Page:An mháthair agus sgéalta eile - Pearse.djvu/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

33

Anonn ṫar claiḋe léiṫi agus suas casán na sgoile. Do ċuaiḋ sí ṫart go dtí tóin an tiġe. Do ḃí na fuinneoga árd go maiṫ aċt d’éiriġ léiṫi í féin d’árduġaḋ suas go raiḃ raḋarc aici ar a raiḃ ar siuḃal taoḃ istiġ. Do ḃí an tAṫair Rónán ag laḃairt. Do stad sé, agus a Ṫiġearna! do ṫosnuiġ na daoine ag éirġe ina seasaṁ. Ba léir go raiḃ an siamsa ṫart agus go raḃṫas ċum sgaraṁna le dul a ḃaile. Céard do ḋéanfaḋ sí dá ḃfeicfiḋe í?

Do ċaiṫ sí léim ó’n ḃfuinneoig. Do sgiorr a cos uaiṫi ag teaċt anuas ar an talaṁ di agus do baineaḋ leagan aisti. Is beag nár sgread sí os árd, aċt do ċuiṁniġ sí uirṫi féin i n-am. Do ḃí a glún beagán gortuiġṫe, do ṡíl sí. Do ḃí na daoine amaċ ar ṡráid na sgoile faoi sin. Do ċaiṫfeaḋ sí fanaċt i ḃfolaċ go mbeidís ar fad imṫiġṫe. Do ḋruid sí isteaċ leis an mballa ċoṁ dlúṫ agus d’ḟéad sí. Do ċuala sí na daoine ag cainnt agus ag gáiriḋe, agus d’aiṫin sí go raḃadar ag sgaipeaḋ i ndiaiḋ a ċéile.

Céard é sin? Glórṫa daoine ag teaċt ċuici; fuaim coiscéim ar an gcasán ina haice! Is annsin do ċuiṁniġ sí go raiḃ aiṫgiorra ṫart le cúl an tiġe agus go mbeaḋ roinnt daoine ag dul an t-aiṫgiorra. B’ḟéidir go mbeaḋ a muinntir féin ag dul an bealaċ sin, mar do ḃí

C