60
Baḋ ċuma leis céard déarfaiḋe nó céard déanfaiḋe leis féin. Ní ḃeaḋ d’ḟreagra aige aċt: “Tá an ḃábóg ag cur bisiġ ar Eiḃlín.”
Ṫáinig an ṁáiġistreás agus Neans ḃeag isteaċ san seomra. D’éiriġ Antoine. Níor ḟéad sé féaċaint san éadan orṫa. Do ṫosnuiġ sé ar a ṡean-tseist, ag coṁaireaṁ méar a ċos. Cúig cinn ar gaċ cois; ceiṫre méar agus ordóg; nó trí méar, ordóg, agus laḋraicín; sin cúig cinn; a cúig fá ḋó, a deiċ; deiċ gcinn ar fad. Níor ḟéad sé a líon do ṁéaduġaḋ ná do laiġeaduġaḋ. Do ḃí a ṁáṫair ag cainnt, do ḃí an ṁáiġistreás ag cainnt, aċt ní raiḃ aon áird ag Antoine orṫa. Do ḃí sé ag fanṁaint nó go n-abróċaiḋe rud éigin i dtaoiḃ na bábóige. Ní raiḃ le déanaṁ aige go dtí sin aċt a ṁéaraċa do ċoṁaireaṁ. A haon, a dó, a trí . . . . .
“Céard é sin? Do ḃí Eiḃlín ag tagairt do’n ḃábóig. D’éist Antoine anois.
“Nár ṁaiṫ uait an ḃábóg a ċur ċugam?” do ḃí sí do ráḋ le Neans. “Ó’n lá ṫug Antoine isteaċ ċugam í, ṫosuiġ biseaċ ag teaċt orm.”
“Ṫosuiġ sin,” adeir a máṫair. “Béiḋ muid buiḋeaċ ḋíot go deo i ngeall ar an mbábóig ċéadna a ċur ċuici. Go méaduiġiḋ Dia do stór agus go gcúitiġiḋ sé leat míle uair é.”
Níor laḃair Neans ná an ṁáiġistreás. D’ḟéaċ