Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/70

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

62

eile ar Eiḃlín. Tá go leor rudaí agam-sa.”

“Leig di a ḋéanaṁ, a Ċáit,” ars’ an ṁáiġistreás leis an máṫair.

“Tá siḃ ró-ṁaiṫ,” adeir an ḃean ḃoċt.

Do ṡíl Antoine gurab ag brionglóideaḋ do ḃí sé. Nó do ṡíl sé náċ duine saoġalta Neans ḃeag ar ċor ar biṫ, aċt aingeal as na flaiṫeasaiḃ anuas. Do ḃí fonn air dul ar a ġlúnaiḃ ina fiaḋnaise.

Nuair d’imṫiġ an ṁáiġistreás agus Neans ḃeag, do riṫ Antoine amaċ an doras iaḋta agus do réab leis treasna an ġarrḋa ionnus go raiḃ sé rómpa ag bun an ḃóiṫrín ag dul amaċ ar bóṫar ḋóiḃ.

“A Neans,” ar seisean, “’sér’d a rinne mé í ġoid,—an ḃábóg.”

“Ná bac leis, a Antoine,” arsa Neans. “Rinne tú maiṫeas d’Eiḃlín.”

D’ḟan Antoine ina staic ar an mbóṫar agus níor ḟéad sé focal eile do ráḋ.

Naċ air do ḃí an bród ag taḃairt tiġe na bábóige a ḃaile d’Eiḃlín tar éis sgoile lá ar n-a ḃáraċ! Agus naċ aca do ḃí an greann an tráṫnóna sin ag réiḋteaċ an tiġe agus ag glanaḋ an trosgáin agus ag cur na bábóige do ċodlaḋ ar a leabaiḋ ḃig!

An Saṫarn dár gcionn do ċuaiḋ Antoine ċum