55
de na crannaiḃ rós; é déanta d’aḋmad; ḋá stór ann; daṫ bán ar an stór íoċtair agus daṫ dearg ar an stór uaċtair; doras beag glas air; trí fuinneoga gloine air, ceann ó íoċtar agus ḋá ċeann ó uaċtar; trosgán tiġe ann, idir buird, caṫaoireaċa, leapċa, gréiṫre, agus eile; agus, arsa Antoine leis féin, féac bean uasal an tiġe ina suiḋe sa doras!
Ní ḟaca Antoine teaċ bábóige riaṁ roiṁe sin, agus dob’ iongnaḋ leis a ġleoiḋteaċt agus a ḋeise mar áilleán. Do ṫuig sé gur le cailín beag an ṁáiġistir é, le Neans ḃig. Truaġ gan a leiṫéid ag a ḋeirḃṡiúirín beag féin, ag Eiḃlín, an créatúir, do ḃí sínte ar a leabaiḋ le ráiṫe ṁóir agus í lag tinn! Truaġ gan an bábóigín féin aici! Do ċuir Antoine sainnt a ċroiḋe sa mbábóig sin d’Eiḃlín. D’ḟéaċ sé ṫar a ġualainn deis. Ní raiḃ an máiġistir ná an ṁáiġistreás le feicsin. D’ḟéaċ sé ṫar a ġualainn ċlí. Do ḃí na gasúir eile as aṁarc. Ní ḋearna sé an dara smaoineaḋ. Ṫug sé a ṡean-léim de’n sgonnsa, rug ar an mbábóig, do ṡáiṫ isteaċ fá n-a ċasóig í, d’imṫiġ leis ṫar claiḋe amaċ arís, agus do ġread leis a ḃaile.
“Tá bronntanas agam duit,” ar seisean le hEiḃlín nuair ráinig sé an teaċ. “Féaċ!” Leis sin do ṫaisbeán sé an ḃábóg di.