Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/51

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

43

BRÍĠID NA nAṀRÁN

DOB’ í Bríġid na nAṁrán an t-aṁránaiḋe ba ṁó clú dá raiḃ i Ros na gCaoraċ ní aṁáin le mo linn-se aċt le linn m’aṫar. Adeirtí go meallfaḋ sí an ċéirseaċ de’n ċraoiḃ le binneas an ċeoil do ġeall Dia ḋi, agus do ċreidfinn féin go meallfaḋ, mar is minic do ṁeall sí mise agus malraiġ naċ mé ó n-ar ndinnéar nó ó n-ar suipéar. Do ḃeinn im’ ḟear ṡaiḋḃir indiu dá mbeaḋ sgilling agam i n-aġaiḋ gaċ uaire do ṡeasas taoḃ amuiġ dá doras, ar mo ḃealaċ a ḃaile ó’n sgoil dom, ag éisteaċt le n-a cuid aṁrán, agus aduḃairt m’aṫair liom gur mion minic do rinne sé féin an cleas céadna nuair do ḃí seisean ina stócaċ ag imṫeaċt ar sgoil. Do ḃí sé mar ḃéal-oideas i measg na ndaoine