Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/62

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

54

“Ar ndó’, béiḋ an máiġistir agus an ṁáiġistreás anoir ar ball.”

“Cia ḟanfas le focal an ḟaire a ṫaḃairt dúinn nuair ḃéas an máiġistir ag tiġeaċt?” arsa Daraċ.

“Fanfaiḋ mise,” adeir Antoine beag Ó Mainín.

“Déanfaiḋ sin,” arsa Daraċ, “leig fead nuair ḟeicfeas tú ag fágáil na sgoile é.”

Isteaċ ṫar sgonnsa leis. Isteaċ ṫar sgonnsa leis an gcuid eile ina ḋiaiḋ.

“Fainic an gcuirfiḋe gaṫ i nduine agaiḃ,” adeir Antoine.

“Beag an baoġal,” arsa Daraċ. Agus as go bráṫ leo.

Do ṡuiḋ Antoine ar an sgonnsa agus a ċúl le bóṫar. D’ḟéadfaḋ sé an máiġistir d’ḟeicsin ṫar a ġualainn deis dá ḃfágfaḋ sé teaċ na sgoile. Ba deas an gáirdín do ḃí ag an máiġistir, dar le hAntoine. Do ḃí crainn rós agus crainn spíonán agus crainn uḃall aige. Do ḃí cloċa beaga geala aige ṫart leis an gcasán. Do ḃí cloċa móra geala ina gcarnán deas aige agus caonaċ agus duḃ-ċosaċ agus raiṫneaċ ag fás eatorṫa. Do ḃí . . . .

Do ċonnaic Antoine iongnaḋ ba ṁó ioná aon iongnaḋ dá raiḃ ag an máiġistir san ngáirdín. Do ċonnaic sé teaċín beag áluinn fá sgáṫ crainn