Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/71

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

63

faoistin agus d’innis a ṗeacaḋ do’n tsagart. Is é an breiṫeaṁnas aiṫriġe do ċuir an sagart air, teaċ na bábóige do sgiúraḋ uair sa tseaċtmain d’Eiḃlín nó go mbeaḋ Eiḃlín láidir a dóṫain ċum a sgiúrṫa í féin. Do ḃí Eiḃlín láidir a dóṫain ċuige fá ċeann míosa. Do ḃí sí ar sgoil arís fá ċeann míosa eile.

Ní raiḃ aon tráṫnóna Saṫairn as sin amaċ naċ gcloisfiḋe bualaḋ beag éadtrom ar ḋoras an ṁáiġistir. Ar ḋul amaċ do’n ṁáiġistreás do ḃíoḋ Antoine ina ṡeasaṁ ag an doras.

“So bronntanas beag do Neans,” adeireaḋ sé, ag síneaḋ ċuici leaṫ-ḋuisín uḃ laċan nó lán cráige fraoċán nó ar a laiġead lán glaice de ḋuileasg, agus annsin do sguabaḋ leis gan am do ṫaḃairt do’n ṁáiġistreás focal do ráḋ.

(A ĊRÍOĊ-SAN)