56
Ṫáinig daṫ i leacain ċaiṫte an ċailín ḃig do ḃí tinn, agus ṫáinig solus ina súiliḃ.
“Óra, a Antoine, a ġráḋ, cá ḃfuair tú í?” ar sise.
“Neans ḃeag an ṁáiġistir a ċuir ċugat mar ḃronntanas í,” arsa Antoine.
Ṫáinig a ṁáṫair isteaċ.
“A Ṁainín, a ċuid,” arsa Eiḃlín, “féaċ an bronntanas a ċuir Neans ḃeag an ṁáiġistir ċugam!”
“An dá ríriḃ?” ars’ an ṁáṫair.
“’Seaḋ,” arsa Eiḃlín. “Antoine a ṫug isteaċ ċugam anois í.”
D’ḟéaċ Antoine síos ar a ċosaiḃ agus do ġaḃ ag coṁaireaṁ na méar do ḃí orṫa.
“A ṁainín héin,” adeir an ṁáṫair, “naċ í ḃí go maiṫ ḋuit! Muise, mo ġoirm ṫú, a Neans! Raċaiḋ mé i mbannaíḃ go gcuirfiḋ an bronntanas sin biseaċ mór ar mo ċailín beag.”
Agus ṫáinig deora i súiliḃ na máṫar de ḃarr an ḃuiḋeaċais do ḃí aici de Neans ḃig mar ġeall ar gur ċuiṁniġ sí ar an leanḃ do ḃí tinn. Cé nár ḟéad sé féaċaint idir na súiliḃ ar a ṁáṫair ná ar Eiḃlín le teann náire, do ḃí áṫas ar Antoine go ndearna sé an ġoid.
Do ḃí eagla air a ṗaidreaċa do ráḋ an oiḋċe