feicsin. D’ḟéaċ sé ṫar a ġualainn ċlí. Do ḃí na gasúir eile as aṁarc. Ní ḋearna sé an dara smaoineaḋ. Ṫug sé a ṡean-léim de’n sgonnsa, rug ar an mbábóig, do ṡáiṫ isteaċ fá n-a ċasóig í, d’imṫiġ leis ṫar claiḋe amaċ arís, agus do ġread leis a ḃaile.

“Tá bronntanas agam duit,” ar seisean le hEiḃlín nuair ráinig sé an teaċ. “Féaċ!” Leis sin do ṫaisbeán sé an ḃábóg di. [ 56 ]Ṫáinig daṫ i leacain ċaiṫte an ċailín ḃig do ḃí tinn, agus ṫáinig solus ina súiliḃ.

“Óra, a Antoine, a ġráḋ, cá ḃfuair tú í?” ar sise.

“Neans ḃeag an ṁáiġistir a ċuir ċugat mar ḃronntanas í,” arsa Antoine.

Ṫáinig a ṁáṫair isteaċ.

“A Ṁainín, a ċuid,” arsa Eiḃlín, “féaċ an bronntanas a ċuir Neans ḃeag an ṁáiġistir ċugam!”

“An dá ríriḃ?” ars’ an ṁáṫair.

“’Seaḋ,” arsa Eiḃlín. “Antoine a ṫug isteaċ ċugam anois í.”

D’ḟéaċ Antoine síos ar a ċosaiḃ agus do ġaḃ ag coṁaireaṁ na méar do ḃí orṫa.

“A ṁainín héin,” adeir an ṁáṫair, “naċ í ḃí go maiṫ ḋuit! Muise, mo ġoirm ṫú, a Neans! Raċaiḋ mé i mbannaíḃ go gcuirfiḋ an bronntanas sin biseaċ mór ar mo ċailín beag.”

Agus ṫáinig deora i súiliḃ na máṫar de ḃarr an ḃuiḋeaċais do ḃí aici de Neans ḃig mar ġeall ar gur ċuiṁniġ sí ar an leanḃ do ḃí tinn. Cé nár ḟéad sé féaċaint idir na súiliḃ ar a ṁáṫair ná ar Eiḃlín le teann náire, do ḃí áṫas ar Antoine go ndearna sé an ġoid.

Do ḃí eagla air a ṗaidreaċa do ráḋ an oiḋċe [ 57 ]sin, agus do luiġ sé ar a leabaiḋ gan paidir. Ní ḟéadfaḋ sé gníoṁ croiḋe-ḃrúiġṫe do ḋéanaṁ mar ní go fírinneaċ d’ḟéadfaḋ sé a ráḋ le Dia go raiḃ brón air fá’n bpeacaḋ sin. Is minic do sgannruiġ sé san oiḋċe ar n-a ṡaṁluġaḋ ḋó go raiḃ Neans ḃeag ag teaċt ag iarraiḋ na bábóige ar Eiḃlín, go raiḃ an máiġistir ag cur na gadaiḋeaċta ina leiṫ os coṁair na sgoile, go raiḃ urċur iongantaċ beaċ ag éirġe ina ċoinne agus Daraċ Ḃairbre an Droiċid agus na gasúir eile dá ngríosaḋ le gárṫaiḃ béil agus le ceol drumaí. Aċt ar maidin lá ar n-a ḃáraċ aduḃairt sé leis féin: “Is cuma liom. Cuirfiḋ an ḃábóg biseaċ ar Eiḃlín.”

Nuair do ċuaiḋ sé ċum sgoile d’ḟiafruiġ na gasúir ḋe cad ċuige ar imṫiġ sé i gan ḟios an tráṫnóna roiṁe sin agus é tar éis a ġeallaṁna ḋóiḃ go ndéanfaḋ sé faire.

“Mo ṁáṫair a ċuir fios orm,” arsa Antoine. “Ḃí gnaiṫe aici ḋíom.”

Nuair ṫáinig Neans ḃeag isteaċ sa sgoil d’ḟéaċ Antoine uirṫi ós íseal. Do ṡíl sé uirṫi go raiḃ sí tar éis ḃeiṫ ag gol; do ċeap sé go ḃfaca sé rian na ndeor ar a plucaiḃ. An ċéad uair do ġlaoiḋ an máiġistir ina ainm air do ġeit sé, óir do ṡíl sé go raiḃ sé ar tí an ċoir do ċur ina leiṫ nó ceist do ċur air i dtaoiḃ na [ 58 ]bábóige. Níor ċuir sé isteaċ lá ċoṁ dona leis an lá sin riaṁ ar sgoil. Aċt nuair do ċuaiḋ sé a ḃaile agus nuair do ċonnaic sé biseaċ maiṫ ar Eiḃlín, agus í ina suiḋe aniar sa leabaiḋ de’n ċéad uair le mí agus an ḃábóg fáisgṫe le n-a huċt aici, ar seisean leis féin: “Is cuma liom. Tá an ḃábóg ag cur bisiġ ṁóir ar Eiḃlín.”

Ar a leabaiḋ ḋó san oiḋċe do ḃí droċ-ḃrionglóidí aige arís. Do ċeap sé go raiḃ an máiġistir tar éis a innste do na pílears gur ġoid sé an ḃábóg, agus go raiḃ na pílears ar a ṫí; do ṡíl sé uair aṁáin go raiḃ pílear i ḃfolaċ fá’n leabaiḋ agus go raiḃ ceann eile ar n-a ċromaḋ fá sgáṫ brait na fuinneoige. Do sgread sé ós árd trí n-a ċodlaḋ.

“Céard tá ort?” adeir a aṫair leis.

“An pílear atá ar ṫí mo ġaḃṫa,” arsa Antoine.

“Níl tú aċt ag raḃailleaċt, a ġasúir,” arsa a aṫair leis. “Níl aon ṗílear ann. Téiriġ a ċodlaḋ ḋuit féin.”

Ba dona an saoġal ag an duine boċt é as sin amaċ. Do ṡíleaḋ sé go mbítí ag síneaḋ méir ċuige agus é ag siuḃal an ḃóṫair. Do ṡíleaḋ sé go mbítí ag craṫaḋ an ċinn agus ag ráḋ le n-a ċéile, “Sin gadaiḋe,” nó, “Ar ċuala tú céard a rinne Antoine Ṗáraic Uí Ṁainín? A babóg a ġoid ó Neans ḃig an ṁáiġistir. Anois [ 59 ]céard deir tú?” Aċt níor ḟulaing sé pian i gceart go ndeaċaiḋ sé ċum Aifrinn. Dia Doṁnaiġ agus gar ṫosnuiġ an tAṫair Rónán ag taḃairt seanmóire uaiḋ ar an Seaċtṁaḋ Aiṫint: “Ná déan goid; agus má ḋéanann tú goid, ní maiṫfear ḋuit go dtugaiḋ tú cúitiuġaḋ.” Do ḃí Antoine lán-ċinnte go raiḃ sé i bpeacaḋ marḃṫa. Do ḃí a ḟios aige go mbaḋ ċeart dó dul ċum faoistin agus an peacaḋ d’innsint do’n tsagart. Aċt ní ḟéadfaḋ sé dul ċum faoistin, mar do ḃí a ḟios aige go n-abróċaḋ an sagart leis go gcaiṫfeaḋ sé an ḃábóg do ṫaḃairt ar ais. Agus ní ṫiuḃraḋ sé an ḃábóg ar ais. Do ċruaḋuiġ sé a ċroiḋe agus aduḃairt naċ dtiuḃraḋ sé an ḃábóg ar ais go deo, mar go raiḃ an ḃábóg ag cur bisiġ ar Eiḃlín ó ló go ló.

Tráṫnóna aṁáin do ḃí sé ina ṡuiḋe cois na leapṫan i séis ċoṁráiḋ le hEiḃlín nuair do riṫ a ṁáṫair isteaċ go deifreaċ agus ar sise—

“So aníos an bóiṫrín an ṁáiġistreás agus Neans ḃeag!”

Baḋ ṁaiṫ le hAntoine go n-osglóċaḋ an talaṁ agus go sluigfeaḋ sí é. Do ḃí a éadan dearg suas go dtí an dá ċluais. Do ḃí allus leis. Níor ḟéad sé focal do ráḋ ná smaoineaḋ do ċeapaḋ. Aċt do ḃí na focla so ag rit trí n-a ċeann: “Bainfiḋ siad an ḃábóg d’Eiḃlín.” [ 60 ]Baḋ ċuma leis céard déarfaiḋe nó céard déanfaiḋe leis féin. Ní ḃeaḋ d’ḟreagra aige aċt: “Tá an ḃábóg ag cur bisiġ ar Eiḃlín.”

Ṫáinig an ṁáiġistreás agus Neans ḃeag isteaċ san seomra. D’éiriġ Antoine. Níor ḟéad sé féaċaint san éadan orṫa. Do ṫosnuiġ sé ar a ṡean-tseist, ag coṁaireaṁ méar a ċos. Cúig cinn ar gaċ cois; ceiṫre méar agus ordóg; nó trí méar, ordóg, agus laḋraicín; sin cúig cinn; a cúig fá ḋó, a deiċ; deiċ gcinn ar fad. Níor ḟéad sé a líon do ṁéaduġaḋ ná do laiġeaduġaḋ. Do ḃí a ṁáṫair ag cainnt, do ḃí an ṁáiġistreás ag cainnt, aċt ní raiḃ aon áird ag Antoine orṫa. Do ḃí sé ag fanṁaint nó go n-abróċaiḋe rud éigin i dtaoiḃ na bábóige. Ní raiḃ le déanaṁ aige go dtí sin aċt a ṁéaraċa do ċoṁaireaṁ. A haon, a dó, a trí . . . . .

“Céard é sin? Do ḃí Eiḃlín ag tagairt do’n ḃábóig. D’éist Antoine anois.

“Nár ṁaiṫ uait an ḃábóg a ċur ċugam?” do ḃí sí do ráḋ le Neans. “Ó’n lá ṫug Antoine isteaċ ċugam í, ṫosuiġ biseaċ ag teaċt orm.”

“Ṫosuiġ sin,” adeir a máṫair. “Béiḋ muid buiḋeaċ ḋíot go deo i ngeall ar an mbábóig ċéadna a ċur ċuici. Go méaduiġiḋ Dia do stór agus go gcúitiġiḋ sé leat míle uair é.”

Níor laḃair Neans ná an ṁáiġistreás. D’ḟéaċ [ 61 ]Antoine ar Neans fá ċeilt. Do ḃí a ḋá súil greamuiġṫe sa mbábóig, óir do ḃí an ḃábóg ina luiġe go seasgair sa leabaiḋ le hais Eiḃlín. Do ḃí a béal leaṫ ar osgailt aici, agus iongnaḋ an doṁain uirṫi fá ráiḋtiḃ Eiḃlín agus a máṫar.

“Is ar éigin ċreid mé Antoine nuair a ṫug sé isteaċ ċugam í,” arsa Eiḃlín, “agus nuair d’innis sé ḋom gur ċuir tú ċugam mar ḃronntanas í.”

D’ḟéaċ Neans anonn ar Antoine. D’árduiġ Antoine a ṡúile go mall agus d’féaċadar isteaċ i súiliḃ a ċéile. Ní ḃéiḋ a ḟios go deo céard do léiġ Neans i súiliḃ Antoine. Is é an rud do léiġ Antoine i súiliḃ Neans, an trócaire, an ḃáiḋ, agus an ṁilseaċt. Do laḃair Neans le hEiḃlín.

“An dtaiṫniġeann sí leat?” ar sise.

“Ó, taiṫniġeann ṫar cionn,” adeir Eiḃlín. “Is fearr liom í ’ná aon rud dá ḃfuil agam ar an doṁan.”

“Tá teaċ beag agam ina gcoṁnuiġeaḋ sí,” arsa Neans. “Caiṫfiḋ mé a ċur ċugat le n-a haġaiḋ. Tiuḃraiḋ Antoine ċugat i mbáraċ é.”

“Óra!” arsa Eiḃlín, agus í ag bualaḋ a ḋá boisín beag tanaiḋe le n-a ċéile.

“Ḃeaḋ sé mór agat, a ġráḋ,” arsa máṫair Eiḃlín le Neans.

“Ní ḃeaḋ,” arsa Neans. “Cuirfiḋ sé biseaċ [ 62 ]eile ar Eiḃlín. Tá go leor rudaí agam-sa.”

“Leig di a ḋéanaṁ, a Ċáit,” ars’ an ṁáiġistreás leis an máṫair.

“Tá siḃ ró-ṁaiṫ,” adeir an ḃean ḃoċt.

Do ṡíl Antoine gurab ag brionglóideaḋ do ḃí sé. Nó do ṡíl sé náċ duine saoġalta Neans ḃeag ar ċor ar biṫ, aċt aingeal as na flaiṫeasaiḃ anuas. Do ḃí fonn air dul ar a ġlúnaiḃ ina fiaḋnaise.

Nuair d’imṫiġ an ṁáiġistreás agus Neans ḃeag, do riṫ Antoine amaċ an doras iaḋta agus do réab leis treasna an ġarrḋa ionnus go raiḃ sé rómpa ag bun an ḃóiṫrín ag dul amaċ ar bóṫar ḋóiḃ.

“A Neans,” ar seisean, “’sér’d a rinne mé í ġoid,—an ḃábóg.”

“Ná bac leis, a Antoine,” arsa Neans. “Rinne tú maiṫeas d’Eiḃlín.”

D’ḟan Antoine ina staic ar an mbóṫar agus níor ḟéad sé focal eile do ráḋ.

Naċ air do ḃí an bród ag taḃairt tiġe na bábóige a ḃaile d’Eiḃlín tar éis sgoile lá ar n-a ḃáraċ! Agus naċ aca do ḃí an greann an tráṫnóna sin ag réiḋteaċ an tiġe agus ag glanaḋ an trosgáin agus ag cur na bábóige do ċodlaḋ ar a leabaiḋ ḃig!

An Saṫarn dár gcionn do ċuaiḋ Antoine ċum [ 63 ]faoistin agus d’innis a ṗeacaḋ do’n tsagart. Is é an breiṫeaṁnas aiṫriġe do ċuir an sagart air, teaċ na bábóige do sgiúraḋ uair sa tseaċtmain d’Eiḃlín nó go mbeaḋ Eiḃlín láidir a dóṫain ċum a sgiúrṫa í féin. Do ḃí Eiḃlín láidir a dóṫain ċuige fá ċeann míosa. Do ḃí sí ar sgoil arís fá ċeann míosa eile.

Ní raiḃ aon tráṫnóna Saṫairn as sin amaċ naċ gcloisfiḋe bualaḋ beag éadtrom ar ḋoras an ṁáiġistir. Ar ḋul amaċ do’n ṁáiġistreás do ḃíoḋ Antoine ina ṡeasaṁ ag an doras.

“So bronntanas beag do Neans,” adeireaḋ sé, ag síneaḋ ċuici leaṫ-ḋuisín uḃ laċan nó lán cráige fraoċán nó ar a laiġead lán glaice de ḋuileasg, agus annsin do sguabaḋ leis gan am do ṫaḃairt do’n ṁáiġistreás focal do ráḋ.

(A ĊRÍOĊ-SAN)