Muintir Bhaile Átha Cliath/Lá an Éidhneáin i Seomra an Choiste

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Muintir Bhaile Átha Cliath  (2020)  by James Joyce, translated by Domhnall Nagreine
Lá an Éidhneáin i Seomra an Choiste
[ 148 ]

LÁ AN EIDHNEÁIN I SEOMRA AN CHOISTE[1]


Rácáil Sean-Jack na cnámhóga le chéile le giota cairtchláir, gur spréigh go cáiréiseach ar an chruinneagán guail a bhí ag dul i leith na báine. Ar gclúdach an chruinneagáin ar éigean le screamh cnámhóg dó, shlog an dorchadas é ach, ar gcromadh a shéideadh na tine arís eile dhó, dhreap a scáil an balla laistiar de agus tháinig a aghaidh chun solais arís de réir a chéile. Ba aghaidh seanfhir í, í cnámhach ribeach amach is amach. Chaochadar an dá shúil thais ghorm ar an tine agus thit an béal tais ar leathadh anois is arís, agus chogain go meicniúil nuair a dhún sé uair nó dhó. Nuair a lasadar na cnámhóga, leag sé an píosa cairtchláir i gcoinne an bhalla, gur lig osna agus dúirt:

“Tá sé níos fearr anois, a Mhister O’Connor.”

An t-Uasal Uí Conchobhair, stócach liath, ar chuir an iomad balscóidí agus goiríní a dhreach ó dhealramh, bhí tar éis rolladh toitín ach scaoil a ealaíon go smaointeach nuair a cuireadh araoid air. Ansin thosaigh a rolladh arís go smaointeach agus tar éis nóiméad machnaimh, thogair an páipéar a fhliuchadh.

“An ndúirt Mister Tierney cathain a fhillfidh?” a d’fhiafraigh de ghlór phiachánach cuaiche.

“Ní dúirt.” [ 149 ]Chuir Mr O’Conner an toitín ina bhéal agus chuaigh i mbun púitseála ina phócaí. Tharraing paca cártaí seanga cairtchláir amach.

“Gheobhad lasán duit,”, a dúirt an seanfhear.

“Ná bac, déanfaidh sé seo cúis,” a dúirt Mr O’Connor.

Thóg ceann de na cártaí gur léigh:


TOGHCHÁIN BHARDASACH
ROYAL EXCHANGE WARD[2]

Mister Richard J. Tierney, P.L.G.,[3] iarrann do vóta go humhal urramach sa toghchán seo chugainn sa Royal Exchange Ward.


Is amhlaidh gur fostaíodh Mr O’Connor le gníomhaire An Tighearnaigh chun dhéanamh stocaireachta ar thaobh amháin den bharda ach, ó bhí an aimsir salach agus ó lig a bhuataisí uisce isteach, chaith sé an chuid is mó den ló ina shuí cois tine i Seomra an Choiste i gcuideachta Jack, an sean-airíoch. Bhíodar ina suí ansin ó chrónaigh an lá gearr. An séú lá de Mhí Dheireadh Fómhair a bhí ann agus bhí sé fuar agus gruama lasmuigh.

Bhain Mr O’Connor stiall den chárta go ndearna lasán de agus dhearg a thoitín leis. Ag deargadh a thoitín dó, shoilsigh an lasán an eidhneán dorcha snasta ar liopa a chóta. Bhreathnaigh an seanfhear go dícheallach air, gur ansin phioc suas an píosa cairtchláir arís agus shéid faoin tine arís fad is a chaith a chomrádaí gal. [ 150 ]“Á, go deimhin,” a dúirt agus é ag séideadh leis an chairtchlár, “ní léir conas páistí a thógáil. Anois, cé a cheapadh go mbeadh críoch mar sin air! Chuireas chun na mBráithre Críostaí é agus rinneas mo dhícheall ina thaobh, agus féach é ag imeacht le drabhlás. Thriallas duine ionraic modhúil ar dhóigh éigean a dhéanamh dhe.

Leag sé an cairtchlár go tuirseach.

“Murach gur seanfhear anois mé d’athróinn a phort do. Ghabhfainn den bhata ar a dhroim agus leadróinn é a fhad a bheadh seasamh ionaim – faoi mar a rinneas go hiomaí roimhe seo. An mháthair, an bhfuil ‘fhios agat, déanann peataireacht air le seo agus siúd...”

“Is é sin a mhilleas páistí,” a dúirt Mr O’Connor

“Milleann, cinnte,” a dúirt an seanfhear. “Agus is beag buíochas orm aige, ach sotal. Téann chun cinn orm nuair a fheiceas go bhfuil braon ólta agam. Céard atá ag teacht ar an tsaol nuair a labhras mic lena n-athair mar sin?

“Cén aois é?”, a d’fhiafraigh Mr O’Connor.

“Naoi mbliana déag,” ar an seanfhear.

“Cad chuige nach gcuirir i gceann ruda éigin é?”

“Go deimhin, nach bhfuilim sáite as an phótaire spreasánta i dtólamh ó d’fhág sé an scoil? “Ní choinneod do do chothú,” a deirim. “Chaithfir fháil posta dhuit féin.” Ach, Muise, is measa é nuair a fhaigheas sé post; ólann gach a thuilleas.

Chroith Mr O’Connor a cheann a chásamh leis, agus stán an seanfhear ar an tine gan focal eile as. D’oscail duine éigean an doras gur ghlaoigh:

“Halló! An cruinniú Máisiún é seo?”[4] [ 151 ]“Cé atá ann?” a deir an seanfhear.

“Cad chuige go bhfuilir sa dorchadas?” a d’fhiafraigh an guth.

“An tusa atá ann, Hynes?” a d’fhiafraigh Mr O’Connor.

“Is mé. Cad chuige go bhfuilir sa dorchadas?” a dúirt an t-uasal Uí hEidhin agus é ag druidim le solas na tine.

Fear óg ard agus caol le croiméal buí-dhonn a bhí ann. Bhí braonta báistí ar crochadh thar imeall a hata agus bhí cába a sheaicéid iompaithe suas aige.

“Halló, Mat,” a dúirt sé le Mr O’Conner, “cad é mar atá ag éirí leat?”

Chroith Mr O’Connor a cheann. D’éirigh an seanfhear ón tine agus, tar éis ladhrála timpeall an tseomra dhó, d’fhill le dhá choinneal a lasadh sa tine ceann i ndiaidh a chéile, gur rug chuig an tábla iad. Tháinig seomra lom chun solais agus chaill an tine a luisne chroíúil. Ní raibh aon rud ar na ballaí cé is moite de chóip óráide toghcháin. I lár an tseomra bhí tábla beag ar a raibh carn páipéar.

Sheas Mr Hynes i gcoinne an mhatail agus d’fhiafraigh: “Nár íoc sé go fóill sibh?”

“Níor íoc,” a dúirt Mr O’Connor. “Tá súil agam ó Dhia nach bhfágfaidh sé ar an talamh tirim sinn anocht.”

Rinne Mr Hynes smiota gáire.

“Ó, íocfaidh. Bí cinnte dhe,” a dúirt.

“Tá súil agam nach ndéanfaidh moill leis má tá dáiríre faoi,”, a dúirt Mr O’Connor. [ 152 ]“Céard a cheapair-se, Jack?” a dúirt Mr Hynes go magúil leis an tseanfhear.

“Ní hé nach bhfuil sé aige ar aon chuma. Ní hionann is an tincéir eile,” a dúirt an seanfhear, ag filleadh ar a chathaoir dó.

“Cén tincéir eile?” a dúirt Mr Hynes.

“Colgan,” a dúirt an seanfhear go tarcaisneach.

“An de bhrí gur fear oibre Colgan a deirir sin? Cad é an difríocht idir bríceadóir maith ionraic agus tábhairneoir – ha? Nach bhfuil an oiread céanna cirt ag fear oibre ar bhallraíocht sa Corporation le haon duine eile, go deimhin, nach bhfuil níos mó cirt aige uirthi ná ag na Seoiníní sin a shléachtas d’aon duine a mbíos teideal aige. Nach fíor dom, Mat?” a dúirt Mr Hynes, agus é ag díriú a chuid cainte ar Mr O’Connor.

“Sílim gur fíor duit,” ar Mr O’Connor.

“Duine amháin díobh, is duine ionraic simplí gan lúitéis ag baint leis. Gníomhaíonn thar cheann an lucht oibre. An ceann seo a n-oibrír-se dhó, níl uaidh ach post éigean dó féin.”

“Gan dabht ní mór labhairt ar son an lucht oibre,” ar an seanfhear.

“An fear oibre,” ar Mr Hynes, “eisean a fhaigheas cuid Pháidín den mheacan i gcónaí. Ach is obair a chuireas gach aon rud i gcrích. Níl an fear oibre ag dréim le poist mhóra mhillteacha dá mhic, nianna, chol cheathrara agus eile. Ní tharraingeoidh an fear oibre clú Átha Cliath tríd an láib a sodar i ndiaidh monarc Gearmánaigh.”[5]

“Conas sin?” a dúirt an seanfhear. [ 153 ]“Nach bhfuil a fhios agat gur mian leo aitheasc fáilte a chur roimh Edward Rex má thagann anseo an bhliain seo chugainn. Cén fáth go bhfuilimid ag lústar le rí allúrach?”

“Ní thabharfaidh ár bhfear a ghuth ar son an aithisc,”, ar Mr O’Connor. “Taobhaíonn le clár an Náisiúnachais.”

“Nach dtabharfaidh?” ar Mr Hynes. “Fan go bhfeicfir. Tá aithne agam air. An Tricky Dickey Tierney atá i gceist?”

“Dar m’anam! B’fhéidir go bhfuil an ceart agat, Joe,” ar Mr O’Connor. “Ar aon chuma, tá súil agam nach loicfidh orainn ó thaobh an airgid atá dlite dhúinn.”

Thost an triúr. Chrom an seanfhear a chruinniú thuilleadh cnámhóg. Bhain Mr Hynes de a hata, chroith é agus d’fhill cába a chóta, gur nocht duilleog eidhneáin air.

“Dá mba beo an fear seo,” ar sé, agus é ag síneadh a mhéire ar an duilleog, “ní beadh aon chaint ar óráid fháilte ann.”

“Is fíor sin,” ar Mr O’Connor.

“Muise, mo ghraidhin an aimsir úd!” ar an seanfhear. “Bhí beocht éigean inti.”

Tháinig tost ar an tseomra arís. Ansin d’oscail fear beag bíogúil le cluasa ró-dhearga, d’oscail an doras de phreab. Sciurd anall chuig an tine agus é ag smaoisíl ag an fhuacht agus ag cuimilt a lámha lena chéile mar a bheadh ag iarraidh aithinne a bhaint astu.

“Diabhal airgid, a bhuachaillí,” ar sé.

“Suigh síos anseo, a Mhister Henchy,”[6] ar an seanfhear, a thairiscint a chathaoireach. [ 154 ]“Ó, ná corraigh thú féin, Jack, ná corraigh,” ar an t-Uasal Uí hAonghusa.

Chroith a cheann go giorraisc ar Mr Hynes agus bhuail faoi sa chathaoir a d’fhág an seanfhear.

“Ar fhreastalais ar Shráid Aungier?” a d’fhiafraigh de Mr O Connor.

“D’fhreastalas,” ar Mr O Connor agus thochail a phócaí ag lorg meabhrán dó.

“Ar thugais cuairt ar Grimes?”

“Thugas.”

“Agus cad é an taobh a bhfuil sé leis?”

“Ní thabharfadh a fhocal leis. Is ea a dúirt: ‘Ní inseod d’aon duine cén chaoi a vótálfad.’ Ach measaim go mbeidh sé ceart go leor.”

“Cén fáth?”

“D’fhiafraigh dhíom cé hiad na moltóirí: agus d’insíos dó. Luas ainm an Athar Burke. Measaim go mbeidh sé ceart go leor.”

Thosaigh Mr Henchy ag smaoisíl agus ag cuimilt a lámha lena chéile de luas mire. Ansin dúirt:

“As ucht Dé leat, Jack, agus faigh roinnt bheag guail. Ní mó ná tá cuid éigin ann fós.”

D’imigh an seanfhear ón tseomra.

“Is cath caillte é,” ar Mr Henchy, ag croitheadh a chinn dó. “D’iarras ar mhaidrín lathaí, ach is éard a dúirt: ‘Arú, anois, Mr Henchy, nuair a fheicim obair á déanamh mar is cóir, ní dhearmadfad thú, ná bíodh imní ort.’ An tincéir sprionlaithe! Muise, nach é is dúchas dó?”

“Céard a dúras leat, Mat?” ar Mr Hynes. “Tricky Dicky Tierney.” [ 155 ]“Ó, duine níos slime ní bhfaighfeá,” ar Mr Hynes. “Ní gan ábhar na súile beaga muice sin aige. Mallacht Dé air! Nach bhféadfadh sé íoc a bhfuil tuillte dhúinn mar a dhéanfadh fear, in áit: ‘Ó, anois, Mr Henchy, caithfead labhairt le Mr Fanning... Tá a lán airgid caite agam’? An snasairín bróg suarach buí! Ní bheidh ifreann lán go dté sé ann! Déarfainn go bhfuil sé dearmadta aige an tráth ba shiopadóir seanéadaí ar Lána Mhuire a athairín cranda.”

“Ach an fíor sin?” a d’fhiafraigh Mr O Connor.

“Go deimhin féin, is fíor,” ar Mr Henchy. “Nár chualais sin riamh? Agus théadh na fir isteach maidin Domhnach sula mbíodh na tithe ar oscailt a cheannach veiste nó treabhsair – mar dhia! Ach bhíodh tricky buidéal beag dubh thuas i gcoirnéal ag athairín Tricky Dicky i gcónaí. An dtuigir? Sin sin. Is ann a d’fhoghlaim seisean a cheird.”

D’fhill an seanfhear le cúpla cloch guail gur leag anseo is ansiúd ar an tine iad.

“Nach deas an scéal sin,” ar Mr O’Connor. “Conas atá sé ag brath ar obair uainn mura gcuireann a lámh ina phóca?

“Níl neart agam air,” ar Mr Henchy. “Is dóigh liom go mbeidh na báillí sa halla nuair a bhainim mo bhaile amach.”

Rinne Mr Hynes gáire agus, ag brú é féin amach ón mhatal lena ghuaillí dhó, chuir gothaí imeachta air féin.

“Beidh sé ceart go leor nuair a thiocfaidh King Eddie,” ar sé. Well, a bhuachaillí, buailfead bóthair go ceann tamaill. Feicfead ar ball sibh. ’Bye, ’bye.

Shiúl go mall ón tseomra. Ní dúirt [ 156 ]ceachtar díobh Mr Henchy ná a seanfhear dada ach, agus an doras ag dúnadh, Mr O’Connor, a bhí ag stánadh go dúnárasach ar an tine roimhe sin, ghlaoigh go tobann air”

“’Bye, Joe.”

D’fhan Mr Henchy cúpla nóiméad sular chlaon a cheann ar an doras.

“Insighí dhom,” ar sé ón taobh eile den tine, “cad a sheolas ár gcara anseo? Céard atá uaidh?”

“Muise, Joe bocht!” a deir Mr O’Connor, ag caitheamh a thoitín sa tine dhó, “tá sé ar an ghannchuid, fearacht gach aon duine eile againn.”

Rinne Mr Henchy cáithíl fhada gur chaith an oiread seile sa tine gur dhóbair nár mhúch an tine, a lig siosarnach fhraochta aisti.

“Déanta na fírinne”, ar sé, “is é mo bharúil gur fear ón taobh eile é. Brathadóir Colgan, dar liomsa. ‘Buail isteach chucu agus déan iarracht fáil amach cad é mar atá ag éirí leo. Ní bheid in amhras ort.’ An dtuigeann sibh?”

“Á, is duine gnaíúil é Joe bocht,” ar Mr O’Connor.

“Ba dhuine gnaíúil cóir a athair,” a d’admhaigh Mr Henchy. “Sean-Larry Hynes bocht! Is iomaí soilíos a rinne do dhuine lena ré! Ach is oth liom a rá nach ór naoi gcarat déag ár gcara. Go deimhin féin, tuigim duine a bheith gan cianóg rua, ach is é an rud nach dtuigim, súdaireacht. Nach bhféadfadh é féin a iompar mar a dhéanfadh fear?”

“Ní chuirimse céad míle fáilte roimhe nuair a thagas,” ar an seanfhear. “Oibríodh sé dá [ 157 ]thaobh féin i leaba teachta anseo a spiaireacht.”

“N’fheadar,” ar Mr O’Connor go héiginnte agus é ag baint thobac agus dhuilleoga toitín amach. “Sílim gur fear ionraic Joe Hynes. Tá sé cliste leis, i mbun peannaireachta. An gcuimhin leat an rud a scríobh...?”

“Tá cuid den lucht sléibhe agus de na Fíníní ró-ghlic dar liomsa,” ar Mr Henchy. An bhfuil a fhios agaibh céard é mo bharúil rúnda féin ar chuid de na cleasaithe beaga seo? Measaim go bhfuilid ina phóca ag an Chaisleán.”

“Ní fios d’aon neach beo,” a deir an seanfhear.

“Ó ach is fios dom go cinnte gur fíor é,” ar Mr Henchy. “Is giollaí an Chaisleáin iad... ní áirím Mr Hynes... an diabhail más é, measaim go bhfuil seisean pas beag níos fearr ná sin... Ach tá firín uasal camshúileach áirithe ann... an aithníonn sibh an tírghráthóir atá i gceist agam?”

Sméid Mr O’Connor a cheann.

“Sin sliocht díreach Major Sirr[7] duit más é do thoil é! Ó, tírghráthóir cráifeach! Sin ceann a dhíolfadh a thír ar thoistiún – dhíolfadh – agus théadh ar a dhá ghlúin a ghabháil buíochais le Críost Uilechumhachtach go raibh tír le díol aige.”

Bualadh an doras.

“Tar isteach!” a dúirt Mr Henchy.

Tháinig fear sa doras a raibh cosúlacht sagairt nó aisteora boicht air. Bhí a éadaí bána fáiscthe go dlúth um a chorp giortach ag cnapaí agus níor léir an bóna sagairt nó tuata a bhí air óir bhí [ 158 ]cába a chasóg eireabaill gioblaí, a raibh scáil sholas na coinnle sna cnapaí nochta, bhí sé crochta suas thar a mhuineál. Bhí babhlaer d’fheilt dhubh chrua á chaitheamh aige. A aghaidh, a raibh braonta drithlíneacha báistí greamaithe léi, bhí dealramh cáise buí taise uirthi. D’oscail sé a bhéal an-fhada go tobann a chur a dhíomá in iúl agus agus san am chéanna leathnaigh a shúile ghorma fíor-lonracha le teann áthais agus iontais.

“Ó Father Keon!” a deir Mr Henchy ag léim aníos dá chathaoir dó. “An tusa atá ann? Tar isteach!”

“Arú, no, ní dhéanfad!” ar an t-Athair Mhic Eoghain go grod agus é ag crapadh a liopaí mar a bheadh ag labhairt le páiste.

“Nach dtiocfair isteach go suífir síos?”

No, no, ní dhéanfad!” ar Father Keon de ghuth chiúin bhog. “Ná théim sa bhealach oraibh anois! Nílim ach ag dul ar lorg Mr Fanning... ”

“Tá sé thall sa Black Eagle,” ar Mr Henchy. “Ach nach dtiocfá isteach a shuí síos nóiméad?”

“No, nó, go raibh maith agat. Ní raibh ann ach ceist bheag gnó,” ar Father Keon. “Go raibh míle maith agat.”

Chúlaigh sé ón doras gur rug Mr Henchy ar cheann de na coinnle agus chuaigh anonn chuig an doras a shoilsiú a shlí síos staighre dhó.

“Ó, impím ort, ná buair thú féin leis!”

“Ach, tá an staighre an-dorcha.”

“No, nó, feicim an bealach... Go raibh míle maith agat.”

“An bhfuilir ceart go leor anois?” [ 159 ]thaobh féin i leaba teachta anseo a spiaireacht.”

“N’fheadar,” ar Mr O’Connor go héiginnte agus é ag baint thobac agus dhuilleoga toitín amach. “Sílim gur fear ionraic Joe Hynes. Tá sé cliste leis, i mbun peannaireachta. An gcuimhin leat an rud a scríobh...?”

“Tá cuid den lucht sléibhe agus de na Fíníní ró-ghlic dar liomsa,” ar Mr Henchy. An bhfuil a fhios agaibh céard é mo bharúil rúnda féin ar chuid de na cleasaithe beaga seo? Measaim go bhfuilid ina phóca ag an Chaisleán.”

“Ní fios d’aon neach beo,” a deir an seanfhear.

“Ó ach is fios dom go cinnte gur fíor é,” ar Mr Henchy. “Is giollaí an Chaisleáin iad... ní áirím Mr Hynes... an diabhail más é, measaim go bhfuil seisean pas beag níos fearr ná sin... Ach tá firín uasal camshúileach áirithe ann... an aithníonn sibh an tírghráthóir atá i gceist agam?”

Sméid Mr O’Connor a cheann.

“Sin sliocht díreach Major Sirr[8] duit más é do thoil é! Ó, tírghráthóir cráifeach! Sin ceann a dhíolfadh a thír ar thoistiún – dhíolfadh – agus théadh ar a dhá ghlúin a ghabháil buíochais le Críost Uilechumhachtach go raibh tír le díol aige.”

Bualadh an doras.

“Tar isteach!” a dúirt Mr Henchy.

Tháinig fear sa doras a raibh cosúlacht sagairt nó aisteora boicht air. Bhí a éadaí bána fáiscthe go dlúth um a chorp giortach ag cnapaí agus níor léir an bóna sagairt nó tuata a bhí air óir bhí [ 160 ]“Cad chuige nár chuiris i gcuimhne dhó é?” a dúirt Mr O’Connor.

“Go deimhin, ní fhéadfainn dul anonn chuige agus é ag caint le Alderman Cowley. D’fhanas gur tharraingeas a shúil orm agus dúras: ‘Maidir leis an ábhar beag sin a rabhas a caint leat faoi...’ ‘Beidh sé sin i gceart, Mr H.,’ a deir sé. Dhera, is amhlaidh go bhfuil dearmad glan déanta air ag an dailtín.

“Tá uisce faoi thalamh sa cheantar sin,” a dúirt Mr O’Connor go smaointeach. “Chonaiceas an triúr díobh ag cur is ag cúiteamh le chéile faoi rud éigin inné ar choirnéal Shráid Suffolk.

“Sílim go bhfuil a fhios agam céard atá ar bun acu,” ar Mr Henchy. “Ní mór duit bheith i bhfiacha ag seanóirí na Comhairle más mian leat go dtoghfar i d’Ardmhéara thú. Ansin déanfaid Ardmhéara dhíot. Ambaiste! Ba cheart domsa dul i mo sheanóir Comhairle. Céard a cheapthaoi? An bhfuil ábhar Ardmhéara ionaim?”

Rinne Mr O’Connor gáire.

“Tá, ó thaobh fhiacha airgid...”

“Do mo thiomáint amach as Tigh an Ardmhéara,” ar Mr Henchy, “mé gléasta go péacógach, agus Jack ina sheasamh taobh thiar díom is bréagfholt púdrach air – há?”

“Agus déan rúnaí pearsanta agat díomsa, John.”

“Déanfad, agus fostód Father Keon mar shéiplíneach pearsanta agam. Beimid inár gcóisir cheart.”

“Dar mo choinsias, Mr Henchy,” a dúirt an seanfhear, “bheadh níos mó galántachta ag baint leatsa ná ag cuid díobh. Bhíos ag caint lá amháin le sean-Keegan, an doirseoir. ‘Agus conas a thaitníos do mháistir nua leat, Pat?’ ar mise leis. ‘Ní bhíonn mórán fáiltithe [ 161 ]le déanamh agat anois ,’ a deirim leis. ‘Fáiltiú!’ ar sé. ‘Mhairfeadh seisean ar bholadh cheirt olla.’ Anois, dar mo bhriathar níor chreideas é.”

“Céard?” a dúirt Mr Henchy agus Mr O’Connor.

“Is éard a dúirt sé liom: ‘Cad é do bharúil faoi Ardmhéara Átha Cliath ag cur duine faoi choinne phunt gríscíní dá dhinnéar? ‘Sin rabairne dhuit!’ ar sé. ‘Muise! Muise,’ a deirim. ‘Punt gríscíní,’ a deir sé, ‘ag teacht chuig Teach an Ardmhéara.’ Muise!’ ar mé, ‘cén chineál daoine againn ar chor ar bith anois?’”

Ansin bualadh an doras, agus chuir buachaill a cheann isteach.

“Cad é?” a dúirt an seanfhear.

“Ón Black Eagle,” ar an buachaill, ag siúl de leataobh isteach dhó gur leag an ciseán ar an urlár le cling buidéal.

Chuidigh an seanfhear leis an bhuachaill a aistriú na mbuidéal ón chiseán don tábla gur ríomh an t-iomlán. Tar éis an aistrithe chuir an buachaill an ciseán faoina láimh gur iarr:

“Aon bhuidéal?”

“Cén buidéal?” ar an seanfhear.

“Nach ligfeá dhúinn a n-ól ar dtús?” ar Mr Henchy.

“Dúradh liom iarradh na mbuidéal.”

“Tar ar ais amárach,” ar an seanfhear.

“Gabh i leith, a bhuachaill!” ar Mr Henchy, an ngabhfair anonn go O’Farrell faoi dhéin iasacht corcscriú – do Mr Henchy, abair. Inis dó nach mbeidh sé dhá mheandair againn. Fág an ciseán ansin.” [ 162 ]D’imigh an buachaill agus thosaigh Mr Henchy ag cuimilt a lámh lena chéile go meanmnach, ag rá dhó:

“Á, well, níl sé chomh dona sin i ndeireadh na dála. Fear dá fhocal é, ar aon chuma.”

“Níl timbléir againn,” a dúirt an seanfhear.

“Ó, ná cuireadh sin buaireamh ort, Jack,” ar Mr Henchy. “Is iomaí fear maith a d’ól ón bhuidéal roimhe seo.”

“Ar aon nós, tá sé níos fearr ná dada,” ar Mr O’Connor.

“Ní hé is measa,” ar Mr Henchy, “ach amháin go bhfuil faoi chomaoin ag Fanning. Tá a chroí san áit cheart, an bhfuil a fhios agaibh, ina dhóigh shuarach fhéin.”

Tháinig an buachaill ar ais le corcscriú. D’oscail an seanfhear trí bhuidéal agus bhí sé ar tí thabhairt an corcscriú ar ais nuair a dúirt Mr Henchy leis an bhuachaill:

“Ar mhaith leat deoch, a bhuachaill?”

“Más é do thoil é, a dhuine uasail,” a dúirt an buachaill.

D’oscail an seanfhear buidéal eile go doicheallach, agus thug don bhuachaill.

“Cén aois thú?” a cheistigh sé.

“Seacht mbliana déag,” ar an buachaill.

De bhrí nach ndúirt an seanfhear aon cheo eile, ghlac an buachaill an buidéal agus dúirt: “Go raibh céad maith agat, a dhuine uasail,” le Mr Henchy, gur dhiúg a raibh ann, chuir an buidéal ar ais ar an bhord agus chuimil a bhéal lena mhuinchille. Ansin thóg an corcscriú agus chuaigh de leataobh amach an doras, ag rá ceiliúrtha de shaghas éigin faoina fhiacla dhó.

“Sin mar a thosaíos sé,” a dúirt an seanfhear. [ 163 ]“Ceann caol na dinge,” ar Mr Henchy.

Dháil an seanfhear an trí bhuidéal a d’oscail agus d’ól na fir in éidí uathu. Iar n-ól dóibh leag gach aon a bhuidéal ar an mhatal in aice láimhe agus tharraing anáil fhada go sona sásta.

Well, rinneas lá maith oibre inniu,” a dúirt Mr Henchy, iar sos cainte.

“An mar sin é, John?”

“Sé. Fuaireas dóigh mhaith bhuaite nó dhó dhó, mise agus Crofton. Eadrainn féin, an bhfuil a fhios agat, níl Crofton (is duine ionraic é, ar ndóigh), ach níl sé thar mholadh beirte mar chanbhasálaí. Níl focal le caitheamh ar mhadra aige. Seasann sé ansin agus féachann ar dhaoine a fhad is a dhéanaim féin an chaint.”

Ag an phointe seo, chuaigh beirt fhear isteach sa tseomra. Ba dhuine an-rabhar é duine dhíobh a shílfeá go raibh a éadaí gorma saraiste i mbaol a sleamhnaithe dá chorp mhásach. Bhí aghaidh mhór ar dhealramh daimh óig aige, dhá shúil leamha gorma agus croimbéal bricliath. An fear eile, a bhí i bhfad níos óige agus níos leochailí, bhí aghaidh thanaí, ghlanbhearrtha aige. Bhí cába ard dúbailte agus babhlaer le duilleog fhada á gcaitheamh aige.

“Hello, Crofton!” ar Mr Henchy leis an fhear ramhar. “Tig gach aon rud lena iomrá...”

“Cá as a tháinig an t-ól?” a d’fhiafraigh an fear óg. “Ar rug an bhó?”

“Ó, ar ndóigh, aimsíonn Lyons an t-ól ar an phointe bhoise!” a dúirt Mr O’Connor go gáireach. [ 164 ]“An mar sin dhéanas sibhse canbhasáil,” ar Mr Lyons, “agus mise agus Crofton amuigh faoin fhuacht agus bháisteach ag iarraidh vótaí?”

“Téigh i dtigh diabhail,” ar Mr Henchy, “Gheobhainn níos mó guthanna in achar chúig nóiméad ná mar a gheobhadh an bheirt dhíobhse i seachtain.

“Oscail dhá bhuidéal pórtair, Jack,” a dúirt Mr O’Connor.

“Cén chaoi?” ar an seanfhear, nuair nach bhfuil corcscriú ann?”

“Fanaighí anois, fanaighí anois!” ar Mr Henchy, ag éirí dá chathaoir go tapaigh dhó. An bhfacabhair an cleas beag seo riamh?”

Thóg sé dhá bhuidéal ón bhord, agus, arna n-iompar chuig an tine, chuir ar an bhac. Ansin shuigh síos arís agus bhain slog eile dá bhuidéal. Shuigh Mr Lyons síos ar imeall an tábla, bhrúigh a hata siar go cúl a chinn agus thosaigh ag luascadh a chos.

“Cé dhíobh mo bhuidéalsa?” a d’fhiafraigh.

“Éistighí an garsún seo,” ar Mr Henchy.

Shuigh Mr Crofton síos ar bhocsa agus stán ar an bhuidéal eile ar an iarta. D’fhan sé ina thost ar dhá chúis. An chéad-chúis, agus ba leor sin mar chúis, ní raibh dada le rá aige; an dara chúis, mheas nach raibh a chompánaigh sách maith dhó. Bhíodh sé ina strucálaí do Wilkins, an Coimeádach, ach nuair a tharraing na Coimeádaigh a fhear amach agus, ag tógáil an rogha is fearr den dá dhíoga dhóibh, thugadar a dtacaíocht don iarrthóir Náisiúnach, cuireadh seisean ag obair thar cheann Mr Tierney. [ 165 ]Tar éis chúpla nóiméad rinneadh torann leithscéalach “Poc!” ag preabadh don chorc ó bhuidéal Mr Lyons.

“D’insíos dóibh anois beag, Crofton,” a dúirt Mr Henchy, “go bhfuaireamar roinnt mhaith guthanna inniu.”

“Cé a fuaireabhair?” ar Mr Lyons.

“Is ea, duine amháin a fuaireas, Parkes, duine eile ná Atkinson, agus fuaireas Ward Shráid Dhásain. Seanbhuachaill breá é freisin – seanridire galánta cruthanta, sean-Choimeádach! ‘Ach nach Náisiúnach é bhur n-iarrthóir?’ a deir sé. ‘Fear creidiúnach é,’ a dúrasa. ‘Tá sé i bhfabhar pé ruda atá ina leas don tír seo. Is íocóir mór rátaí é,’ ar mise. ‘Tá gabháltas mór tithe sa chathair agus trí ionad gnó aige agus nach chun a leasa féin é coinneáil na rátaí go híseal? Is saoránach mór le rá é a bhfuil meas an phobail air,’ a dúras, ‘agus ball den Bhord Bardachta, agus ní bhaineann le páirtí ar bith, dubh, bán ná riabhach. Sin an dóigh é le labhairt leo.”

“Agus céard faoin aitheasc fáilte don rí?” ar Mr Lyons, tar éis dó ól dá bhuidéal agus tar éis flaspaíola dhó.”

“Éist liom,” a dúirt Mr Henchy. “Is éard atá de dhíobháil orainn sa tír seo, mar a dúras le Sean-Ward, caipiteal. Tiocfaidh meall mór airgid isteach sa tír seo mar gheall ar theacht an rí anseo. Rachaidh sé chun tairbhe saoránach Átha Cliath. Féach a liacht monarchan thíos ag na céanna ansin, agus iad díomhaoin! Féach an méad mór airgid atá sa tír ach cur ar siúl na sean-tionscal, na muilte, na longcheártaí [ 166 ]agus na monarchana. Airgead atá de dhíobháil orainn.”

“Ach, éist uaim, John,” a dúirt Mr O’Connor. “Cad is call dúinn cur fáilte roimh Rí Shacsana. Nach ndúirt Parnell féin...”[9]

“Tá Parnell,” a dúirt Mr Henchy, “marbh. Anois, seo mo dhearcadh air. Diúlach a tháinig i gcoróin tar éis a coinneála uaidh go raibh sé liath ag a mháthair.[10] Is fear a thuigeas an saol é, agus tá deá-mhéin aige dhúinn. Is fear breá lách é, de réir mo bharúla, agus níl aon áiféis ag baint leis. A deir sé leis féin: ‘Níor thug an tseanchailleach cuairt ar na hÉireannaigh fiáine riamh. Dar Chríost, rachadsa anonn a chur aithne orthu.’ Agus an bhfuilimidne ag tionscnamh a mhaslaithe nuair a thagas sé anseo ar cuairt cairdis? Ea? Nach fíor sin, Crofton?”

Chlaon Mr Crofton a cheann.

“Ach i ndeireadh na dála,” ar Mr Lyons go haighneasach, “níl saol an Rí Edward, an bhfuil fhios agat, ní sé thar a bheith...”

“An rud atá thart bíodh thart,” a dúirt Mr Henchy. “Ó mo thaobh féin de, tá an-mheas agam air. Is gnáth-pheacach an tsaoil é, fearacht tusa agus mise. Tá dúil aige i ngloine óil agus is cineál bhuachaill báire é,[11] b’fhéidir, agus is fear mór spóirt é. As ucht Dé, nach bhfuil cothrom na Féinne ionainn sa tír seo?”

“Tá go breá,” a dúirt Mr Lyons. “Ach féach cás Parnell anois.”

“As ucht Dé,” a dúirt Mr Henchy, “ach céard í an chosúlacht idir an dá chás?” [ 167 ]“Is éard is ciall leis agam,” ar Mr Lyons, “tá idéalaithe againn. Cén fáth an gcuirfimis fáilte roimh fhear mar sin? An gceapair anois, tar éis a rinneamar, gur cheannaire feiliúnach é Parnell orainn?[12] Agus cén fáth, mar sin an bhfáilteoimis roimh Edward VII anois?”

“Seo lá cuimhneacháin Parnell,” ar Mr O’Connor, “agus ná músclaímis faltanas. Tá meas ag an uile dhuine anois air ó tá sé marbh agus curtha – go fiú ag na coimeádaigh,” a dúirt sé, ag casadh i dtreo Mr Crofton dó.

Pac! Phreab an corc déanach as buidéal Mr Crofton. D’éirigh an Croftonach dá bhocsa agus chuaigh anonn don tine. Arna theacht ar ais dó, dúirt de dhorghlór:

“Tá meas ag ár dtaobh-sa den tigh air, mar gur dhuine uasal é.”

“Is fíor duit, Crofton!” a dúirt an t-Aonghusach go díocasach. Eisean an t-aon fhear a raibh i gcumas bhaint cirt as an mhála cat sin. ‘Síos as sin, a mhaistíní! Luíghí fúibh, a scraimínigh!’ Sin an dóigh a chaith sé leo. Tar isteach, Joe! Tar isteach a ghlaoigh sé, ar feiceáil Mr Hynes sa doras.

Tháinig Mr Hynes isteach go mall.

“Oscail buidéal eile pórtair, Joe,” ar Mr Henchy. Ó, mo dhearmad, níl corcscriú againn! Gabh anseo, tabhair ceann díobh dhomh go gcuirfead ag an tine é.”

Thug an seanfhear buidéal eile dhó gur chuir seisean ar an iarta é.

“Buail fút, Joe,” a dúirt Mr O’Connor, “anois díreach a bhíomar ag plé an Cheannasaí.” [ 168 ]“Is é, go deimhin!” ar Mr Henchy.

Shuigh Mr Hynes síos ar chorr an tábla i bhfogas Mr Lyons ach d’fhan ina thost.

“Seo duine dhíobh, ar aon chuma,” a dúirt Mr Henchy, “nár thréig é. Muise, déarfad an méad seo i do thaobh, Joe! Arú, ambaiste, d’fhanais dílis dó mar a dhéanfadh fear!”

“Ó, Joe,” a dúirt Mr O’Connor gan choinne. “Tabhair dúinn an rud sin a scríobhais – an gcuimhnír? An bhfuil sé leat anois i do sheilbh agat?

“Sea, tabhair!” ar Mr Henchy. “Abair sin dúinn. Ar chualais sin riamh, Crofton? Éist le seo anois: rud iontach.”

“Gabh i leith,” a dúirt Mr O’Connor. “Ar aghaidh leat, Joe.”

Shílfeá nár chuimhin le Mr Hynes an aiste ar a rabhadar ag trácht ach, i ndiaidh nóiméad machnaimh, a dúirt sé:

“Ó, an rud sin an é?... Muise, tá sé sin seanchaite anois.”

“Amach leis, a fhir!” a dúirt Mr O’Connor.

“Fuistighí, fuistigh” ar Mr Henchy. “Anois, Joe!”

Rinne Mr Hynes dóbartaíl ar feadh scaithimh eile. Ansin, faoi mharbhchiúnas an tseomra, bhain de a hata, leag ar an bhord é gur sheas suas. Bhí an chuma air go raibh sé ag cleachtadh ruda éigin ós íseal. Tar éis tosta fada d’fhógair:

BÁS PARNELL
6 MEÁN FÓMHAIR 1891
Rinne cúpla casacht bheag nó gur thosaigh: [ 169 ]

Tá sé marbh. Tá ár Rí gan Choróin marbh.
A Éire, caoin go géar goirt
Mar mhilleadar é, fimíní ár linne searbh
is d’fhágadar a éagmais ort.

Tá sé sínte marbh, maraithe ag an chonairt chladhartha
a thóg seisean ón phuiteach;
is tá aisling is dóchas Éireann
táid fágtha ina gciseach.

I bpálás, i dtigh nó i mbothán
An croí Éireannach, pé áit ina bhfuil sé
tá sé brúite – óir tá Parnell sciobtha uainn
an té a chuirfeadh crot is críoch lenár ré.

Bhainfeadh cáil a Éire ionúine amach
Scaoilfeadh an brat uaine, brat a roghain.
D’ardódh a hionadaithe, baird is laoch’
os comhair súl náisiún uile an Domhain

Saoirse a bhí sé ag tnúth léi
faraor ní raibh sa tsaoirse ach aisling gheall
Rinne gach iarracht a cur chun críche
ach baineadh a aisling uaidh le fuath is feall

Mo náire na lámha meata crua
a mharaíodar a dTiarna nó le póg fhuar
a rinne scéal air le daoscarshlua
na sagart lústrach nár chairde leis iad monuar!

Go mba údar náire a gcuimhne go deo
an dream a thriall clú an ardfhir a mhilleadh.
Dream ar chaith seisean anuas orthu le gleo
an tan glórmhar úd a bhí i mbarr a réime

Thit mar thitid na tréan
Níor chaill a mhisneach is níor ghéill
Agus thug an bás féin
le chéile é le laochra Gaedheal

Ní chuireann torann comhraic isteach ar a shuain
Ina luí go socair atá: níl i mbroid

[ 170 ]

anois ag pian saolta ná aidhm aduain
Ní spreagann éagóir é atá fós le troid.

Bhí a sásamh acu: threascraíodar é.
Ach a Éire, d’fhéadfadh a anam
éirí ó na mairbh - féinics ón tine
nuair a gheallfaidh lá lena fhanaim’

Lá thugas dúinn ár Saoirse.
Ar an ló sin, fara an lúcháir,
brón amháin dhéanfaidh Éire
‘sea cuimhne Pharnell, a thit ar lár.


Shuigh Mr Hynes síos ar an tábla arís. Thit an seomra faoi thost i ndiaidh an duain agus ansin thosaigh gach aon duine ag bualadh bos: go fiú amháin Mr Lyons féin. Lean an moladh go ceann scaithimh. Nuair a chríochnaigh sé, d’ól an lucht éisteachta go léir óna mbuidéil gan focal astu.

Poc! Phreab an corc as buidéal An Eidhnigh, ach d’fhan Mr Hynes go tochtmhar ina shuí agus lasadh ina cheann nocht. Shílfeá nár airigh an cuireadh.

“Bullaí fir, Joe!” a dúirt Mr O’Connor, agus é ag baint a dhuilleoga toitín agus a spaga a cheilt an chorraithe air.

“Céard a deirir faoi sin, Crofton?” a dúirt Mr Henchy d’ard-ghlór. “Nach iontach é? Há?”

Dúirt Mr Crofton gurbh aiste filíochta den scoth é.

Gluais[edit]

  1. An Céad-Domhnach i ndiaidh 6 Mheán Fómhair. Lá cuimhneacháin ar bhás Charles Stewart Parnell (1846-91). Chaith lucht na sochraide craobhóga eidhneáin mar chomhartha comhair agus cairdis le bean Chorcach a sheol fleasc cumha den phlanda céanna agus a dúirt gurbh é sin an ofráil ab fhearr dá raibh d'acmhainn aici.
  2. Ceantar toghcháin atá suite timpeall fhoirgneamh an Royal Exchange, Sráid an Dáma (City Hall/Halla na Cathrach is ainm don fhoirgneamh sin anois).
  3. Poor Law Guardian – oifigeach a toghadh chun dul i ngleic le bochtanas, leis an mhéad airgid is lú a d’fhéadfadh.
  4. Cruinniú Máisiún: Freemasons Meeting – bhí cáil frith-Chaitliceach ar na Máisiúin in Éirinn agus ba leor freastal ar cheann dá gcruinnithe chun coinnealbháite ón eaglais Chaitliceach a tharraingt ort féin. Féach an nóta faoi in Araby.
  5. i ndiaidh monarc Gearmánaigh: Edward VII, Rí na Ríochta Aontaithe, Impire na hIndia agus Prionsa na Breataine Bige idir 1901 agus 1910. Ba de shliocht Ghearmánach a mháthair agus a athair áfach (An Bhanríon Victoria agus an Prionsa Albert). Thairis sin, ba Bhanríon agus Bhanimpire na Prúise a dheirfiúr mhór Victoria tar éis a pósta, agus choinnigh a teideal mar Bhanphrionsa ar an Ríocht Aontaithe freisin.
  6. Mr Henchy: Ó hAonghusa – as Mac Aonghusa i. Aonghus sa tuiseal ginideach. Is duine de Thuatha Dé Danann é Aonghus i mhiotas na nGael.
  7. Major Sirr: Major Henry Charles Sirr (1764-1841). Ceannaire Phóilíní Chaisleán Átha Cliath ab é, mar a bhí a athair roimhe (Town Major of Dublin an teideal oifigiúil a bhí air). Rinne sé gach cleas agus claonbheart chun a chomhthíreach a dhaoradh chun báis as Éirí Amach 1798.
  8. Major Sirr: Major Henry Charles Sirr (1764-1841). Ceannaire Phóilíní Chaisleán Átha Cliath ab é, mar a bhí a athair roimhe (Town Major of Dublin an teideal oifigiúil a bhí air). Rinne sé gach cleas agus claonbheart chun a chomhthíreach a dhaoradh chun báis as Éirí Amach 1798.
  9. Charles Steward Parnell (1846 -1891). Sloinne Sacsanach a bhaineas le sliocht uasal ó Shacsana. Ní fios don aistritheoir seo céard a dúirt Parnell i leith aon Mhonarc den Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, ba Náisiúnach Éireannach é a throid ar son neamhspleáchas na hÉireann ó rialtas na Breataine. Má ghlac sé an bealach síochánta féin le troid ar son neamhspleáchas na hÉireann (féach feachtas Home Rule), ní raibh sa mhéad sin ach an réiteach is éifeachtaí dá aidhm. Go deimhin féin, roimh a sheal i bpríosún (1881-1882) agus freisin tar éis chailliúint ghuth an mhóraimh (mar thoradh ar scannal a adhaltranais), thaobhaigh sé le grúpaí radacacha ar nós Óglaigh na hÉireann. In ainneoin chúlra choilíneach a shinsear, is cosúil go raibh an chloch sa mhuinchille aige ar Shacsana, áit ar cuireadh ar scoil é i ndiaidh cholscaradh a mhuintire. Sampla dá fhaltanas ar urlámhas Shacsana: scríobh sé litir a ghríosú leis an fheachtas cáiliúil coinnealbháite i gcoinne an Tiarna Boycott i Maigh Eó. Ní dóigh mar sin go mbeadh sé i bhfabhar theacht Edward VII go hÉirinn i 1903 dá mba fós beo é.
  10. tháinig i gcoróin tar éis a coinneála uaidh [...] ag a mháthair: chuaigh Edward VII i gcoróin in Eanáir 1901 in aois a naoi mbliana is leathchéad, i ndiaidh bhás a mháthar Victoria.
  11. is cineál bhuachaill báire é: measann starraí amháin go raibh 55 leannán aige ar a laghad ( Camp, Anthony (2007), Royal Mistresses and Bastards: Fact and Fiction, 1714–1936.). Bhí neart caidreamh aige le mná éagsúla agus é pósta (phós sé Alexandra i 1863), ach ní fios cén saghas caidrimh, mar níor labhair sé go hoscailte fúthu. Bhain Edward VII clú an scódaí amach den chéad uair i 1861 lena eachtra le Nellie Cliften in Éirinn agus é ar inlíocht mhíleata sa tír. Fuair a athair bás coicís tar éis teacht ar cuairt chuige dá sciolladh in Cambridge, rud nár mhaith a mháthair riamh dhó (w:en:Edward VII#Early adulthood).
  12. gur cheannaire feiliúnach é Parnell orainn?: Thug formhór na ndaoine droim láimhe do Parnell nuair a fritheadh amach faoina chaidreamh fada le Catherine O’Shea agus í pósta le fear eile le linn an ama sin.
  This is a translation and has a separate copyright status from the original text. The license for the translation applies to this edition only.
Original:

This work is in the public domain in the United States because it was published before January 1, 1929.


The author died in 1941, so this work is also in the public domain in countries and areas where the copyright term is the author's life plus 80 years or less. This work may also be in the public domain in countries and areas with longer native copyright terms that apply the rule of the shorter term to foreign works.

Public domainPublic domainfalsefalse

Translation:

This work is licensed under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported license.