Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/67

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

59

céard deir tú?” Aċt níor ḟulaing sé pian i gceart go ndeaċaiḋ sé ċum Aifrinn. Dia Doṁnaiġ agus gar ṫosnuiġ an tAṫair Rónán ag taḃairt seanmóire uaiḋ ar an Seaċtṁaḋ Aiṫint: “Ná déan goid; agus má ḋéanann tú goid, ní maiṫfear ḋuit go dtugaiḋ tú cúitiuġaḋ.” Do ḃí Antoine lán-ċinnte go raiḃ sé i bpeacaḋ marḃṫa. Do ḃí a ḟios aige go mbaḋ ċeart dó dul ċum faoistin agus an peacaḋ d’innsint do’n tsagart. Aċt ní ḟéadfaḋ sé dul ċum faoistin, mar do ḃí a ḟios aige go n-abróċaḋ an sagart leis go gcaiṫfeaḋ sé an ḃábóg do ṫaḃairt ar ais. Agus ní ṫiuḃraḋ sé an ḃábóg ar ais. Do ċruaḋuiġ sé a ċroiḋe agus aduḃairt naċ dtiuḃraḋ sé an ḃábóg ar ais go deo, mar go raiḃ an ḃábóg ag cur bisiġ ar Eiḃlín ó ló go ló.

Tráṫnóna aṁáin do ḃí sé ina suiḋe cois na leapṫan i séis ċoṁráiḋ le hEiḃlín nuair do riṫ a ṁáṫair isteaċ go deifreaċ agus ar sise—

“So aníos an bóiṫrín an ṁáiġistreás agus Neans ḃeag!”

Baḋ ṁaiṫ le hAntoine go n-osglóċaḋ an talaṁ agus go sluigfeaḋ sí é. Do ḃí a éadan dearg suas go dtí an dá ċluais. Do ḃí allus leis. Níor ḟéad sé focal do ráḋ ná smaoineaḋ do ċeapaḋ. Aċt do ḃí na focla so ag rit trí n-a ċeann: “Bainfiḋ siad an ḃábóg d’Eiḃlín.”