Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/43

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

35

d’ḟéaċ síos uirṫi. Do ḃí an ceann cromṫa aici.

“Ṡíl mé gur imṫiġ tú a ḃaile led’ aṫair agus led’ ṁáṫair,” ar seisean.

“D’imṫiġ, a Aṫair, aċt ċaill mé mo ċaipín agus ṫáinig mé ar ais ḋá iarraiḋ.”

“Naċ ḃfuil do ċaipín ar do ċeann?”

“Fuair mé ar an gcasán é.”

“Naċ ḃfuil t’aṫair agus do ṁáṫair imṫiġṫe an t-aiṫgiorra?”

“Tá, a Aṫair, aċt tá mise ag dul an bóṫar ionnus go mbíḋ mé leis na gasúir eile.”

“Gread leat, mar sin, nó ḃéarfaiḋ na taiḋḃsí ort.” Leis sin do leig an tAṫair Rónán uaiḋ í.

“Go dtugaiḋ Dia oiḋċe ṁaiṫ ḋuit, a Aṫair,” ar sise. Níor ċuiṁniġ sí ar a caipín do ḃaint di aċt is aṁlaiḋ d’uṁluiġ sí do’n tsagart ar nós cailín! Má ṫug an sagart an méid sin fá deara ní raiḃ am aige focal do ráḋ, mar do ḃí sí imṫiġṫe ar iompóḋ do ḃoise.

Do ḃí a ḋá gruaiḋ ar dearg-lasaḋ le náire agus í ag taḃairt aiġṫe ar an mbóṫar. Do ḃí sí tar éis ceiṫre bréaga móra do ḋéanaṁ leis an sagart! Do b’eagal léiṫi gur peacaḋ uaṫḃásaċ ar a hanam na bréaga sin. Do ḃí faitċíos uirṫi ag dul an ḃóṫair uaigniġ úd fá ḋorċadas na hoiḋċe agus an t-ualaċ sin ar a croiḋe.